Author |
Message |
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 21 Registered: 02-2008
| Posted on Wednesday, June 10, 2009 - 10:03 am: | |
A chairde Tá mé ag iarraidh aistriúchán a chur ar an tearma "silent auction." An dóigh le héinne go mbeadh "ceannt faoi chogar" oiriúnach? Tá "ticéid chrannchuir" agam cheana ar "raffle tickets." Tá mé i mbun comharthaí a dhéanamh le haghaidh an "fundraiser" (caidé sin as Gaeilge???) ar son mo chara Mícheál McMechan. http://www.facebook.com/pages/Benefit-Concert-forMichaelMcMechan/95199660989 Go raibh maith agaibh roimh ré ar aon tuairimí uaibhse. Slán |
|
An_dreoilín
Member Username: An_dreoilín
Post Number: 12 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, June 10, 2009 - 10:55 am: | |
fundraiser - bailiúchán airgid ceant ("n" amháin) tostach? ceant gan glór? Ach seachas an "n" breise sin, is dócha go mbeadh "ceant faoi chogar" maith go leor. Go n-éirí go geal libh. |
|
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 22 Registered: 02-2008
| Posted on Wednesday, June 10, 2009 - 01:40 pm: | |
Go raibh míle maith 'ad as na moltaí, a dhreoilín. Cé nach mbeidh Gaeilge ag an cuid is mó de na daoine i láthair, ba mhaith liom bheith chomh beacht agus is féidir! Beidh na comharthaí dátheangach ar nós seanchomharthaí bóthar na hÉireann. B'fhearr liom "ceant gan glór". ("n" breise - mise ag smaoineamh ar ainm Éamonn, b'fhéidir?) Slán |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 345 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, June 10, 2009 - 06:35 pm: | |
Cad is "silent auction" ann in aon chor? An é go gcaithfidh gach aon duine an méid is mó a thabharfaidh siad ar rud éigin a scríobh ar ghiota páipéir agus ansin go nglaotar ar an mbuaiteoir? "Dutch auction" a thugtar ar a leithéid sin in Éirinn is dóigh liom. Cad déarfá faoi "Ceant Rúnda?" nó "Ceant faoi Rún?" |
|
An_dreoilín
Member Username: An_dreoilín
Post Number: 13 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, June 10, 2009 - 08:25 pm: | |
Is maith liom Ceant Rúnda. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 23 Registered: 02-2009
| Posted on Thursday, June 11, 2009 - 11:17 am: | |
"Dutch Auction" is é mo thuairim ... tosaíonn an ceantálaí le luach an-árd, agus téann sé síos agus síos, agus i ndeire na dála, faigheann sé luach éigin eadaoin |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1087 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 12, 2009 - 06:13 am: | |
Ní hé, a Thaidhgín, ach rud níos cosúla le eBay sa bhfíorshaol, más é go bhfuil taithí agat ar an suíomh sin. Gach earra atá le díol ar an gceant, cuirtear ar taispeáint sa halla é agus bileog lena ais. An té a chuirfeadh spéis in rud eicínt a cheannacht, scríobhadh sé a ainm agus an méid a thabharfadh sé air ar an mbileog agus ar aghaidh leis síos an halla. Is féidir leis filleadh air in am ar bith, féachaint ar na méideanna a thairg daoine eile ina dhiaidh agus atairiscint a dhéanamh más mian leis, díreach mar a dhéantar ar cheant glórach. Dúntar an ceant uilig ar uair áirithe agus fógraítear ansin cé a fuair gach rud. Is é an buntáiste is mó a bhaineanns leis an gcur chuige seo ná gur féidir na scórtha nó na céadta nithe a dhíol san am céanna, gan an líon sin de cheantálaithe a bheith uait, ná gan a thabhairt ar dhaoine éisteacht le ceantáil na nithe nach gcuireann siad féin spéis iontu. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8427 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 12, 2009 - 06:18 am: | |
Ceant chiúin, mar sin! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1088 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 12, 2009 - 08:10 am: | |
Ceant ciúin (ós focal fireann é "ceant") ach b'shin é mo mholadh freisin. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8428 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 12, 2009 - 08:18 am: | |
Bail ó Dhia ar do chuid gramadaí! GRMA. |
|
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 23 Registered: 02-2008
| Posted on Friday, June 12, 2009 - 02:38 pm: | |
A Abigail, Sin é go díreach an rud atá i gceist againn. Agus ní chreidim fós cé chomh flaithiúil is a mbíonn daoine ag tabhairt duaiseanna agus airgead duinn ar a shon. Socróidh mé ar Ceant ciúin mar sin - agus uaim an-deas leis! Go raibh na mílte maithe faighte agaibh go léir. Slán |
|