Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 401 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, July 08, 2009 - 12:46 am: | |
Chonaic mé an teachtaireacht seo ar boards.ie faoin gcás cúirte i dtaobh teagasc trí Ghaeilge sa phobalscoil Ghaeltachta seo: quote:Smaoineamh: Éinne a bhfuil suim acu sa chás seo d'fhéadfaidis suí i measc an lucht éisteachta sa chúirt. Lán-chead acu. Beidh sé ar siúl sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath go ceann míosa. Tá an dá theanga in úsáid, an Ghaeilge agus an Béarla. Táim féin ag dul isteach inniu. Ba cheart go mbeadh slua mór de lucht na Gaeilge ann chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Is annamh a fhaighimid an seans. |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 50 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, July 08, 2009 - 09:47 pm: | |
Níl ann ach aon chomhairle: Is leis an nGaeltacht í an .Daingean agus ba cheart go mùintear trí mheán na Gaeilge amhàin. Tà an rogha ag tuismitheoirí agus daoine fásta eile nach maith leo é: Bogadh amach as an nGaeltacht! |
|
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 35 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, July 09, 2009 - 08:07 am: | |
Aontaím leat Alexanderfranke go mba chóir go mbeidh ábhair á múineadh tré Ghaeilge sa Ghaeltacht os rud í go n-aithnítear an Ghaeltacht mar áit faoi leith sa stát agus tús áite don Ghaeilge i ngach réimse sa Ghaeltacht. Ach cuimhnigh ar seo i Quebec tá ceantair áirid Béarla darb ainm Eastern Townships agus cuireann rialtas Quebec oideachais Béarla ar fáil dóibh. Caithfidh muid teacht ar réiteach dóibh siúd ar mhaithe leo oideachais Béarla a fháil bhféidir an Daingean a chaitheamh amach ón nGaeltacht agus méanscoil Gaeltachta nua a thógaint i gCeann Trá nó méanscoil eile Béarla a thógaint sa Daingean. Ach deireadh thiar thall níor chóirPobalscoil Corca Dhuibhne a athrú go méanscoil dátheangach! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 10, 2009 - 06:20 pm: | |
Ní Gaeltacht é Londondondingle ach ar pháipéar amháin, cha dtuigim cad chuige a bhfuil stádus Gaeltachta ag áit inteacht nuair nach maith le muintir na háite a n-oideachas a fhoghlaim trí Ghaeilg sna scoilteacha. Is dócha go bhfuil scoláirí i bPolalscoil Chorca Dhuibhne as Dún Chaoin, Baile na nGall agus áiteacha mar sin agus tá Gaeilg líofa acu gan amhras. |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 52 Registered: 05-2008
| Posted on Saturday, July 11, 2009 - 07:22 am: | |
Léigh mé gur strainséirí ar mhaithe le hoideachas trí Bhéarla a fháil, fiu amháin neamh-Éireannaí! Dar liom, tá an dualgas ar eachtrannaí chomh maith a ghlacadh leis an scoil Ghaeilge má tá siad ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá a fhois acu faoi roimh bhogadh isteach chuig an áit. Murar mian leo Gaeilge a fhghlaim ba cheart dóibh cuid eile den Éirinn a rogha. Léigh mé freisin go bhfuil páistí eachtrannaigh ann atá ag freastal ar Ghaelscoileanna. Chonauc mé ar an daonáireamh 2006 agus dar liom is ceart go leor gur leis an nGaeltacht an Daingean go fóill. Ar ndóigh, is breac-Ghaeltacht atá i gceist mar a bheadh an chuid is mó na nGaeltachtaí inniu. Mar bíonn eolas ar an nGaeilge agus an Ghaeilge labhartha i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta. Agus caithfear aire a thabhairt an leibhéal sin a choiméad. Ba é sin an slí is éifeachtaí ó shin ná ceannas baile a thabhairt don Ghaeltacht tar éis don Éirinn baint amach an néamhspléachais. Déarfadh an riachtanas cheannais baile:"Is í an Ghaeilge ár dteanga oifigiúil amháin. Pointe. Tá ar ghach scoláire a dhóthain Gaeilge a thaispeáint roimh fhreastal ar scoilä" Sna fichidí bhí an Ghaeltacht fós sáchláidir le í a chur ar bun mar pháirt na hÉireann féin-rialaithe agus le Gaeilge mar phríomhtheanga. Is sampla maith í an Chatalóin mar áit a éiríonn leis an gceannas baile an Chataláinis mar phríomhtheanga a chur ar bun scéim ar scéim. Tá ar ghach scoláire a dhóthain Cataláinise a bheith aige chun freastal ar scoil, bheith eachtrannach nó inimirceach as cuid eile den Spáinn. Tá áiteanna eile ann le cur amach ón Ghaeltacht. Beannacht, Alex (Message edited by AlexderFranke on July 11, 2009) (Message edited by AlexderFranke on July 11, 2009) |
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 133 Registered: 03-2009
| Posted on Monday, November 02, 2009 - 07:02 pm: | |
Maybe beat up a few of them slow learners or throw the odd non-learnner to the Lion's , and the rest will soon fall into líne. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 406 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 03:56 am: | |
Féach an áit a bhfuil tú. Taobh na Gaeilge amháin. Tharla gur 'Teifeach' thú, is tráthúil an sean-nath: 'Más mian leat a bheith buan caith fuar agus teith!' |
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 134 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 04:27 am: | |
ceart go leor , gabhaigí mo leithscéal , ní aontaím leis an lámh trom nó bróg mhór a chur ar Ghaeilge, níl ann ach bulaí nó daoine nach bhfuil mórán eolais acu faoi cúrsaí sa tír seo. |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 66 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 08:42 am: | |
Deirim amháin é: Is gá sábháil éifeachtach a chur chun cinn ar son na nGaeltachtaí. Is gá bearta cosanta níos déine do theangacha neamhfhorleathanta ná do theangacha spreagtha i measc sluaite móra. An té nach maith leis úsáid a bhaint as an nGaeilge go rialta, bíonn sé saor a bhogadh chuig ceantair neamh-Ghaeltachta. Tá an Éireann sáchmhór agus tá na Gaeltachta beag. Mar sin, ní bhíonn sé fad ón chéad ceantair neamh-Ghaeltachta eile in aon áit laistigh na Gaeltachta. Bíonn sé chomh éasca sin timpeallacht an-ghaelach a sheachaint más mian leat. Ba mhian liom mo dhrogall chuig tuismitheoirí ar son an Bhéarla a thaispeáint go léir dá mbeadh baint agam leis an bpobalscoil mar scoláire nó tuismitheoirí ansiúd. Smaoinim ar fhógraí mar a bheadh:"Move away if you don't like our language!" nó "West-Englishness in Dingle? No thanks!". Ar ndóigh, caithfear na fógraí sin a scríobh as Béarla toisc nach bhfuil mórán Gaeilge acusan a bhfuil ag troid ar son scolaíochta as Béarla. Níl aon thuiscint agam do na daoine sin! Ní bhíonn aon thuiscint agam do ghach aon dhuine nach bhfuil sásta a ghlacadh le teanga an cheantair chónaithe sa saol phoiblí. Ar aghaidh leis an nGaeilge! Alex |
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 135 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 09:43 am: | |
"Move away if you dont like our language" , tá tusa sásta le fógra mar sin a chur áit éigin, níor chuala mé tracht ar seafóid mar sin ariamh i mo shaol , cé a fuair bás agus d'fhag tusa i mbun na tír seo.B'fhéidir go n-obríonn seafóid mar sin i do thír féin, ach chan anseo, ait ina bhfuil daoine deasa cónaithe. Tá sé soiléir domhsa nach bhfuil meas ar bith agat do dhuine ar bith má tá smaointe mar sin agat. |
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 136 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 10:02 am: | |
No Blacks No Dogs No Irish Shíl mise go raibh na laethanta sin imithe , is dócha go mbeadh Alex sásta dá mbeadh na drochlaethanta ar ais , le fógraí mar sin nó cosúil le "No English speakers here" Is dócha go bhfuil do thír féin foirfe, mar gheall go bhfuil tú an-gnóthnach ag tosnú troideanna idir muintir na hÉireann. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 133 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 12:03 pm: | |
Agus i gceantar a mbraitheann ar an dtionscal túrasóireachta! |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 67 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 05:44 pm: | |
Thaispeáin tuismitheoiri agus scoláirí a chuaig chun na gcúirteanna an mímheas atá acu ar an nGaeltacht. Dar liomsa, is maslacht iad na gníomhaíochtaí a raibh déanta acu sin. Bíonn siad saor Béarla a labhairt ina saol príobháideach. Ach ba cheart dóibh a ghlacadh leis an Gaeilge mar theanga an tsaoil phoiblí gan chearta speisialta a iarraidh. Pointe. Tá taithí agam ar imirceoirí gan aon mheas agus le meas a bheith acu orainn mar phobal dúchasach chomh maith. Bím an-cháirdiúil dóibh sin a bhfuil meas acu orm mar dhuine an phobail dhúchasaigh agus cuidím leo maidir leis na teanga. Ach ní maith liom iad seo gan aon chomhtháthú inár sochaí. Ba mhaith liom iad seo ag filleadh ar ais chuid a dtír dúchais. Sa chríoch, beidh ar mhuintir na Gaeltachta cinntiú a dhéanamh cad is mian leo: Troid ar son na Gaeilge agus a n-oidhreacht a choimeád nó ceadú le cúrsaí ag leanúint le tuileadh dochair ar an nGaeilge. Is millteanach maith liom na Catalóinigh. Rinne siad cinntiú misniúil ar son a dteanga agus gcultúr. Ní ghlactar ar chor ar bith le haon dhuine nach bhfuil sásta an teanga a fhoghlaim. Más Síneach thú agus tú ag foghlaim na Catalóinise, beidh fáilte romhat. B'fhiú do mhuintir na Gaeltachta "náisiúnachas" féin a fhorbairt. Dála na turasóireachta: Gan choimeád na Gaeilge, is dócha go gcaillfear an turasóireacht chulturtha. Sin seans thar barr do na ceantair Ghaeltachta. Ar aghaigh leis an nGaeilge! Go n-éirí bhur nGaeilge libh! Alex. (Message edited by AlexderFranke on November 03, 2009) |
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 137 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 06:05 pm: | |
Níl mise cinnte cá hait a bhfuair tú do chuid smaointe Frank, ach geallaim duitse nach bhfuil muintir na hÉireann ar intinn céanna leatsa, tá cuma ar an scéal go bhfuil tusa míshásta le muintir an domhain. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 505 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 09:09 pm: | |
Cén fáth a bhfuil mé ag smaoiineamh ar an scannán iontach greannmhar sin "The Producers"?? Ina dhiaidh sin is uile phós cara liom Ollannach, fear ón Tír fó Thoinn, agus b'éigean di an Ollannais a fhoghlaim agus scrúdaithe a dhéanamh inti sula bhfaigheadh sí jab. Is cosúil gur mian leis na hOllannaigh a dteanga a chaomhnú. Nach ait sin? |
|