Author |
Message |
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 707 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, August 25, 2009 - 12:53 pm: | |
Ba mhaith liom a rá "point of no return" i nGaelainn. Táim t'réis ceapadh "punt neamhfhillte" ach fíor-amhras orm go bhfuil seo i gceart. An bhfuil tuairimí agaibh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8731 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 25, 2009 - 04:19 pm: | |
Níl, ach go n-aontaím le'd amhras. Ní ritheann nath liom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8732 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 25, 2009 - 04:24 pm: | |
Ná níl faic ag de Bhaldraithe faoi point ná return. |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 203 Registered: 03-2009
| Posted on Friday, August 28, 2009 - 09:46 pm: | |
an áit (teorann?) gan ..... nó rud mar sin b'fheidir? |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 41 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, August 28, 2009 - 10:34 pm: | |
Ró-mhall le d’intinn a athrú Ró-mhall le dhul siar air depends on the context I guess |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1145 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, September 23, 2009 - 04:56 pm: | |
Bhí mé ag iníor is ag innilt i bhfoclóir an Duinnínigh díreach anois nó go bhfaca mé an nath deas seo: "imithe thar barraí bachaill." Le haoireacht a bhaineann sé ó cheart, ar ndóigh, ach tugtar le fios gur leithne ciall ná sin dó: "as milk boiling over, turf thrown beyond verge of cart, etc." Meas tú an ndéanfadh sin beart in áit pointe sleamhnaí úd an neamhfhillteachais? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8858 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 23, 2009 - 05:07 pm: | |
Samhlóinn é. Ceann deas. Ach meas tú an dul ó smacht atá i gceist seachas cinneadh dul ar aghaidh, na báid a dhó. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 508 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, September 26, 2009 - 10:48 am: | |
Moladh suimiúil é, gan amhras, ach ceapaim fhéin (agus mé go díreach tar éis na "bíoblaí" a cheadú!) gur "raidhse" an chiall is luaithe a bheadh ag abairt a bhfuil "thar barraí bachall" inti. Ach d'fhéadfaí cor cainte eile a chruthú as na h-ábhair chéanna: an aoireacht, an bhachall agus an chaoi a n-úsáideann an aoire an bhachall agus é i bhfeighil na gcaorach. Raon bachaille nó pointe raoin bachaille, mar shampla: tá pointe raoin bachaille sroichte ag an chaora anois. Nó sa chiall iomlán mheafarach: le bunú NAMA bhí a fhios ag an rialtas go raibh sé imithe thar (an b)pointe raoin bachaille, nó thar raon bachaille. Mar chor cainte - seanbhunaithe ;) - bheadh "thar pointe raoin bachaille" gan séimhiú, gan amhras. Ach ná déanaimís dearmad ar nadúr an choir cainte: is friotal gonta nó meafarach é nach mbeadh a chiall thraidisiúnta ró-shoiléir go minic do dhuine nár fhás suas leis an abairt chéanna agus a dhéanfadh iarracht ar theacht ar an gciall trí h-aistriúchán focal-ar-fhocal. Chomh maith leis sin, i réimsí éagsúla den saol cumtar - cheal spáis, mar shampla - abairtíní ciotacha a bhfuil amháin a ngiorracht an t-aon bhua a bhaineann leo. Bhí comhghleacaí dom ag taisteal ar an dtraen i rith na seachtaine agus ar an suíochán a bhí curtha in áirithe aige dó fhéin bhí ball amháin de lánúin Shíneach ina shuí. San fhógra leictreonach os cionn na suíochán bhí "gegebenenfalls freigeben" le léamh. Níl ach smeareolas ar a Bhéarla scoile fágtha ag mo chomhghleacaí agus d'fhiafraigh sé díom conas ab fhéidir leis ciall an fhocail "gegebenenfalls" a chur in iúl i mBéarla. I Leo.org ba é an leagan is sásúla sa Bhéarla a d'aimsíos dó ná "(vacate) as the case may be" agus caitear cúig fhocal a úsáid in ionad focail amháin. Ag an bpointe sin ní raibh aiféala ar an gcomhghleacaí go ndeachaigh sé ar lorg suíocháin eile! Ach fillfimís ar ais go dtí an "point of no return" - má tá a léithéid indéanta ar chor ar bith: ní dóigh liom go bhféadfadh an comhghleacaí céanna an bhrí a thomhais go h-iomlán amháin ar bhonn chiall na bhfocal "Punkt", "kein", "Rückkehr". Cé go bhfuil "point of no return" simplí go leor agus cé nach bhfuil an nath céanna ag brath go mór ar chiall mheafarach, déantar dearmad ar an ngné chultúrtha nach bhfuil infheicthe sa nath féin ach a bhfuil an tuiscint ar an bhfriotal bunaithe uirthi. Sin a bhfuil, pé scéal é - sula mbeidh mé imithe thar an bpointe infhillte. ;) (Message edited by ormondo on September 26, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|