Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 257 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 05:05 am: | |
Bíonn an-chuid cainte á déanamh ar an réamhfhocal "idir" sna graiméir, ach seo dhá cheist nár aimsigh mé freagraí orthu aon áit. Ceist 1: Nuair a bhíonn dhá ainmfhocal tar éis "idir", bíonn séimhiú orthu nó ní bhíonn, ag brath ar an chiall. Bíonn nuair is "an bheirt acu" an chiall agus ní bhíonn nuair is "sa spás eatarthu" an chaill: bhí idir bhuachaillí agus chailíní ann an bóthar idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh Tá sé sin ceart go leor, ach ní deirtear aon áit cad ba chóir a dhéanamh nuair nach bhfuil ach ainmfhocal amháin tar éis an réamfhocail. Mar sin, cé acu is ceart: caint idir c(h)airde, na bóithre idir c(h)athracha na tíre, ...? Ceist 2: Cé acu tuiseal, ainmneach nó tabharthach, a leanann an réamfhocal seo? I bhfocail eile, cé acu díobh seo atá ceart: idir Éire agus an Fhrainc, idir an t-oileán agus an bád (ainmneach) nó: idir Éirinn agus an Fhrainc, idir an oileán agus an mbád/bhád (tabharthach) Beidh mé buíoch as aon soiléiriú. Tá mé bréan de na leabhair ghramadaí ar fad sin a dhéanann iarracht an ghramadach a "shimpliú" mar ceileann siad iomlán na fírinne orm! Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8872 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 06:12 am: | |
Feictear dom go bhfuil freagra ceist 1 ag na Bráithre: 4.10 Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi réir ag an réamhfhocal idir i bhfrásaí áirithe mar idir mhná; idir dhaoine (iolra), nó idir bheag agus mhór; idir ghol agus gháire; idir chorp agus anam; idir fhuil agus chlábar ní aithneoinn é (i dteannta a chéile), ach nach séimhítear d, t ar lorg agus: idir shúgradh agus dáiríre; idir chléir agus tuath. Ach ní shéimhítear i ndiaidh idir i gcásanna eile ina léirítear - spás: idir breith is baisteadh; idir meán oíche agus maidin; idir dáil is pósadh; - idir Corcaigh agus Gaillimh - difríocht: is mór idir pingin agus punt - i gcoinne a chéile: coimhlint idir Seán agus Maitiú Mar sin, caint idir chairde, na bóithre idir cathracha na tíre [spás] |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 386 Registered: 06-2008
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 06:42 am: | |
Bail ó Dhia ort a Mhichal. Tá sé mínithe ag Aonghus romham. 1. Shéimheoinnse leis an focal aonair sin: idir chairde, idir chathracha srl. 2. Thabharfainn tuiseal áinsíoch/cuspóireach (ach gan an t-' roimh an alt a chailleadh): 'idir Éire agus an Fhrainc, idir an t-oileán ...' Tagann an méid sin, 1. agus 2., lena bhfuil molta ag an Dálach ('Lenites except in certain ....; does not affect noun preceded by article) Is maith liom an tuiseal tabharthach a chlos is a fheiceáil sa Nua-Ghaeilg, ach go stairiúil, thugadh 'eter' an t-áinsíoch/cuspóireach ina dhiaidh. Ag an gcainteoir maith, ní chloisfidh tú an tabharthach in éis an 'idir'. 'Idir Éire agus an Bhreatain' a chloisfear, agus déarfainn gur forcheartú ag cainteoirí maithe eile a thabharfas 'idir Éirinn agus an Bhreatain', má chloisfear ar chor ar bith é. Maidir leis an alt a bhfuil 'idir' roimhe, géillim don 't'. Ní bhíodh 'd' = 't' san alt áinsíoch (a n-), ach ní Sean-Ghaeilg a labhraím ná a scríobhaim, nó is beag duine a d’éistfeadh liom! Mar achoimre, caithimid, muintir na Nua-Ghaeilge, leis an alt i ndiaidh 'idir' mar Nua-Ghaeilg, ach caithimid leis an ainmfhocal i ndiaidh 'idir' mar a chaitheadh leis i bhfad siar. Níor fhéach mé an teoiric seo lena fháil amach an bhfuil sé ceart nó mícheart le focail éagsúla, ach is dóigh liom go mbeadh sé fíor ar an mórgóir ar aon chuma. Tá an tuiseal áinsíoch linn i gcónaí i gcomhchruth an tuisil ainmnigh. An cruth céanna atá ar an ainmfhocal sa dá thuiseal. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 509 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 11:42 am: | |
Bíonn an cheist chéanna idir chamáin agam minic go leor. Tá sé mínithe go h-iontach grinn agaibh. idir chamáin -> focal aonair idir chamáin mhóra agus chamáin bheaga -> raon éagsúlachta idir an camán agus an t-imreoir -> spás fisiceach idir camán agus fear -> spás fisiceach idir curaíocht na fuinseoige agus déanamh an chamáin -> spás ama Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 488 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 01:36 pm: | |
Táim chun an téad seo a chur i gcló dom féin. Go raibh maith agaibh. |
|
Mise Áine (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, September 27, 2009 - 05:37 am: | |
Mise freisin! Go raibh maith agaibh uile. A Ormondo. fuair mé an nasc seo ó do bhlag, Rann na nGág, agus táim buíoch duit. Ar scáth a chéile... |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 258 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, September 28, 2009 - 06:38 am: | |
Go raibh maith agaibh as na freagraí. Tuigim anois gurb é freagra ar cheist #1 ná séimhiú agus gurb é freagra ar cheise #2 ná ainmneach (ar a gcuireann Seosamh "an t-áinsíoch/cuspóireach", ach is ionann dó siúd sa Ghaeilge agus an t-ainmneach, dar liomsa). Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Derek Heffernan (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, September 29, 2009 - 10:26 pm: | |
Dia duit. Is ainm liom Dearg O'hEifeirnain agus ta mé in mo cónaí sa an straidbhaile beag i contana Iar Mhi i hEirreann. Ta mo la hiontach anois sim feicim an website. Níl me an-mhaith as gaelige ach ta me ag foghlaim!!! Is maith liom be ag caint do fearr no bheann, slan leat, Dearg |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 105 Registered: 01-2009
| Posted on Wednesday, September 30, 2009 - 05:32 am: | |
Táimid go léir ag foghlaim, a Dheairg. Ar aon nós, tá tú i do shaineolaí faoi na rialacha ag baint leis an réamhfhocal idir anois! Fáilte. |
|
Derek Heffernan (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 30, 2009 - 01:27 pm: | |
Lá maith agat an chilleasrach, Is oth liom a rá nach tuigim do. Ni doigh liom ta me an mhaith an ag tuigim fhocal mór ar chor ar bith. |
|
Derek Heffernan (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 01, 2009 - 09:16 am: | |
Ha Ha! Níl mé an saineolaí anois ach ní raibh mé riamh. Is ag duaisiúil mé is fearr. |
|
Patraic Bacach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 15, 2009 - 07:02 pm: | |
Dia daoibh go léir. Tá athás an domhain orm an ait seo a fheiceail. Bhuail me ar an ait seo nuair a bhi me ag buscail rud eile. Tá mé i mo conaí i lár M.eirica Theas agus mar sin níl seans agam chun aon duine a ra as Gaeilge. Tá ceist beag agam le "idir" ma ta mé ag scriobh cupla bhearsa. An bhfuil an líne seo scriofa go maith..."Idir an deor agus an deoch....." |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1159 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 16, 2009 - 05:50 am: | |
Fáilte romhat, a Phátraic! Bhí ríomh-aithne agam cúpla bliain ó shin ar Ghaeilgeoir a bhí ina chónaí san Airgintín - Coffey/Ó Cofaigh ba shloinne dó. Tá an ceart ar fad agat leis an líne seo, má tá deor áirithe agus deoch áirithe i gceist agat. Más trácht ginearálta é ar dorais agus deochanna agus deochanna an dorais agus mar sin de, mholfainn "Idir deor agus deoch." Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|