mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Taithí mar Ghaeilgeoir an uair seo « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 30
Registered: 05-2008
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 07:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,

Tá mé in Éirinn anois go dtí De Luain. Ar ndóigh, bhí me i gcathair na Gaillimhe, ar feadh trí lá. Agus an oíche seo, bhí mé ag fanacht in Inis faoi choinne ceoil tradisiúnta. Agus rinne mé taithí spéisialta le caint as Gaeilge arís.

Dé Máirt, tháinig mé ón nGearmáin ag an Aerfórt Bhaile Átha Cliath. Ansin thaistil mé chuig stáisiún traenach Heuston. Tar éis dom cur in áirithe ticéad traenach chuaigh mé ag oifig na dticéad chun mo thicéad a bhailiú. Agus dúirt mé as Gaeilge cad tá uaim. Agus thuig sé uilig. Is trua nár thuig mise an abairt a dúirt sé liom de réir an thorainn timpeall an stáisiúin. Ansin i gcathair na Gaillimhe chuardaigh mé an brú óige a chuir mé in áirithe. De bhrí nach fuair mé é, chuaigh mé isteach siopa bia scioptha chun an bhealach a iarradh. Ar ndóigh, labhair mé Gaeilge ar dtús. Agus féach, fuair mé freagra as Gaeilge liofa ón gcailín óg. Sa bhrú, ní raibh Gaeilge ag aon phearsa. Ach bhí neamh-Éireannaí acu freisin. Tráthnóna amháin, chuala mé gur Éireannach buachaill amháin a bhí ina shuí os mo chomhair. Mar sin, thosaigh mé ag labhairt Gaeilge. Dúirt sé liom go bhfuil beágán Gaeilge aige. Ach ní raibh a chuid Gaeilge chomh dona sin. Sin buachaill a bhfuil suim aige i gceol traidisiúnta as Gaeilge. Chuir mé ceist air cé mhéad úsáid a mbaineann sé as a chuid Gaeilge. Dúirt sé go mbaineann sé úsáid as a chuid Gaeilge beagnach riamh. Shíl mé gur an-mhór an trua é! Shílfainn gur cheart ar dhuine cheol as Gaeilge í a labhairt chomh maith! San oíche chuaigh mé chuid Árus na nGael, an club Gaeilge chathair na Gaillimhe. Bhí díomhá an domhain agam mar gheall ar go raibh cóisir dhaoine as Sri Lanka ar siúl an oíche sin. Cén fáth a bhfuil cóisir mar sin ar siúl in áit na Gaeilge? Nach féidir leo cóisir a dhéanamh in áit eile? Ach bhí an dheis agam chasadh ar lucht na Gaeilge ainneoin. Bhí daoine as Sri Lanka cáirdiúil ach mar sin féin, chuir mé an cheist orm cén fáth a bhfuil siad ag eagrú a gcóisir in áit na Gaeilge. Tá an Éirinnn sroichthe ag an ilchultúrthas chomh maith! An chéad lá eile, chuaigh mé isteach an teach ósta tigh Choilí. Tá an áit sin ainithe mar áit a bhfuil Gaeilgeoirí inti go minic. Agus ba chuimhin le fear na foirne a bhí faoi láthair orm. Agus bhí sé ag caint chomh scioptha go raibh orm cúram a dhéanamh gur thuig mé uilig a dúirt sé. Bhí fear eile as an nGaeltacht faoi láthair agus dúirt sé liom:"A chomrádaí..." Thug sé a huimhir ghutháin liom. Bhí aoi eile ann agus mise ag cur ceist air cathain agus cén áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus an bhfuil sé as an nGaeltacht. D'fhreagair sé liom gur as cathair na Gaillimhe dó agus gur fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil. Shíl mé gur féidir Gaeilge liofa a bheith ag Éireannaí a d'fhreastail ar ghnáthscoileanna. Dúirt sé liom gur bhain sé úsáid as a chuid Gaeilge go minic agus gur as an gcúis sin go bhfuil Gaeilge liofa aige. Ansin, bhí mé ag caint le fear eile sa teach ósta ar mhaith leis Gaeilge a labhairt cé nach raibh Gaeilge chomh liofa sin aige agus cé gur thit sé chuig an mBéarla uaireanta. Ach d'fhill sé ar ais chuig an nGaeilge de bhrí gur lean mé orm caint as Gaeilge. Uaireanta, dúirt mé as Gaeilge an abairt nuair a thit sé chuig an mBéarla. Ansin, chuaigh mé chuig siopa chun leigheas in aghaigh tinneas cinn a cheannach. Thosaigh mé ag caint as Gaeilge. Ansin, chuaigh an bhean chuig fear na foirne agus d'iarr sí an bhfuil Gearmáinis aige! Bhí saghas náire orm! Ar ndóigh, dúirt mé "Gabh mo leithscéal..." as Béarla mar is duine múinte mé. Chuaigh mé chuig Árus na nGael arís. An uair sin, bhí ciorcal comhrá ar siúl agus daoine óga le Gaeilge liofa ag freastal air. An chéad lá eile, bhí club shean-nóis ar siúl. Chomh hálainn is atá sean-nós!
Dé hAoine, thaistil mé chuig Luimneach agus ansin chuig Inis i gcontae an Chláir. Chuaigh mé chuig oifig na dticéad Bhus Éireann chun mo thicéad a bhailiú. Anseo arís, thuig an fear uilig a dúirt mé. Ag brú óige in Inis, chuaigh mé chuig oifig turasóireachta agus Gaeilge liofa a bheith ag na ndaoine anseo! Chuala fear eile mo chaint as Gaeilge agus d'iarr sé ar bhean na hoifige grianghraf a dhéanamh uainn. Bhí an-áthas aige go bhfuil Gaeilge agamsa mar duine eachtrannach! Thug mé cuairt ag An Clár as Gaeilge agus bhí caint fhada agam le fear na hoifige! San oíche, thug mé cuairt ag Cois na hAbhna, an t-ionad Chomhaltas Ceoltóirí na hÉireann. Anseo chomh maith, chas mé ar cheoltóir le Gaeilge liofa, fiú amháin cainteoir dúchais lasmuigh den Ghaeltacht atá ann!
Tá mé ar bís cad a bheidh ar siúl in ionad Árais Chrónáin i gCluain Dolcáin!
Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 1
Registered: 04-2009
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 09:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí tú i gCathar na Gaillimhe, ach ní dheachaigh tú go Connamara??

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 253
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 09:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú, a Alexderfranke. Dúirt mé leat go bhfaighfeá Gaeilge dá bhféadfá féin í a labhairt. Tá beirt as gach triúr fábharach di agus céadatán maith láidir díobhsan in ann í a labhairt go maith ach nach bhfaigheann siad seans ar bith "nós an Bhéarla" a bhriseadh.

Más mian leat teachtaireacht a chur chuig taidhgin@eircom.net sula dtéann tú abhaile b'fhéidir go bhféadfainn bualadh leat agus cúpán tae a thairiscint duit.

Cathain a bheidh tú ag dul go hÁrus Crónáin?

An bhfuil tú ag taisteal i d'aonar nó an bhfuil comhluadar in éineacht leat?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 30
Registered: 01-2009
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 07:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nílim chomh misniúil ná tusa, a Alexanderfranke, ach seans go bhfuil buntáiste agat mar eachtrannach! Taispáineann tú go bhfuil daoine toilteanaigh chun an teanga a labhairt i ngach áit sa tír. In ainneoin sin, ní bainfinn triail as "cold call" as gaeilge - b'feidir go gá liom mo bhagáiste a cailleadh! Maith thú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 31
Registered: 05-2008
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 09:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé ag taisteal in i m'aonar. Braitheann go leor ar an n-ádh a bheidh agat le casadh ar Ghaeilgeoirí ach amhain sa Ghaeltacht. Ach taobh eile de, chuala mé nach bhfuil muintir na Gaeltachta sásta go minic Gaeilge a labhairt le strainséirí. Ach lasmuigh den Ghaeltacht, bíonn cainteoirí sásta úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge má taspeáineann tú go bhfuil mórán Gaeilge agat. Sa Ghaeltacht, b'fhéidir, is fiú gan fhreagra a thabhairt do chaint as Béarla agus ag dúirt:"Is sa Ghaeltacht atá muid!"
Náire ar na hÉireannaí gan aon Ghaeilge agus go háirithe ar na dtuismitheoirí níor thug aire go bhfuil Gaeilge sách-mhaith ag a bpáistí! Is náire nach féidir a bheith níos mó é go bhfuil chomh beágán Gaeilge ag an gcuid is mó na n-Éireannach tar éis dóibh freastal ar scoil ar feadh blianta! D'fhoghlaim mé Fraincis ar feadh dhá bhliain amháin agus mise a bheith sách-liofa inti!
Cad is féidir liomsa, is féidir leis na hÉireannaí ar aon chaoí! Bíonn i bhfad níos mó féadachtaí agus ama ag na hÉireannaí ná agamsa chun deiseanna a chuardach, bheith ag an obair, bheith sa chaitheamh aimsire nó cibé áit. Agus faoi dheireadh, is féidir an fháinne a chaitheamh. Ba chóir do níos mó daoine an fháinne a chaitheamh! Go háirithe i gcathair na Gaillimhe, tá Gaeilge ag go leor daoine. Ach tugann tú faoi déara go maith an bhfuil na daoine sásta Gaeilge a labhairt nó nach bhfuil. Má tá, bíonn áthas orthu agus déanann siad a ndíchil freagra as Gaeilge a thabhairt duit agus b'fhéidir go dtiocfaidh comhrá as d'iarradh. Má níl, ní bheidh aon fhocal as Gaeilge labhartha ag an duine. Ar ndóigh, smaoinfidh roinnt daoine díot:"Amadán de dhuine arís...". Ach cad ba cheart duit a smaoineamh (nó a rá má tá an mhuinín agat)? Go díreach:"Póg mo thóin!".
Chuaigh an suim orm inár dteanga nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Is mór an trua nach raibh aon áis cheart ar fáil agam chun ár dteanga a fhoghlaim. Cén fáth nach ndearna na tuismitheoirí agus na scoláirí eirí amach as múineadh na Gaeilge chomh dona sin ar scoil?
Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 32
Registered: 05-2008
Posted on Saturday, April 18, 2009 - 09:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le Conamara: Bíonn na hiompair phoiblí thar a bheith go dona chuig Conamara. Bhí sé ar intinn agam ach níor ghlac mé an bus.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 258
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, April 19, 2009 - 05:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fuair mé do theachtaireacht, a Alex, agus tá freagra seolta agam.

Mar a dúirt mé i snaithe eile "Mo chuairt ar an nGaeltacht" bhí mé i gConamara theas seachtain ó shin agus chuala mé neart Gaeilge. Tá daoine ar bís leis an teanga a labhairt.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 939
Registered: 11-2004


Posted on Monday, April 20, 2009 - 10:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Buntáiste ag an bhfoghlaimeoir eachtránach ná nach mbíonn aon náire orainn labhairt as Gaeilge breac le botún. Tá cara agam agus droch-Ghaeilge ar fad aige, ach bíonn comhráite as Gaeilge aige gach áit a théann sé in Éirinn, agus ní miste le héinne, mar is duine breá gealgháireach é. Sin an rud - labhair í agus mairfidh sí!

Bíonn siúlach scéalach...níl aon alt agam do An Gael as an nGearmáin fós, a Alex...cur síos ar d'eachtraí in Éirinn?

[cúpla nod duit, mura miste leat - tá 'faoi láthair' agus 'i láthair' trína chéile agat. Tugtar cuairt AR áit. Agus bíonn mothúcháin ORT.]

(Message edited by Séamas_Ó_Neachtain on April 20, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 33
Registered: 05-2008
Posted on Monday, April 20, 2009 - 07:40 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar sin féin, náire ar na hÉireannaí gan Ghaeilge ar bith nó le beagán Gaeilge! Agus fós níos mó náire ar na tuismitheoirí nach dtabhaireann tacú do fhoghlaim mhaith na Gaeilge dena bpáistí! Tá meas agam roimh dhaoine óga le Gaeilge ar fheabhas in ainneoin drochmhúinidh sa chóras oideachais agus lagstadais na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is féidir leis na tuismitheoirí ar fad leabhair pháistí as Gaeilge a thabhairt do na páistí. Déarfaidh an páiste níos déanaí:"Léigh dom é!" Go cinnte go bhfuil aon dhuine de na gaolta in ann é a léamh don pháiste! Ní chreidim i gcónaí nach bhfuil mórán Gaeilge ag duine éigin ar chas mé air. Creidim é más duine níos sine atá i gceist de bhrí go ndearmadann an té nach mbaineann úsáid as an nGaeilge cuid mhaith. Is dóigh liom nach bhfuil fonn ar roinnt daoine go simplí Gaeilge a labhairt nó gur chas mé ar dhaoine óga a bhí ina gcónaí lasmuigh den Éirinn go ceann blianta. Creidim go maith nach labhraíonn go leor daoine Gaeilge ach amháin sa bhaile le cáirde éigin nó ag imeachtaí Gaeilge. Seo í cúis a raibh daoine éagsúla i bhfóram Gearmánach ag magadh asam ná gur inis mé dóibh faoi na hiasachtaí Gaeilge a bhaint na daoine.
Go n-éirí libh, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 343
Registered: 10-2007


Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 06:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cosúil go raibh craic mhaith agat in Éirinn a Alex, a chara!

Bhí mé in Éirinn anuraidh ar feadh dhá seachtain agus labhair mé Gaeilg an t-am ar fad siocair nach raibh mé ag iarraidh aon Bhéarla a labhairt, labhair mé í sna siopaí, tithe tábhairne srl. Agus nuair a bheas ag taisteal in Éirinn is cuma cá háit a bhfuil mé ins an tír beidh mé ag caint i nGaeilg agus ar ndóighe muna bhfuil Gaeilg acusan, labhróidh mé i mBéarla ar a son.

Tá cara agam as an Isíltír agus tá Gaeilg líofa aige, nuair a théid sé go hÉireann labhrann sé Gaeilg i gcónaí gan focal Béarla ar bith agus uair amháin nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath bhí sé ag gabháil ar an bhus chonaic sé ''An Lár'' ar an taobh den bhus agus ina dhiaidh sin chuaigh se isteach ins an bhus agus d'inis sé don fhear ''Go dtí an lár, más é do thoil é''. Cha raibh an fear in ann é a thuigbhéal agus bhí ''An Lár'' ar an bhus!

Gaeilge go deo!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 34
Registered: 05-2008
Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 08:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rinne mé an rud céanna mar a d'inis mé! Más a leanúint ort ag labhairt Gaeilge atá tú cé nach bhfuil sí ag an duine nó cé go ndiúltar a rá leat as Gaeilge, beifear feargach. Bíonn sé mímhúinte a dhéanamh mar a bheadh Manchán. Mar tá a fhios ag uile dhuine go díreach nach bhfuil aon Éireannach ann inniu gan Bhéarla a bheith aige..
Bhí an chraic mhaith agam. Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 940
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 12:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

[Ag spochadh asat, ach ag magadh fút, a Alex, a chara]



©Daltaí na Gaeilge