Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 327 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 07:36 pm: | |
Tar éis an-chuid de mo shaol a chaitheamh le Gaeilge, á léamh, á labhairt, agus anois, á scríobh rith sé liom nár mhiste aird a tharraingt ar línte filíochta nó próis a chuaigh i gcionn orm agus a d'fhan i mo chuimhne. Seo thíos ceann a thaitin liom agus atá tráthúil na laethanta seo a bhfuil íospairt na bpáistí i ndíleachtlanna agus i scoileanna áirithe á nochtadh. Rinneadh gearán leis an bhfile seo i dtaobh gan dul ar Aifreann ach fanacht amuigh ina shuí ar chruach móna. Seo a fhreagra (más cuimhin liom i gceart é): "Ní hí an ainnise is measa linn ná bheith thíos go deo Ach an tarcaisne a leanas í a ghoinfeadh na leoin. Má tá an tAthair-Mhac mar an Eaglais níl brí inár ngnó Is ní fearra linn an tAifreann ná suí ar an móin." Anois, iarraim ortsa, a léitheoir dhil, abairt nó líne as an litríocht a thaitin leatsa a chur ar ár súile dúinn arís. |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 179 Registered: 03-2009
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 08:40 pm: | |
níl mé in ann pioc aon ceann b'fheidir an ceann as an t-oileánach ní beidh ár leithidís arís ann (bhuel beagnach, rud cosúil le sin ach i gcanúint gcúige mumhan agus litriú ceart) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8332 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 05:26 am: | |
Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh,ach,creid mise,ní searbh atá sí ach garbh,agus sin an fáth a seachantar í Seosamh Mac Grianna, Mo Bhealach Féin. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 331 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 03:09 pm: | |
D'aimsigh mé an t-amhrán seo agus is maith liom é: (Freagróidh mé ceisteanna air más mian leat ceist a chur.) Teideal: AN CLÁR BOGDÉIL nó CAISEAL MUMHAN Phósfainn thú gan bó, gan punt, gan áireamh spré A chuid den tsaol gan toil do mhuintire, dá mb'áil leat é Sé mo ghalar dúch gan mé ‘gus tú, a ghrá mo chléibhe, i gCaiseal Mumhan 'S gan de leaba fúinn ach an clár bogdéil Siúil, a chogar, is tar i m'fhochair, go dtéam ón ghleann Agus gheobhaidh tú foscadh ar leaba fhlocais, agus aer cois abhann. Beidh na srutha ag déanamh torainn faoi ghéaga crann. Beidh an lon dubh inár bhfochair is an chéirseach ann Searc mo chléibhe, do thugas féin duit, agus grá trí rún Is dá dtagadh sé de chor sa tsaol, Go mbeinn féin 's tú agus ceangail cléire bheith eadrainn araon les an bhfáinne dlúth. Is dá bhfeicfinn féin mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha [Tá rud éigin in easnamh sa triú véarsa dar liom.] |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 17 Registered: 02-2009
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 06:02 pm: | |
"Oíche Nollag" le Máire Mhac an tSaoi "Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha, Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc...." Is breá liom "fiacail an tseaca" eadaoin |
|
|