Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 257 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, April 18, 2009 - 09:21 pm: | |
Siar go Conamara a chuamar deireadh seachtaine na Cásca. Gaeilge á labhairt go tréan ag gach aon duine os comhair an tséipéil i gCárna. Gaeilge líofa ag gach aon duine de na freastalaithe san óstán seachas an bainisteoir / bainistreás. Chuir sé bior i mbeo ionam an Béarla a chloisteáil ón mBainisteoir agus í ag labhairt le cainteoirí dúchais óga na Gaeltachta. Lucht an airgid agus lucht na Gaeilge. Uasal agus íseal. Droch-thionchar ag an bhfostóir ar an aos óg ó thaobh na teanga de. Mhol mé daoi an biachlár a chur i nGaeilge. Bhí sé i mBéarla. Dúirt mé léi go múinfeadh sé sin na téarmaí do na freastalaithe. "Oh. I suppose so!" Thugas le fios go mbeadh an-díomá orm muna mbeadh Gaeilge le cloisteáil agam sa Ghaeltacht. Thugamar cuairt ar an gCeathrúin Rua. Tháinig scata fear is ban isteach sa bheár um thráthnóna le féachaint ar an Rugar. Gaeilge uilig ar siúl acu lena chéile. Is dóigh liom gur baineadh geit astu nuair ba léir dóibh go raibh Gaeilge ag "na strainséirí" chomh maith. Ba leor an leide ba lú chun freastalaithe na siopaí is na ngaráistí a chur ag caint Gaeilge. Bhí sí acu go líofa flúirseach. Tá's agam gurb é ceantar Chárna is na Ceathrún Rua croí-lár na Gaeltachta ach bhí an teanga i bhfad níos láidre, níos feiceálaí, agus níos éasca a chloisteáil ná mar a shamhlaigh mé a bhéadh. Tá rud éigin ag tarlú ... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8155 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 19, 2009 - 02:42 pm: | |
Tá. Misneach ag fás! |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 26 Registered: 02-2006
| Posted on Sunday, April 19, 2009 - 04:13 pm: | |
Taidhgín Ar chuala tú cúpla scéal grinn ansin? An bhfuil Seanchaí ar bith ina chónaí ann go fóill? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 259 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, April 19, 2009 - 05:29 pm: | |
Cheapfainn gur mé féin an seanchaí ba sheanfhaiseanta dearóil a bhí i gConamara an deireadh seachtaine sin. Bhí pobal na háite greamaithe de scáileán an ríomhaire mar atá sibhse -- agus mé féin. Tá Meiriceá sa bhaile acu anois i gConamara. Cibé rud a tharlóidh amach anseo agus an tóin tite as an gcóras airgeadais agus na bainc dócmhainneach (neamhacmhainneach) táimid go léir mar a bheimis ag titim síos sa duibheagán in umar na haimléise gan paraisiút. Ar ais chuig ceapach na bhfataí agus an gabáiste is dócha? Breith ar choiníní le dol roimh an ngréin? Bric a bhaint as sruth? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 597 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 01:55 pm: | |
Ba an-deas do scéal a léamh, a Thaidhgín! Tháinig cumha orm i ndiaidh "Chonamara lochach chlochach" dhá bharr sin :) Is mithid dhom tosaí ag socrú geábh eile chomh fada leis an gcósta thiar! Céard a cheapanns tú do Charna? Níor thaistil mé níos foide ó thuaidh de Ros Muc leis an gcósta ariamh, ach is é an tuiscint atá agam go bhfuil áilleacht fhiáin Chonamara ag goil i méid agus i neart, mar déarfá, de réir mar a théanns tú síos an cósta. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 268 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 03:30 pm: | |
Is í an áilleacht is fearr liomsa in áit mar sin ná geanúlacht na ndaoine agus a bhfonnmhaireacht an Ghaeilge a labhairt leis an strainséir. Chaitheas mí i gCill Chiaráin tá 35 nó 40 bliain ó shin agus an uair sin shíl mé gur áit dhorcha fliuch a bhí inti cé gur thaitin féile agus flaithiúlacht na ndaoine liom. An uair seo bhí an ghrian ag scalladh ar Chnoc Mhordáin agus bhí gach uile rud i gceart. |
|