mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Léann an Aistriúcháin « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 84.13.1.71
Posted on Monday, June 22, 2009 - 09:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar is eol daoibh a chairde tá cúrsaí go leor a bhíonn ag teagasc chiútaí an aistriúcháin, ach cé acu is fearr?
Tá ceann ar líne (Má Nuad), ceann in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste agus ceann eile i nGailimh? Is dócha nach ndearnadh plé riamh air seo nó is gort measartha úr é i saol na Gaeilge, agus tá mé ag smaoineamh ar chur isteach ar áit i gceann de na cúrsaí ach an cúrsa 'is fearr' a roghnú / nó an ceann an bhfuil an luach saothair is mó ag baint leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 363
Registered: 07-2006
Posted on Monday, June 22, 2009 - 02:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'fhéadfá tosú ar cheird an aistritheora gan chúrsa ar bith a dhéanamh ach na téacsanna agus an chomhairle atá ar www.acmhainn.ie a léamh. Cúpla ceann de na leabhair is tábhachtaí ná Lorg an Bhéarla le (???), Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, agus Gaoth an Fhocail. Ina dteannta sin chaithfeá tú féin a thumadh i nGaeilge dúchasach na Gaeltachta chun dul na teanga a dhaingniú i d'aigne trí aithne a chur ar mhuintir na Gaeltachta agus trí litríocht na Gaeltachta a léamh. Bí san airdeall ar chuid de na haistriúcháin a foilsíodh le déanaí: bíonn gach tús lag. Má fheiceann tú droch-Ghaeilge iontu ná bí ag ceapadh gur sampla le leanacht í. Cuir feabhas uirthi. Droch-Ghaeilge droch-Ghaeilge. Muna bhfuil sár-Ghaeilge den scoth agat ní dhéanfaidh Teastas deireadh chúrsa difear ar bith ná ní bhfaighidh tú "an luach saothair is mó." Más ciste óir na leipreachán atá uait tosaigh ag an tús: foghlaim cruinneas agus saibhreas na teanga tú féin. Bí ag léamh, ag scríobh agus ag éisteacht.

Beidh ort saibhreas an Bhéarla a shaothrú chomh maith ar ndóigh.



©Daltaí na Gaeilge