mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Gaeilge san eaglais « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 41
Registered: 05-2008
Posted on Tuesday, June 23, 2009 - 04:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,

is mór an trua go ndéanann paróistí na heaglaise an-bheágán ar son na Gaeilge den chuid is mó. Mar shampla, níl ann aifrinn as Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht, laistigh de BhÁC nó ar dheiseanna speisialta.
Ba ghá aon aifreann amháin ar a laghad as Gaeilge a bheith ar siúl ar gach deireadh seachtaine timpeall na mbailte móra. Ní fhaca mé seirbhísí eaglasta sa Phratastúnachas as Gaeilge riamh.
Nó nach bhfuil an ceart agam?

Go n-éirí libh, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 439
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, June 25, 2009 - 06:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is mór an trua é ach nílimid go hiomlán gan dóchas.


Ní fhaca mé seirbhísí eaglasta sa Phratastúnachas as Gaeilge riamh.

Tá nasc aimsithe agam duit:
http://dublin.anglican.org/resources/seirbhis_as_gaeilge.php


Agus tá Leabhar na hUrnaí Coitinne 2004 foilsithe ag Eaglas na hÉireann as Gaeilge.

http://www.ireland.anglican.org/index.php?do=news&newsid=203

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 375
Registered: 07-2006
Posted on Friday, June 26, 2009 - 02:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le hAifreann a cheiliúradh i dteanga ar bith is deacair daoine a mhealladh isteach chuig cruinniú poiblí ar bith sa lá atá inniu ann gan trácht ar chruinniú de dhaoine a chreideann i rud éigin reiligiúnda.

B'fhearr le daoine suí ar an tolg os comhair na teilifíse lá báistí, suí i mbun an ríomhaire ag plé cúrsaí a sainspéise féin le pobal mór domhanda an Idirlín nó dul ag obair sa ngarraí lá gréine. Más ócáid shóisialta atá uathu gabhfaidh siad go dtí an pub nó chuig coirmcheoil de chuid Lord Henry Mountcharles ar a chuid talún i mBaile Shláine, Contae na Mí.

Tá cúl tugtha ag muintir na hÉireann do ghnéithe áirithe den chreideamh críostaí mar a bhíodh ag Caitlicigh (iadsiúd a lean an Cairdinéal gallda Cullen a chuir an ruaig ar naoimh na hÉireann as liostúirge na hEaglaise). Níl an t-aos óg ag freastal ar shéipéal ar bith. Tá na cliarscoileanna dúnta.

Tá deireadh tagtha leis na mainistreacha agus leis na clochair, seachas corr-cheann. Tá na foirgintí díolta, athruithe, forbartha. Na sean-sagairt, bráithre, mná rialta, a bhfuil ann díobh, táid cúbtha chucu féin ina sean-aois in árais na seandaoine faoi chúram. Beidh cuid acu os comhair na gcúirteanna. Níl comharbaí orthu leis an obair a bhíodh ar siúl acu a dhéanamh ina ndiaidh.

Tá tuataigh i mbun na scoileanna agus na n-ospidéal anois. Beidh géarghá le "Áisitheoirí" chun saol neamh-thráchtála an phobail a eagrú mar a dhéanadh sagairt, bráithre, is mná rialta tráth. Ná fágtar faoi lucht an airgid ná faoin "margadh" é.

Tá misinéirí ón Afraic ag ceiliúradh an Aifrinn i bparóistí in Éirinn anois. Cuid acu an-mhaith, an-chráifeach. Ba deas an rud dá gcuirfeadh siad de stró orthu féin teanga na nGael a fhoghlaim is a úsáid. Ba mhaith liom a bheith in ann "mar a dhéanadh misinéirí na hÉireann ina dtíortha siúd nuair a bhíodh taoille misinéirí as Éirinn ag scaipeadh ar fud an domhain ar nós ealta éan" a rá ach ní féidir liom. Thug misinéirí na hÉireann an Béarla leo ar fud an domhain, ar fud cóilíneachtaí Impireacht na Breataine ach go háirithe.

Admhaím go bhfuil brón agus cumha orm féin gur imigh an seansaol agus cinnteacht na hEaglaise Caitlicí. Ach d'imigh.

Feasta cá bhfios dúinn cad atá romhainn. An mbeidh a leithéid de rud is "Aifreann" á cheiliúradh i dteanga ar bith gan trácht ar Ghaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8485
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 26, 2009 - 03:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An mbeidh a leithéid de rud is "Aifreann" á cheiliúradh i dteanga ar bith gan trácht ar Ghaeilge.



Beidh. Agus tá.
Mhair an tEaglais 2000 bliain go dtí seo, agus tá sí ag fás go forásach fós - seachas san Iarthar.

Fiú san Iarthar, tá díograis agus beocht inti - sna dreamanna sin a bhfuil a teagasc cíortha acu, agus atá dílis do na foirceadal.

An mbeidh sí ina "Eaglais Coiteann" san Eoraip mar a bhí? N'fheadar. Agus i bhfírinne is cuma. An teist ar an Eaglais ná cé mhéid duine a chabhraíonn sí leo Chríost a chuir umpu. Níl in aon rud eile ach cur amú agus i gcéill.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 43
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, June 28, 2009 - 11:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá deacrachtaí na heaglaise ar a fhios agam. Mar sin féin, is féidir aifrinn as Gaeilge a ullmhú gan Gaeilge liofa a bheith ag an sagart. Is féidir a shamhlú dom go tabhaireann duine ar bith sa pharóiste le deá-Ghaeilge an seanmhóir tar éis dó é a ullmhú in éineacht leis an sagart. Ba ghá don sagart abairtí an aifrinn a fhoghlaim ó Gaeilgeoir ar bith. Ar ndóigh is gá amhráin as Gaeilge.
Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 44
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, June 28, 2009 - 01:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thairis sin, creidim go bhfuil suí na heaglaise sa Ghearmáin i bhfad níos measa thar mar atá sé san Éirinn. Bhí mé in aifreann san oíche i gcathair Chorcaí agus chonaic mé go leor daoine óga. Is í an Ghearmáin idir na tíortha eurpaigh is míchristaí anois. Alex



©Daltaí na Gaeilge