Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 233 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 08:31 am: | |
Cén fhoirm den ainmfhocal ba cheart a úsáid tar éis “na céadta”, “na mílte”, “na milliúin” agus mar sin de? An foirm uatha, nó an fhoirm ghinideach iolra? Tá a fhios agam gurb í an fhoirm uatha an fhoirm a úsáidtear le huimhreacha, mar shampla “míle bliain”. Ach ní luaitear aon áit (go bhfios dom) cad ba chóir a dhéanamh nuair atá an uimhir féin san uimhir iolra agus alt roimpi ("na mílte"). Dar liomsa, i gcás mar sin, ní uimhir é níos mó, is gnáthainmfhocal é a bhfuil ciall ghinearálta cainníochta leis (cosúil le “na sluaite"). Tá an dara hainmfhocal faoina réir agus ba chóir é a bheith sa tuiseal ginideach iolra: “na mílte blianta”. Ó bheith ag cuardach ar an Idirlíon, tá an dá nós ann. D’aimsigh mé “na mílte bliain”, “na mílte beannacht”, “na mílte mála”, ach “na mílte cailíní”, “na mílte turasóirí”, “na mílte peacaí”. Agus tá neart cásanna ann nuair nach bhfuil a fhios cé acu foirm atá in úsáid mar is ainmfhocail iad a bhfuil lagiolraí acu, mar shampla “na mílte fear”, “na mílte bileog”. Cé acu nós a mholfadh sibh, agus cén fáth? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8564 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 08:56 am: | |
Ceist mhaith. Uatha, a deir mo ghoile, ach níl fhios agam cén fáth. Meas tú an bhfuil feidhm aidiachta ag an dara ainmfhocal, i.e. cén saghas "mílte" atá i gceist? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 358 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 08:59 am: | |
Ceist mhaith a Mhícheáil. Molaim 'na mílte bliain'. Tá méar ar eolas tugtha ag an Dálach faoin bhfocal 'míle', mar a bhfuil 'na mílte míle acu' aige: thousands upon thousands of them. Braithim gur uimhir i gcónaí é agus samhlaítear dom go ndéarfainn 'na mílte mílte míle acu' ach nach n-abróinn 'na mílte mílte mílte acu', bíodh go mba cheadmhach sin mar ainmfhocal faoi shraith ghineadach chomh maith ar an dul seo: An dara ceann sin, bhraithfinn é mar abairt nár críochnaíodh agus nach gcríochnófar. Bhraithfinn gur d'fhonn cur leis na mílte' ad infinitum: 'na mílte mílte mílte (....) acu' a bheadh sé. Rogha atá ann ar nós an rogha a rinne mé leis an dá leagan 'ndéarfainn' agus 'n-abróinn'. (Is é treisiú an 'nach', dar tús 'n', a tharraingíonn an 'n-abróinn' asam.) Is lú ná frí a bhfuil eatarthu, ach ar shon treorach, is mó atá le rá ar son 'míle', .i. a choinneáil ina uimhir. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 235 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 10:30 am: | |
Tuigim. Tá tú ar son "na mílte" agus a leithéidí a láimhseáil ar nós gur gnáth-bhunuimhreacha iad. Abair go bhfuil aidiacht ag gabháil leis an ainmfhocal, mar shampla "peacaí mearfacha". Cad a dhéanfá leis an aidiacht? An leanfá go docht na gnáthrialacha a bhaineann le bunuimhreacha, is é sin, iolra + séimhiú ("na mílte peaca mharfacha")? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1113 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 11:10 am: | |
Ainmneach uatha a mholann na Bráithre: "na mílte fáilte", "na mílte focal firinscneach", "éidí na mílte eitleoir" (ach "na sluaite ban"!) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8566 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 11:44 am: | |
An dtugann na Bráithre cúis? Na mílte peaca mharfacha, sílim, a bheadh ann (Dia idir sin agus iad!) |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 236 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 01:46 pm: | |
Go dtí seo, feicim trí rogha: 1. Ainmneach uatha: na mílte peaca marfach 2. Ginideach iolra: na mílte peacaí marfacha 3. Infhilleadh "uimhriúil": na mílte peaca mharfacha Fós ní thuigim cé acu ceann is fearr. Seans gur fearr an fhadhb a sheachaint agus "de" a chur isteach: na mílte de pheacaí marfacha. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 359 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 02:09 pm: | |
Tá an 'de ...' molta ag seanleagan 'Réidh-Chúrsa' mar is eol duit a Mhícheáil, 'má leanann aidiacht an t-ainmfhocal' agus is mór is fiú an chomhairle í. Dá gcuirfí d'iachall orm labhairt dá uireasa, leanfainn an ghnáthriail thuas - na mílte peaca mharfacha - bíodh nár go dhocht a leanfainn féin í ar an ábhar nár tharla sé sa chaint riamh agam, is dóigh liom. Rachainn chuig an leabhar le fuascailt nó le treoir éigin a fháil. Ba aduain liom riamh anall an aidiacht a bheith séimhithe agus san iolra i ndiaidh ainmfhocal nach raibh ag teacht léi mar a chéile. Is é an t-alt, a bheith ar aon dul leis an aidiacht an t-aon bhlas faoisimh atá le brath sa scéal. Uimhreacha na Gaeilge, an chuid is casta den teanga a dúradh liom in am amháin, agus tá mé ag teacht leis an tuairim sin ó shin. Táimid go léir faoi chomaoin agat as an leathanach idirlín agat ar an ábhar. |
|
cuairteoir123 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 29, 2009 - 07:26 pm: | |
Níl mé róchinnte faoi na haidiachtaí, ach maidir leis an gcéad cheist a cuireadh, sé mo thuairim go leanann an fhoirm uatha leithéidí 'na mílte' le gnáth-ainmfhocail. Nuair atá tagairt do dhaoine ann, tá an scéal níos casta is cosúil mar níl an CO agus FGB ag teacht le chéile maidir leis seo. Deir ceann amháin acu go leanann an fhoirm uathu na huimhreacha pearsanta (agus glacaim leis go bhfuil uimhir ar bith i gceist)agus deir an ceann eile go mbaintear úsáid as an nginideach iolra. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 237 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 30, 2009 - 04:43 am: | |
Feicim go bhfuil mé tar siúl isteach i gcúinne dorcha na gramadaí nach siúltar mórán ann - arís! Go raibh maith agaibh go léir as bhur gcuid leideanna. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
An Dr Liam Réamonn (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 07:19 am: | |
A Chairde chaillte Ghael - Féach ar sampla eile: "tar éis na fearthainne, bhí gliondar ar a gcroí". Ní deirtear 'ar a gcroíthe' ná 'ar a gcuid chroí' ná a dhath ar bith eile mar sin. Usáitear an uimhir uatha mar 'sé sin an nós sa Ghaedhilg. Déarfainn sa chás seo go mba chóir amharc ar an gcaoi ina deintear an comhaireamh. "Míle seacht gcéad caoga is ceithre chaora amháin". Níl Ginideach le feiscint mar níl an fheidhm sin ag uimhreacha, an tuiseal a chur ar fhoclaibh. (Féach an uimhir déach: 'beirt fhear' i gcomparáid.) Má amharcann tú ar www.irishdictionary.ie agus má cuardaíonn tú 'thousands', 'tchífidh tú 'thousands of houses - na mílte teach' Beir Bua - Liam |
|
An Dr Liam Reamonn (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 09:05 am: | |
A Mhichíl chóir Focal scoir, má's féidir é. Cinnte sa 'Réidh-chúrsa Gramadaí', l.130, deirtear gur féidir "seachtó cinn 'de' caoirigh" 7rl a rá. I 'nGnás na Gaedhilge'(Ó Cadhlaigh, 1940), l. 272: "i nGaedhilg an lae indiu,... is é an tuiseal geinideach uimhir iolraidh a bhíonn taréis 'mílte', 'céadta' agus 'fichidí' i gcomhnuidhe". [i gcónaí] Sa Chaighdeán (2001), l.39, deir siad: "Is í foirm an ainmnigh uatha den ainmfhocal a chuirtear leis na bunuimhracha... 'céad capall' ach sin an méid. Tá 'na mílte troigh' ag Ó Dónaill (a.u.) I gCeart na Gaedhilge' (Ó Cadhlaigh, 1922), l.97, deir sé 'na céadta bliadhan (g.i.)' - toisg gur cnuasainm atá i gceist (l.100). Ar ais go Gnás na G agus l.273: "Toisg gur mar a chéile iad an tuiseal geinideach, uimhir iolraidh, agus an tuiseal ainmneach, uimhir uathaidh, i bhformhór na n-ainmneacha, is deacair a rádh ciaca an tuiseal a húsáidtear taréis 'fiche' etc indiu". Fanaimís leis an bprionsal: g.i. má's cnuasainm atá ann sa chomhthéacs agus munach ea - a.u.? |
|
|