mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Arís: An Ghaeltacht agus a todhchaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 24
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, April 01, 2009 - 08:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,
léigh mé go bhfuil anois go leor páistí ann sna Gaeltachtaí nár tógadh le Gaeilge. Ní bheidh ceal an nGaeltacht dosheachanta. Mar cén fáth nár chóir do chuid mhaith de na páistí sin a bpríomhtheanga a athrú chuig an nGaeilge má bhíonn siad ag cloisteáil na Gaeilge go minic agus má fhoghlaimeoidh siad an Ghaeilge go maith ar scoil?
Mar sin féin, ní bheidh sé seo gan tionchar ar chaint na Gaeltachta. Dar liom, beidh an Chaighdeán le rud beag blais an chontae ag spreagadh ar fud na nGaeltachaí. Mar gan a bheith tógtha trí mheán na Gaeilge, uilesheans go bhfoghlaimeoidh siad an Chaighdeán. Thairis sin, beidh teagmháil le Gaeilgeoirí eile ar son na Caighdáine. I nGaeltacht Dhún na nGall, is dóigh liom go mbeidh tionchar as Béal Feirste agus Doire fós níos láidre. Mar sin, uilesheans go bhfanadh blas trom i dTuisceart an oileáin de bhrí go bhfuil féin-mhúinín áitiúil láidir ag muintir an Ulaidh. Ach is féidir nach mbeidh difríocht mhór fágtha i ndeisceart an oileáin mar gheall ar nach bhfuil mórán Gaeilge ann in aon chathair sa deisceart cosúil le cathair na Gaillimhe san iarthar nó cathair Bhéal Feirste agus Dhoire sa tuisceart. Thairis sin, ní bhíonn cuid mhaith Gaeltachtaí na Mumhan láidir.
Dar liom, beidh ceal na gcanúintí áirithe bheagcheantair dosheachanta de réir an shaoil nua-aimseartha. Is mór an trua é, ar ndóigh, ach is é an príomhrud na Gaeltachtaí a choinneáil mar áiteanna le níos mó na Gaeilge iontu ná áiteanna eile sa tír. Sin é cinnte: Cathfidh muintir na Gaeltachta a bheith gníomhach ar son na Gaeilge mar a bheadh pobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le fada.
Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 206
Registered: 07-2006
Posted on Wednesday, April 01, 2009 - 03:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá dtabharfá cuairt ar an nGaeltacht in áit ar bith chasfaí turasóirí le Béarla ort sa siopa, thíos ar an gcéibh, sa mhonarcha, nó ar an láthair tógála. Seans go mbeadh sagart le Béarla ann ach é ag foghlaim na teanga ar ndóigh. Seans gur abhaile ó Shasana nó ó Mheiriceá a tháinig gach dara comhluadar ar an mbaile agus iad ag tógáil na bpáistí le Béarla ach ag labhairt Gaeilge le Mamó agus Deaideo agus le strainséirí a mbeadh cuma an údaráis orthu, gaugers ón Roinn Leasa Shóisialaigh nó Cigire an Deontais ó Roinn na Gaeltachta srl.

Istigh sa teach is é an teilifís atá i gceannas. Ceann in gach seomra agus na gasúir ag faire ar na cláracha céanna atá ag muintir Bhaile Átha Cliath, Londan, nó Nua-Eabhrac.

Míorúilt de mhíorúiltí móra an domhain é go bhfuil Gaeilge labhartha de chineál ar bith ag aos óg na Gaeltachta.

An mairfidh sí? Mairfidh más féidir leis an bpobal maireachtáil. Scriosfaidh an imirce agus an lagthrá eacnamaíochta na pobail seo. Nuair nach mbeidh ach daoine scothaosta ina gcónaí sna Gaeltachtaí beidh deireadh leis an teanga bheo sna ceantair sin.

An mairfidh sí taobh amuigh den Ghaeltacht? Mhair an Laidin míle bliain tar éis titim na hImpireachta Rómhánaí a bhuíochas don Eaglais agus d'Uasaicme na hEorpa a choinnigh orthu á saothrú. Mairfidh an Ghaeilge leis má mhaireann an Náisiún Gaelach. Náisiún atá in ísle brí faoi láthair agus i bhfolach go maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 25
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, April 01, 2009 - 08:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar liom, mairfidh an Ghaeilge idir na daoine léannta. Sa Ghaeltacht bíonn fós rud beag íomhá ar an nGaeilge mar theanga na tuaithe agus an dhaonra bocht. Ach sna cathracha, bíonn íomhá malairteach uirthi inniu. Is daoine léannta é formhór na nGaeilgeoirí ar bhuail me leo in Éirinn agus nár tógadh sa Ghaeltacht. Ba mic léinn í cuid mhaith acu. Is dóigh liom gur as an muintir míchliste agus muintir nua-aimseartha an gheilleagair a thagann na tolgaí ar éadan na Gaeilge den fhormhór. Sa mhuintir míchliste tagann sé as neamhshuim agus claontachtaí. I muintir nua-aimseartha, tagann sé as an mbarúil gur fiú airgead agus am a chaitheamh ar chúrsaí a bhfuil baint acu le brabach mór agus íomhá idirnáisiúnta. Mar sin, is cuma leo an oidhreacht. Go nádúrtha, ní bhíonn na barúlacha luaite thuas go ginearálta ag cuid áirithe an dhaonra. Ach tá claon ann go maith. Is dóigh liom go mbeidh an fhorbairt sin ag sreachaint na nGaeiltachtaí amach anseo. Is seans í forbairt na turasóireachta culúrtha agus nádúrtha do mhuintir na Gaeltachta. Thairis sin, tá forbairt na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, Dhoire agus Bhéal Feirste an-thábhachtach do choinneáil na nGaeltachtaí. Uilesheans go tabharfaidh ard-íomhá na Gaeilge sa chathair muinín do chuid mhaith mhuintir na Gaeltachta. Ach ní féidir a bhaint amach go bhfuil uile dhuine ag caint as Gaeilge gach lá sa Ghaeltacht arís. Dar liom, tá sé dosheachanta inniu go ndéanfaidh cuid mhaith mhuintir na Gaeltachta cinneadh ar son an Bhéarla. Braithfidh sé fós níos mò ar bharúil d'aon phearsa.
Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 29
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, April 12, 2009 - 08:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin é a tharlóidh go cinnte chomh maith: Beidh tionchar an Bhéarla ar Ghaeilge na Gaeltachta ag éirî i bhfad níos láidre amach anseo. Mar beidh fós níos mó cainteoirí nach tógadh trí mheán na Gaeilge ann fiú amháin sa Ghaeltacht. Ach cén dochar? Céard acu is fearr: Leanúint na Gaeilge faoi thionchar an Bhéarla nó bás na Gaeilge? Ar ndóigh, ba chóir cúram a dhéanamh Gaeilge chomh bunúsach is féidir a thabhairt do na glúin a thiocfaidh. Tá seanchas na Gaeilge againn go fóill agus is féidir úsáid a bhaint as sa chóras oideachais mar a dhéanaimidne le Goethe agus Schiller sa Ghearmáin. Maidir lenár dteanga áitiúil, bainim úsáid as téacsanna curtha síos den seanchas chun foghlaim as na foinsí bunúsacha.
Faoi dheireadh, is fiú blas Éireannach an Bhéarla a choinneáil beo sa tslí is go leanfaidh an blas sin ar an nGaeilge. Mar seo í an fhírinne chomh maith ná go bhfuil tionchar as an nGaeilge ann i mBéarla na hÉireann. Dar liom, gabhann an Ghaeilge agus an Béarla i dtionchar le chéile de réir an bhlais. Ní thug mé faoi déara fíordhifríocht idir chainteoirí na Gaeltachta agus na cinn le Gaeilge liofa go leor lasmuigh den Ghaeltacht. A chainteoirí dúchais, ná bígí ag magadh! Gabhaigí go dtí na cathracha agus tabhairaígí bhur nGaeilge mhaith do lucht na Gaeilge ansiúd!



©Daltaí na Gaeilge