mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Turas eile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 58
Registered: 05-2008
Posted on Saturday, August 08, 2009 - 11:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mise arís,

tá mé tar éis déanamh turas eile timpeall na hÉireann agus mise ag baint triail as mo chuid Gaeilge i gach aon áit.

Tar éis dom sroicheadh an aerphóirt Bhaile Átha Cliath, chuaigh mé amach chun bus go dtí lár na cathrach a thógáil. Anois, bhí mé i mo sheasamh os comhair meaisíne ticéid. Léamh mé de Thicéad Rambler aon lá agus níos faide. Ní raibh fúm ach go dtí lár na cathrach a dhul. Mar sin, chuir mé ceist ar fhear na foirne in aice liom as Gaeilge. Agus fuair mé freagra as Gaeilge uaidh!
San oíche, bhí mé ag Club Chonradh na Gaeilge. Agus bhí daoine óga faoi láthair ar labhair chomh scioptha is a bhí orm éisteacht go cúramach leo chun a ghlacadh cad a dúirt siad. Ach mar sin féin chuala mé tionchar trom as an mBéarla ag cuid acu, uaireanta le fuaimniú gránna.
An lá seo chugainn, bhí fúm chuig Trá Lí a dhul. Ach chaill mé an traein ar chur mé in áirithe. Bhí an traein tar éis imeacht nuair a bhain mé Stáisiún Heuston amach. Roimh, bhí an Luas tar éis imeacht toisc gur bhí mé ag tóradh do stad Luas níos faide ná ar mheas mé.
Ag an deireadh seachtaine, d´fhan mé ag daoine Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí a tógadh sa Gaeltacht. Is dianchomhrá a bhí againn. San oíche, chuaigh muid chuig imeacht i nGaeltacht Chorcaí go dtí Cúil Aodha agus teach tábhairne i mBaile Bhúirne. D´éist mé go cúramach le caint mhuintir na háite. Is ag magadh a bhí mé beágáínín. Dúirt mé gur chóir dóibh fógra a thógáil "Cosc ar Bhéarla". Cad a thug mé faoi déara ná go bhfuil Gaeilge ag beagnach gach aon dhuine. Fiú amháin, chas mé ar bhean Mheiriceánach agus ar bhean ó lasmuigh den Ghaeltacht agus Gaeilge a bheith acu.
Ach tá sé ar dhrochnós ag neart daoine as Béarla a labhairt le a chéile go minic. Thug mé faoi déara freisin meascán idir an dá theanga. Léan mé orm a chaint as Gaeilge amháin gan aon Bhéarlachas agus fuair mé Gaeilge chomh maith. Is annamh a chuala mé an abairt "Níl mórán Gaeilge agam.". Dúirt mé leo gur chóir dóibh aire a thabhairt ar a dteanga. D´fhreagair siad nach mbeadh an mí-cheart agam agus gur droch-nós é de réir caint as Béarla agus meascáin idir an dá teanga. B´fhéidir gur fiú go dtaispéaineann strainséirí na droch-nósanna sin toisc nach dtugann muintir na háite faoi déara iad go minic sa saol gach lae. Ar ndóigh, ní iompar ardnósach mar gheall ar sin atá i gceist agam!
Dé Domhnaigh, chuaigh mé ag an aifreann i gCúil Aodha. Bhí mé sásta a fheiceáil go raibh na tuismitheoirí ar éist mé leo ag caint as Gaeilge lena leanaí. Dúirt bean liom go gcuireann amú neart daoine acu fógraí as Béarla nuair a fheiceann siad iad.
Ansin, chuaigh mé go dtí cathair na Gaillimhe. Bhí Club Áras na nGaeil dúnta cé go dúirt bean i mbun go bhfuil sé ar oscailt. Bhí díomhá an domhain orm. Mar sin, chonaic mé cé mhéad daoine a bhfuil istigh ag Tigh Chóilí. Ach bhí sé ró-phlódaithe ansin. Mar sin, rinne mé cinntiú a dhul isteach chuig an dteach tábhairne trasna na sráide. Shuigh mé síos ag an gcuntar agus d´ordaigh mé deoch. Bhí mé tuigthe ag an bhear ar chúl an chuntair. Go brónach bhí sé an-ghnóthach agus níor éirigh liom comhrá sáchfhada a dhéanamh leis. Bhain mé triail as mo chuid Gaeilge le daoine eile na foirne ach ní raibh comhrá as Gaeilge acu.
An chéad lá eile, thug mé cuairt ag Tigh Chóilí, an teach tábhairne le Gaeilge ar fheabhas ag go leor daoine na foirne. Ba chuimhin le fear amháin acu orm. Uaireanta, thaispeáin sé dom daoine le Gaeilge. Fiú amháin, amanna, labhair sé chomh scioptha is gur iarr mé air níos maille a labhairt agus mise ag rá:"Is dea-chomhartha é gur iarr mé ort níos mall a labhairt toisc go dtaispeáineann sé dom d´an-chumas na Gaeilge."
Ag Áras na nGaeil, bhuail mé le buachaill a raibh aithne agam air cheana féin.
Thug mé faoi déara go dtagann caint ar chúrsaí Gaeilge go minic nuair a bhainim úsáid aisti. Deireann na daoine rud mar sin "Oh, seo Gaeilge..."
Mar sin féin, is daoine cáirdiúla iad cuid mhaith de Lucht na Gaeilge. Arís, ní thuigim an domhan nach dtuiginn neart Éireannach "Dia dhuit" nó "Conás atá tú?" fiú amháin cé go bhfuil sí mar ábhar scoile ag beagnach gach Éireannach. Tar éis dom cur ceist orthu an bhfuil Gaeilge acu bhí cuma ar neart daoine mar a bheadh ag iarraidh faoi teanga eachtrannach a bhí mé.
Mar sin féin, is ceist úsáideach í "Conas atá tú?" chun a fheiceáil an bhfuil Gaeilge ag duine éigin nó nach bhfuil.

Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 439
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, August 08, 2009 - 12:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go dtarrthaí Dia sinn is iontach an duine tú, a Alexderfranke. Dá mbeadh do leithéidse in gach baile in Éirinn is cinnte go mbeadh seans ag Gaeilgeoirí a gcuid Gaeilge a thaispeáint don saol mór. Ar ndóigh, táid ann a déarfadh nár chóir labhairt le strainséirí ach os rud é go bhfuil Gaeilge agat féin ní strainséir tú. Tá eochair rún ár gcroí aimsithe agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 59
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, August 09, 2009 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar liomsa, cad is féidir liom a rá i gcás na Gaeltachta Chorcaí, níl aon chúis ann a bheith mídhóchasach. Ach is gá daoine díograiseacha a dhiúltaíonn a chaint as Béarla agus iad focail aonair amháin faoi choinne foghlama ag cur isteach, chomh maith dá mbeadh an chumarsáid trí mheán an Bhéarla níos scioptha. Brú sóisealta is ea an focal eochrach. Ní dhiúltaíonn muintir na háite Gaeilge a labhairt leat mar strainséir má tá cumas sáchmhaith agat murab ionann le neart na gcainteoiri teangacha réigiúnda sa Ghearmáin. Agus bíonn siad cantalach má thugann tú moltaí dóibh ó thaobh a dteanga. Fiú amháin, faigheann tú Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht má tá neart di ag an duine agus tusa ag tosú as Gaeilge. Is gá do mhuintir na háite drochnósanna a bhriseadh. Nuair a tháinig mé isteach chuig an nGaeltacht, tháinig an mí-thoil orm aon chomhrá níos faide as Béarla a dhéanamh. Seo féadacht ghreanmhar ná t-léine a chaitheamh ag deiseanna neamhfhoirmiúla leis an bhfógra "As Gaeilge, más é do thoil é!"
Agus ba chóir baghcat a dhéanamh ar áiseanna laistigh den Ghaeltacht nach bhfuil aon thuiscint na Gaeilge ag an bhfoireann iontu. Fágfainn an siopa nach dtuigtear as Gaeilge mé agus mise ag maireachtáil sa Ghaeltacht.
Ach beidh mé aithinte mar strainséir as mo bhotúin a dhéanaim sa Ghaeilge.
Go n-éirí an Ghaeilge libh, Alex

(Message edited by AlexderFranke on August 09, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 122
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, August 16, 2009 - 02:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Alex
Ar tháinig tú anseo mar Chigire nó mar Chuairteoir , ? ? ?
is tír í , chan zú ag fanacht daoine cosúil leatsa le fáil amach cén caighdeán Gaeilge atá againn agus cá mhéad duine atá ag labhairt as Gaeilge anseo , is mór an trua é níor bhain muid an caighdeán amach go raibh tú ag súil , déanfaidh muid iarracht níos fearr amach anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 60
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, August 16, 2009 - 03:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Theifigh, a chara,
Sa Ghaeltacht a bhí mé, bhí Gaeilge ar fheabhas ag formhór na ndaoine. Rinne siad caint as Gaeilge más ag tosú as Gaeilge a bhí tú. Ach rinne mé iontas gur labhair mórán daoine as Béarla áfach. Is todhchaí na Gaeltachta atá i gceist. Mar sin, tharraing mé an comhrá i dtreo chúrsaí na teanga. Dá mbeadh "Dún do chlab..." ráite acu, bheinn ciúin. Lasmuigh den Ghaeltacht, déanaim mo hiarracht chomh leor Gaeilge is féidir a fháil. Seo fíortheanga na tíre, chomh maith de réir ráiteisí de chomhlachtaí poiblíthe agus de roinnt an phobail é féin. Agus tógaim go ndáiríre iad! Ar ndóigh, ní dhiúltaím a chaint as Béarla lasmuiigh den Ghaeltacht toisc nach mian liom an ghráin a tharraingt orm mar a rinne Manchán i "No Béarla". Is cinntiú de ghach aon dhuine de réir feabhsú na Gaeilge. Ní féidir liomsa agus leatsa é a thabhairt ar aon dhuine in éadan a dtola. Cad is féidir a dhéanamh ná an Ghaeilge a chur i gcuimhne dóibh.
Beir bua, Alex



©Daltaí na Gaeilge