Ag brath ar nua-theicneolaíocht na haoise, tá muidinne sna Comhluadair Bheo, i Muigheo in Éirinn, ag cur comhluadar Scadhp (.i. comhluadar sa chibearspás) le chéile. Tá baill againn ar fud na hÉireann agus i Sasain, ach níl duine ar bith sa bhfeachtas sna SAM.
Tá sé tábhachtach ardán daonlathach a bheith ag fíor-Ghaeil. Úsáidimid Scadhp uair sa mhí, fá choine ábhar éigin a phlé agus cuirtear síos ar na díospóireachtaí ar bhlag - eGaeilge.
Ní hí labhairt amach ar nithe an t-aon rud a dheinimis ar mhaithe leis an dteangain. Féach thíos ar ghníomhaíochtai úra ar fad sa ghort seo. Gníomhaíochtaí a thabharfas seasamh eacnamaíochta neamhspleách dár muintir, le cuideadh Dé.
www.gaeltacht.eu -
http://vimeo.com/gaeltacht