(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, July 18, 2009 - 02:34 pm: | |
Conas is ceart 'please' a scríobh as Geailge: - Más é do thoil é - Má 'sé do thoil é Nó an bhfuil an dá leagan ceart? Tá a fhios agam agus mé ag labhairt deirim: Má 'sé do thoil é, ach má ghooglaíom tá níos mó torthaí don chéad leagan thuas, agus is cosúil gur dá giorrúchán ar na focail céanna atá i gceist sa dá leagan ie. Má is é do thoil é. => Má+is -> Más Nó: is+é -> 'sé An bhfuil ceann de na giorrúcháin thuas 'níos cirte' ná an cheann eile ??? |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8527 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, July 18, 2009 - 02:52 pm: | |
An chéad ceann a bheadh agamsa. Sin atá ag de Bhaldraithe freisin. (Message edited by aonghus on July 18, 2009) |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 230 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, July 19, 2009 - 09:20 am: | |
Tá an ceart agat go bhfuil an fuaimniú ag teacht salach ar an litriú. Má sé a deirtear, ach más é an leagan ceart ó thaobh na comhréire de, agus sin mar a scríobhtar é. Déantar más de má + is. Níl aon cheist faoi sin. Maidir le 'sé a dhéanamh de is + é, tá mé in amhras faoi sin. Tá a fhios agam go dtarlaíonn sé sa chaint, mar shampla deir daoine 'sé mo thuairim go..., ach níl sé sin ceadaithe faoin Chaighdeán go bhfios dom agus is é mo thuairim ba cheart a scríobh. Déarfainn gur ceist réime (register) é seachas riail dhocht, áfach. Má tá tú ag iarraidh bheith ardnósach foirmeálta, scríobh is é. Má tá tú ag iarraidh bheith gar don ghnáthchaint, scríobh 'sé. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |