mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Comhaiséig scoláirí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 53
Registered: 05-2008
Posted on Thursday, July 16, 2009 - 12:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh,
tagann neart scoláirí eachtrannaigh chuig an Éirinn de réir chomhaiséag. An bhfuil a fhios ag aon dhuine acu an bhfuil an-roinnt scoláirí eachtrannaigh ag cinneadh Gaelscoil nó Gaelcholáiste a fhreastal chun eachtra speisialta a bhaint as an gcomhaiséag scoláirí san Éirinn? Smaoinim go bhfoghlaimíonn go leor mac léinn eachtrannach Gaeilge chomh maith ag Ollscoil na Gaillimhe.
Beannacht, Alex.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 944
Registered: 11-2004


Posted on Friday, July 17, 2009 - 02:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

chomhaiseag - vomitting together? Sna hollscoileanna is mó a tharlaíonn sin, déarfainn...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 55
Registered: 05-2008
Posted on Friday, July 17, 2009 - 05:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Comhaiseag=(student) exchange

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 26
Registered: 02-2009
Posted on Friday, July 17, 2009 - 07:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ta an focal "malairt" nó "malartú" nios fearr ná comhaiseag, b'fhéidir?

comhaiseag = co-restitution?

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3058
Registered: 01-2005


Posted on Friday, July 17, 2009 - 08:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

chomhaiseag - vomitting together? Sna hollscoileanna is mó a tharlaíonn sin, déarfainn...



LOL !!!!!!!!

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8525
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, July 18, 2009 - 09:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

N'fheadar a mbaintear feidhm as sa chiall atá ag Alex leis.

Tá comhaiseag príosúnach ag an Dálach leis an gciall "Exchange of prisoners". Ní hé sin baileach an sort malartú a bhíonn ar siúl idir mic léinn.

Dar ndóigh, is mó ciall atá le haiseag, agus ní gá gur múisc a chuirfidh sé in iúl i gcónaí.

Maidir leis an mbuncheist, an mbíonn daltaí scoile ag teach ó thar lear chuig gaelscoileanna anseo; níl mé cinnte.

Ach tá lagchuimhne agam go ndearna scoil Dún Chaoin malartú le scoil sa Danmhairg.

Braitheann rudaí mar sin go minic ar na hoidí san scoil, agus a ndíograis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 56
Registered: 05-2008
Posted on Saturday, July 18, 2009 - 10:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le comhaiseag: Fuair mé an focal san fhoclóir agus mise ag fáil an aistriú "student exchange" do chomhaiseag.
Smaoinim nach bhfuil mórslua scoláirí ó scoil thar lear ag dul chuig Gaelscoil ach scoláirí aonair. Ach b'fhéidir go dtagann scoláirí aonair le Gaeilge a fhoghlaim go maith chomh maith le Béarla.
Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 945
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 09:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thuig Lughaidh mo mhagadh.
Cheapfainn go ndéanfadh an fíor rud atá i gceist idir Gaelscoil(eanna) agus an Fhrainc go háirithe, mar bíonn Fraincis acu mar ábhar scoile, sílim. Ba chóir daoibh plean a mholadh do scoileanna áirithe!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8536
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 10:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thuig mé do mhagadh, cé gurbh fada ó bhí mé in ollscoil. Ach bhíos ag iarraidh a léiriú conas ar tháinig Alex ar an dtéarma aduain sin.

'Sí an cheist ná cad a bheadh ann do na gasúir ó thar lear? Is minic iad cíocrach le cuir lena mBéarla.

Ach is gnách freisin nach ach seachtain nó dhó atá i gceist - blaiseadh.

Seans go bhfeadfaí nasc a bhunú ar cheol nó a leithéidí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 57
Registered: 05-2008
Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 07:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor gur cleachtadh an Bhéarla atá mar aidhm ag beagnach gach dhalta ó thar lear as freastal ar scoil san Éirinn, bheith le linn aon nó dhá sheachtaine nó le linn bliana nó leathbhliana. Aimsíonn mo cheist ar an méid suime sa Ghaeilge a bheith ag daoine óga thar lear. Cuireann an Éirinn agus na Ceiltigh faoi dhraíocht neart daoine i lár na hEorpa. D'eagraigh an scoil gramadaí a d'fhreastail mé féin uirthi malartú le linn dhá sheachtaine. Nuair a chuala mé é, tháinig an bhrionglóid orm Gaeilge a fhoghlaim go maith agus tráth ama a chaitheamh ar scoil Gaeltachta nó Ghaelscoil, Anois tháinig an cheist orm an réadaíonn neart daltaí é sin a bhí mar bhríonglóid ormsa. Go fírinneach, seo é dea-fhéadacht do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus sa saol gaelach a thumach ná trí chaitheamh leathbhliana nó bliana ar Ghaelscoil nó scoil Gaeltachta. Agus tiocfaidh feabhas ar an mBéarla ar aon chaoi. Dar liom ba chóir i gcónaí do heagarthóirí malartuithe an Ghaeilge a chur san áireamh ina gcláir. Mar shampla, is féidir cuairt ar choláiste samhraidh a thairiscint agus a mholadh.
Thairis sin, smaoinim go bhfuil sé i bhfad níos deacra do Ghaelscoileanna naisc a chur ar bun le scoileanna thar lear toisc nach bhfuil i lán suime ann sa Ghaeilge thar lear. Agus ní bhíonn sé ciallmhar naisc ar bhonn an Bhéarla amháin a chur ar bun. Taobh eile de, is fiú suim sa Ghaeilge a fhorbairt ar fud na hEorpa. Mar ardaíonn sé íomhá na teanga idir na daoine dúchasaigh freisin má tá sí foghlaimthe ag eachtrannaigh. Is féidir é dhéanamh ar bun naisc idir chaithreacha, mar shampla. An bhfoghlaimíonn neart daltaí ar Ghaelscoileanna Gearmáinis?
Maidir le mac léinn, léigh mé go bhfuil naisc ann idir roinntí ceiltigh ag Ollscoileanna thar lear agus ionaid Gaeilge ag Ollscoileanna Éireannaigh.Tá sé léite agam ar aon láithreán gur féidir bliain a chaitheamh ar Ollscoil Chorcaí (nach mbeadh Ollscoil na Gaillimhe níos fearr dóibh??) chun cumas Gaeilge ar fheabhas a bhaint amach.
Beannacht agus slán, Alex



©Daltaí na Gaeilge