Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 482 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, September 20, 2009 - 08:47 am: | |
Bíonn an taobh seo den bhfóram ciúin ar uairibh agus rith sé liom ceist a chur oraibhse, Gaeilgeoirí cruthanta, cad iad bhur dtuairimí maidir le scéimeanna chun an teanga a chothú is a chur chun cinn in Éirinn is ar fud an domhain? B'iad na ceardchumainn fadó a bhunaigh "Coiste na bPáistí" chun scoláireachtaí chun na Gaeltachta a thabhairt do pháistí a d'fhreastalódh ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Cúrsaí a mhairfeadh tréimhse míosa a bhí i gceist an uair sin. Ghlac an Stát féin leis an smaoineamh sin ar ball agus chuir deontais ar fáil do lucht eagraithe na gcoláistí agus do na mná tí lóistín. Is cosúil go bhfuil creill an bháis ag bagairt ar an scéim sin anois i ngeall ar an lagthrá eacnamaíochta seo. Eagraíonn Gael-Linn scéim a chuireann ar chumas leanaí freastal ar bhunscoil Ghaeltachta ar feadh trí mhí. Níl a fhios agam cé mar atá ag éirí leis an scéim sin. Ba mhaith liomsa Nead Gaeilge a fheiceáil in gach baile mór agus ionadaí tofa áitiúil in gach ceantar Gaeltachta. Nead Gaeilge? Ag smaoineamh ar Áras Crónáin, Cluain Dolcáin, atáim nó Club Áras na nGael i nGaillimh nó Cultúrlann Bhéal Feirste. Áit ina mbeadh siopa leabhar, tae nó caifé agus foireann a labhródh Gaeilge leat. Cá bhfios nach gcasfaí cairde ort agus cainteoirí Gaeilge eile a bhainfeadh an cian díot tamall. Ionadaí Gaeilge Áitiúil in gach ceantar Gaeltachta? Is minic a bhuaileann Gaeilgeoirí isteach ar cuairt chuig ceantracha Gaeltachta agus nach gcastar duine beo orthu a bhfuil labhairt na teanga acu. Labhraítear Béarla leo in gach aon chearn. Dá mbeadh ionadaí aitheanta ann ar nós "Máistir an Chuain" sna bailte poirt nó "An Sagart Paróiste" san eaglais Chaitlicí nó "Treoraí ar tháille" nó "Giolla" mar atá in áiteanna cois locha d'iascairí a thagann ar cuairt d'fhéadfadh an cuairteoir aithne a chur ar cheantar Gaeltachta trí mheán na Gaeilge agus b'fhéidir go n-aimseodh sé teach lóistín le Gaeilge ina bhféadfadh sé fanacht ar saoire tamall d'fhonn an teanga a chleachtadh. Níorbh fhéidir le GAELSCAOIRE seirbhís den chineál sin a chur ar fáil mar is ag iarraidh cuairteoirí de chineál ar bith ach a bpócaí a bheith teann a mhealladh a bhí an eagraíocht sin. Ag smaoineamh ar réigiún tíreolaíoch amháin a bhí GAELSAOIRE beag beann ar theanga. Seirbhís difriúil atá ag teastáil ó fhoghlaimeoirí Gaeilge mar muide. Ní féidir le heagraíocht nó comhlacht ar bith a ghlacann le deontais Stáit seirbhís mar sin a chur ar fáil. Tá cur síos i gCré na Cille ar an bhfear Gaeltachta a bhí ag soláthar "pointí" Gaeilge don bhFámaire agus an Fámaire ag soláthar "piontaí ar gach pointe" don bhfear Gaeltachta. Cén fáth nach bhféadfadh an Gaeilgeoir aonair nó grúpa díobh duine mar sin a fhostú don lá ar tháille fial chun iad a threorú timpeall an cheantair agus cuidiú leo aithne a chur ar lucht na Gaeilge sa dúiche. Mionlach iad lucht labhartha na Gaeilge in a lán Gaeltachtaí agus ba mhór an chabhair "Giolla" nó "Ionadaí" nó "Treoraí" den chineál seo a bheith fógartha sa leabhar teileafóin. Cad é bhur mbarúil, a chairde? An bhfuil moladh agat féin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8835 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 20, 2009 - 08:58 am: | |
Filleadh ar córas na dTimirí ag Conradh na Gaeilge. Go háirithe sna Gaeltachtaí. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 30, 2009 - 11:34 am: | |
Bíodh páistí agat labhair Gaeilge leo |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 01, 2009 - 08:35 am: | |
Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú sna Gaeltachtaí uilig tá an chéad ceann bunaithe le seachtain anuas in Indreabhán Co.na Gaillimhe. Ba chóir ionaid eile a bhunú i gceantar Gallltachta chun tacaíocht a thabhairt ledaoine ar mhian leo a clann a thógaint le Gaeilge.Le tacaíocht beidh rogha ag tuismitheoirí Gaeilge nó Béarla a úsáid sa bhaile. |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 63 Registered: 05-2008
| Posted on Monday, October 12, 2009 - 06:53 pm: | |
Sin fíor go deo! Is gá ionaid mar a bheadh Áras na nGael i nGaillimh i ngach aon bhaile mór! Agus tá ceangailt idir iadsan agus muintir na Gaeltachta ag teastáil sa gcaoi go dtabhaireann na cainteoirí dúchais ar aghhaidh a n-eolas. Is gá freisin daoine radacálaigh sna Gaeltachtaí a chuireann brú sóiséalach ina dtimpeallacht ar uile dhuine atá diúltach de réir na Gaeilge. Mar shampla, ba chóir siopaí agus tithe ósta a sheachaint sa Gaeltacht nach dtuigtear Gaeilge iontu. Thairis sin, ba chóir scéim a chur ar bun de réir na Gaeilge atá ag an bhfoireann in áiteanna sóiséalta. Cuidfeadh sé go mór le Gaeilgeoirí strainséirí sa bhaile/chathair. Cad faoi eolai cathrach faoi ghach cathair do Ghaeilgeoirí? Ach is é an rud is tábhachtaí ná go mbaintear úsáid as an nGaeilge le páistí. Seachas tógáil na clainne trí Ghaeilge, tá i lán féadachtaí eile ann: Canadh amhráiin as Gaeilge le páistí, léamh as leabhair Ghaeilge do pháistí, leabhair Ghaeilge le pictiúir mar bhrontannas do pháistí... Beir bua, Alex |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 25 Registered: 10-2009
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 04:55 am: | |
Tá ceart na ceanaire acu ag labhairt Gaeilge chuig a ndaoine. Caitheann siad ag léan mar shampla. (an bhfuil sé ceart?) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 508 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 07:31 pm: | |
Cinnte ba cheart go labhródh na ceannairí Gaeilge. Ba cheart go gcloisfeadh na daoine iad. Dá gcloisfeadh is cinnte go leanfadh cuid mhór daoine iad. Is fearr dea-shampla ná áiteamh. |
|
Darren_j_prior
Member Username: Darren_j_prior
Post Number: 5 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, November 11, 2009 - 08:31 pm: | |
Caithfidh rudaí tarlú ó bhun go barr... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9153 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 12, 2009 - 05:11 am: | |
agus ó bharr go bun! Ní tharlaíonn faic gan ceannaireacht. Ní tharlódh faic gan pobal. |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 104 Registered: 10-2009
| Posted on Thursday, November 12, 2009 - 10:41 am: | |
Mol ó Sheamás91: Déan an Aontais Céilteach (AC i ngairid) idir éireann, Alban, Oiléan Mhannan (agus b'fheidir le Breatain Beag, Briotáinis agus An Chorn). |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 12, 2009 - 11:14 am: | |
|
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 106 Registered: 10-2009
| Posted on Friday, November 13, 2009 - 03:42 am: | |
Go raibh maith agat, a Sheosamh. |
|