Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 261 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, September 30, 2009 - 06:48 am: | |
Dúirt mise (i gcomhrá eile): "[an tuiseal] ainmneach (ar a gcuireann Seosamh "an t-áinsíoch/cuspóireach", ach is ionann dó siúd sa Ghaeilge agus an t-ainmneach, dar liomsa)" Tar éis dom é sin a scríobh, rith liom gurbh fhiú tús a chur le comhrá úr ar an cheist sin. Mar sin, an ann don tuiseal cuspóireach sa Ghaeilge? Feictear dom nach bhfuil difríocht dá laghad idir fhoirmeacha an ainmfhocail nó na haidiachta idir an tuiseal ainmneach agus an tuiseal cuspóireach. Níl aon difríocht eatarthu ó thaobh na gclaochluithe tosaigh ná ó thaobh fhoirm an ailt ach an oiread. An bhfuil an ceart agam? Má tá, cad chuige an t-idirdhealú idir an dá thuiseal ar chor ar bith? Tá a fhios agam go maith go mbíonn an t-idirdhealú sin úsáideach i dteangacha eile ach níl i nGaeilge mar níl aon difríocht eatarthu. Dar liomsa, ní gá go gcaithfeadh cuntas gramadaí na Gaeilge aithris a dhéanamh ar chuntas gramadaí aon teanga eile. Tá daoine i léann na Gaeilge a dhéanann an t-idirdhealú agus tá daoine nach ndéanann. Iad siúd nach ndéanann, cuireann siad "an tuiseal ainmneach" orthu araon, nó an "tuiseal comónta" uaireanta ("common case"). Cé acu is fearr? Barúil ag éinne? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 393 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, September 30, 2009 - 04:52 pm: | |
Níor ghá dul thar t.ainmneach, t.gairme agus t.ginide le réidhe an achair a thabhairt don fhoghlaimeoir Gaeilge a Mhichal. Bheadh a dhóthain ansan aige lena thabhairt go croí an chruinnis. Maireann na tuisil eile, tabharthach agus cusp./áinsíoch siocaithe tríd an teanga, agus ba cheart mic léinn ollscoile a tharraingt ina ngaobhar sa gcaoi go gcluinfimid tráchtairí na meán ag roinnt 'cláracha/aimsir an lae amárach' in áit a chlaochlú le t.ginide '.... -aigh'. (Níor theastaigh uaim a scríobh, nó bheadh daoine á shú isteach dá n-ainneoin.) Ba cheart do gach mac léinn ollscoile Gaeilge blaiseadh den tSean- agus den Mheán-Ghaeilge a dhéanamh, i mbliain deiridh na céime, chomh maith lena gcuid chláracha Nua-Ghaeilge. Déarfainn gur Luath-Gh. Chlasaiceach, nó in ollscoil amháin ar a laghad, Meán-Gh. mhall, amháín a dhéantar ar an tríú leibhéal in Éirinn. (Síleann na mic léinn iad féin gur 'Sean-Ghaeilge', mar a thugann siad uirthi, atá i gceist.) |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 263 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 04:56 am: | |
Tuigim go maireann an tuiseal tabharthach, a Sheosaimh, mar tá fianaise de le feiceáil i bhfoirm na n-ainmfhocal uaireanta (Éire > in Éirinn) agus sna claochluithe tosaigh tar éis an ailt (an t-oileán > ar an oileán). Ach ní thuigim cén dóigh a maireann an tuiseal cuspóireach. Ní fhaca mé fianaise de aon áit. An féidir leat sampla a lua? Tabhair faoi deara gur sa Ghaeilge chomhaimseartha atá suim agam. Tá mé ag iarraidh fáil amach an bhfuil gá le coincheap an tuisil chuspóirigh chun cur síos a dhéanamh ar an teanga sa lá atá inniu ann. Is ceist eile ar fad é arbh ann don tuiseal sin roimhe, agus ní chuige atá mé anois. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 395 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 06:21 am: | |
t. cusp. (tá sé ar an mbealach) isteach. t. tabh. (tá sé) istigh. t. cusp. amárach; ní imreoidh ainmfhocal roimhe aon athrú air mar gur réamhfhocal (a) móide urú (m) agus comhfhocal (bó+árach) atá ann. Scríobhtar scartha in Albain go fóill é. t. cusp. (.. na daoine) ar fad (in Éirinn) t. tabh. (.. na daoine) ar fud (na háite) I bhfoirmeacha siocaithe mar sin, a Michal, tá na díochlaonta (tabh. agus cusp.) tríd an gcaint ar fad, ag dealú na gciall éagsúil lena chéile. Ní thugaimid aon aird orthu is ní chuimhnímid orthu. Glacaimid leo mar atá siad. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 396 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 06:23 am: | |
Sioctha. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 264 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 07:19 am: | |
Hmm... Ní fheadar. Dar liomsa, is dobhriathartha iad "isteach" agus "istigh", ní ainmfhocail ná aidiachtaí iad, agus dá bharr sin, ní féidir iad a infhilleadh de réir tuisil. Cinnte, tá difríocht eatarthu, ach is difríocht séimeantaice é. Níl aon difríocht eatarthu ó thaobh na comhréire de. Ní gá coincheap an tuisil chuspóirigh (nó aon tuisil eile) a tharraingt isteach sa scéal chun an difríocht eatarthu a mhíniú. An scéal céanna sa dara sampla agat. Bíodh gur cumadh an focal "amárach" as réamhfhocal agus dhá ainmfhocal in imeacht na staire, is dobhriathar anois é agus dá bhrí sin ní bhaineann scéal na dtuiseal leis. Tuigim an argóint atá á déanamh agat maidir le "an lá amárach" a chur sa ghinideach: "tar éis an lae amárach". Ní athraíonn "amárach" go "amáraigh" toisc gur dobhriathar é seachas aidiacht. Mar sin, arís, ní gá an tuiseal cuspóireach a tharraingt isteach sa scéal. Tá an tríú sampla níos suimiúla mar tá aonaid ilfhoclacha i gceist ann seachas focail aonaracha. Fós féin, bheadh claonadh orm glacadh le "ar fad" agus "ar fud" mar aonaid ilfhoclacha a iompraíonn iad féin ar nós dá mbeadh focail aonaracha iontu ("ar fad" mar dhobhriathar, "ar fud" mar réamhfhocal ginideach) agus nach gá anailís a dhéanamh ar a struchtúr inmheánach. Na samplaí ar fad a thug tú, is foirmeacha sioctha iad go léir (mar a deir tú féin). Aontaím go bhfuil an tuiseal cuspóireach úsáideach chun míniú a thabhairt ar an dóigh ar tháinig ann dóibh. Ach, má tá tú ag iarraidh míniú a thabhairt ar an dóigh a n-iomraíonn na foirmeacha seo iad féin sa teanga chomhaimseartha, níl an tuiseal cuspóireach ag teastáil. An dtiocfá liom air sin? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 399 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 06:43 pm: | |
Tá tú ag cuimhneamh ar chuntas gramadúil a thabhairt ar an teanga don fhoglaimeoir, is dóigh liom, tharla gur ‘Gaeilge chomhaimseartha’ atá béimnithe agat. Is é laghad na gramadaí a oireann sa gcás san a Michal. Mar a luaigh mé thuas, níor ghá dul thar thrí thuiseal, t.a., t.ga., t.gin., le haghaidh lucht foghlama. Ní féidir gan tagairt don dream eile foghlaimeoirí leis, nó tá tábhacht ar leith ag baint le lucht na meán, mic léinn tríú leibhéal srl. Caithfear an teanga a thabhairt dóibh in achar ceithre bliana, am sách fada ceart go leor, ach a thabairt dóibh go críochnúil, nó imeoidh an teanga ‘bealach an gharraí’ mar a deir roinnt daoine, bíodh san go nádúrtha nó a mhalairt. Is iad na meáin a chinnfeas a bhfuil i ndán do chaon teanga, thar mar a cinneadh riamh cheana i stair an duine. Ní miste tuiscint iomlán ar an teanga a thabhairt don duine atá le roinnt blianta dá shaol a chaitheamh le ceird na Gaeilge, sna meáin nó sa teagasc. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 02, 2010 - 02:47 pm: | |
Smac_muirí, fós ní thuigim díreacht cad atá i gceist agat agus an t-idirdhealú áirithe seo faoi chaibidil. An mbeifeá in ann an difear idir an dá thuiseal a mhíniú. Ní gá comhthéacsú a dhéanamh ar an scéal, tuigim céard tá i gceist agat, ach ní thuigim go díreach an difear go fóill. Grma. |
|
|