mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Moladh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 380
Registered: 06-2008
Posted on Friday, August 21, 2009 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Molaim do scríbhneoirí ar Dhaltaí anseo gan a gcuid ama a chur amú le scríbhneoirí a thugas ruaig isteach ar an gclár le seafóid dhiúltach a riaradh inár measc i gcónaí, bíodh sin faoi choim spéise nó gan a bheith. Tá a leithéid le feiceáil amuigh ar thaobh an Bhéarla inniu.

Creidim go láidir gur d'aon oghaim a bhíd amhlaidh, ag iarraidh an dream foghlama a tharraingt anuas a fhad leo féin. Níor cheart cuidiú leo.

Tá a ghlanmhalairt ghníomhaíochta ag tarlú thart orainn i nGalltacht na hÉireann mórán i nganfhios don phobal. Bhí mé ina measc siadsan inné agus tá mé le héirí amach arís anois díreach le gabháil ina measc arís inniu. Gura fada uainn lucht an lagair inniu agus go brách, óir tá an saol róghearr leis an am a chur amú leo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 446
Registered: 07-2006
Posted on Friday, August 21, 2009 - 07:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaím leat, a Sheáin. Bhí cuairteoirí againn as oirthear na Gaillimhe inniu, beirt pháiste agus a dtuismitheoirí. Chuala an mháthair muide ag caitheamh corr-abairtín Gaeilge chun a chéile agus tharraing sí aird na bpáistí ar an teanga. Labhair an t-athair cúpla focal Gaeilge uair uma seach agus nuair a mhol mé an méid Gaeilge a bhí aige deir sé "Níl agam ach an méid a d'fhoghlaim mé ar scoil." Ní dheachaigh sé thar an ngrúptheastas. Tá an-suim aige sa CLG agus bíonn sé ag breathnú ar TG4. Dearcadh an-dearfach acu. Má tá an dearcadh dearfach sin forleathan ar fud na tíre ní baol dár dteanga. Níl buaite orainn ná baol air.



©Daltaí na Gaeilge