mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » "Muscail do mhisneach, a Bhanbha!" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 467
Registered: 04-2008
Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 10:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil ag éinne téacs iomlán an dáin chlúiteaigh "Muscail do mhisneach, a Bhanbha" i bhformáid ar líne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 312
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 07:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 477
Registered: 04-2008
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 07:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat, a Sheosaimh. Sin a fuaireas san idirlinn nuair a raibh an seanlitriú agam á lorg.

(Message edited by Domhnaillín_Breac_na_dTruslóg on April 05, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 314
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 07:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé fada go leor thíos ann:

[XXXVI.]
{C Prós}
Iar bhfoillsiughadh a bhfeill agus a bhfionnghaile i ndéanamh
síothchána le heiricidhibh agus iar dtógbháil a gcinn don droing
ar a dtugthar an [Faction] .i. lucht leithleachais do dheadhail,
i gceilg agus i mbriseadh mionn, iad féin amach as an gcorp
Catoilice ar a dtugthar an [Confederation] .i. as an gcomhcheangal
síthe agus cabhra agus comhail do_rinneadar [Éireannaigh] eatarra
féin fa mhóidibh Bíobla Dé um cogadh do dhéanamh ag cosnamh
an chreidimh fhírinnigh i [n-Éirinn].

{C DD}
Músgail do mhisneach, a [Bhanbha];
breathnaigh feasda forlann t'uilc;
in bhur bhfaill ar feadh an fhillse
ná caill seadh, a linn+se [Luirc].

Do himreadh ort feall go fiadhnach,
má do fealladh ar fonn fós;
gearradh mín ar mheall do bhrághad
do shín tar fheall námhad nós.

Móide is gránna gráin a ngníomha
Gaoidhil féin ar fearaibh [Fáil]
d'imirt an fhill ghoimhigh ghránna,
cinn oirir is chána cháigh.

{L 39}
An chlann dá dtug tír an [Táilghinn]
tabhach córa ar chlannaibh gall,
gérbh iad na togha ba truime,
níorbh iad rogha a cloinne an chlann;

Acht clann mhillteach ar a máthair,
mic gan chás i gcríochaibh liag,
cac tacair an tighe othrais,
nathair nimhe an fhochrais iad.

Clann tar iocht do imir meabhail
ar a máthair - misde a gcion -
do dhíol cill is tuath is tearmann,
a bhfuath linn ní mearbhall mion;

Ar sgáth síthe do shir cogadh,
do chuir cúl lé creideamh dil,
tar éis móide do mheasg conradh,
móide is leasg a lonradh libh.

Clann [Israel] uair san [Éigipt]
fá anbhruid nirt námhad Dé,
go mbriocht ngléisiomláin ngeas ndorcha,
eisiompláir deas Tholcha [Té].

Iar dteacht trí [Mhuir Ruadh] chum réitigh,
ród nár bhealach roimhe riamh,
sléibhte tonn le taobh a slighe,
raon a mbonn re gile grian.

Ród 'nar báitheadh buidhne borba
do bhí i dtóir go dtreathan ngarbh,
gan lot airm, gan choinghleic gcéimeann,
maidhm oirdhreic na mbéimeann mbalbh.

Gan an Coimdhe do chosg d'fheartaibh
gur fhear firmeint - fearadh fras -
a ndíol do phroinn i bplúr neamhdha,
an roinn úr ba breaghdha blas.

{L 40}
Gach blas ba mian leis na macaoimh
ar an manna, dá meas féin;
fuarsad catha na gcean srianach
fleadh na Flatha riarach réidh.

Gan duadh, gan tseisrigh, gan tsaothar,
sásadh pronn ag pobal mór;
ag an lucht i líon an fhásaigh
ní bhíodh tar an lásoin lón.

Gur ghabh déisdin trí dhrúcht nimhe
neóide bochta buidhne Dé,
mar gur domblas an drúcht nuaghar -
tormas far bhrúcht uabhar é.

Uchán gan againn ón [Éigipt]
oinniúin gharga is gairleóg dhoirbh!
gach meacan gach lus don leathsoin
deacar a^-bhus d'easbaidh oirnn!

Rádh na dtruaghán gan taoim céille,
gur chiorrbhaigh Dia an pobal práis
(pobal d'fhíorfhuil is cóir Chuige)
le díoghail mhóir bhruide is bháis.

Clann [Israel] isí [Éire];
[Éigipt] eile a géibheann gann;
a [Mhuir Ruadh] 's a fearta féile
bearta a buadh ar ghléire gall.

A plúr neamhdha anuas ón fhirmeint
Eaglais Dé iona dealradh féin;
lón gan locht gan díosg gan daidhbhreas
i gCorp Chríosd le saidhbhreas séin.

A sódh gan duadh gach dáil chabhra
'na cionn tig ó iocht na bhfeart;
muir agus tír Dia agus duine -
cia díbh nach tuile ag teacht?

{L 41}
Lus [Éigipte] is méithe meacan
modha claona an chreidimh chlé;
is bearta^-ghníomha gan ghriangha
díogha a reachta is riaghla a ré.

Fonn Eabhraidheach d'fhiadhail [nÉigipt]
fonn ar Chomhairle do^-chóidh
d'fhiadhail bhréin an chreidimh cholaigh;
teibidh céim ón chonair chóir.

An fonn céadna i measg ar macaomh
mór an baoghal a bheith fós;
eagail, an tan nár thréig [Éire],
méid do ghabh na tréidhe ar dtós.

Is mór an náire, i n-ainm fhíréin,
d'aicme dár dhual gliocas grinn,
réasúin sdáit ag sdiúir a n-eathar
i n-áit iúil nach creachfadh cill.

Tug ró a bhfuinn i bhfonn na cille
coinnle báite ar bhuidhnibh trá,
bhias 'ga gcloinn i ngruadhaibh gasda
mar roinn uadhaibh lasda lá.

Mairg dá dtiocfadh táir an domhain
do dhol ar iath [Ghaoidhil] Ghlais,
's mar ba dú do shíor ar shíolra
do chlú gníomh ón ríoghra fhrais.

Meas éithigh nó eitigh chreidimh
mar chlú, ar ndol na cainte i gcéin,
re tír 'na ghlór ghnáth dá chasadh,
fáth ba lór re lasadh léin.

Tré tháir drúchta nimhe a^-nallód
's nuimhir Eabhraidheach iar n-éag,
a dtáir úr do chrádh nár chasmhail,
an lán súl do ghasraidh [Ghréag]?

{L 42}
Tré tháir Chuirp Choisreactha an Choimdhe
ceisd nach fuasglaim foircheann cháigh,
acht más measa fíor ná fíoghar
's neasa díon ná díoghal dáibh.

Caraid [Lúiteir] locaid [Cailbhin];
cóir a locadh, líomhtha a nimh;
uchán, amhairc sonn an sgiamhach!
malairt na ndonn riabhach ribh.

Creideamh Chríosd le creideamh [Lúiteir]
(laoch do bhanna [Bhelse^-búb])
curtha arís ag riaradh reachta,
iadhadh grís i sneachta súd.

Gaois an domhnáin, deise a léaxa,
leimhe d'fhiadhain [Öosa] a dháil;
gidh bé ris gach aimsir imgheas
'sé do aimsigh imreas áigh.

T'aire riot, a oileáin [Éireann];
fhéach a thruaghnait treise ar thuit;
ná léig níos sia a suim i mímheas,
cia dod chloinn bhus díleas duit.

Don chloinn ba chlaon i gcúis chreidimh
's i gcás dísle - dia do sbíd! --
obthar libh go bruinne an bhrátha
gach gin chloinne tlátha, tríd.

Ar son bheith do mhacaibh [Míleadh]
ná meas ionnraic iad a^-mháin;
féach trá an don deirbhfhine is dile
dá cheinnbhile Thighe [Táil].

Ar son sgáile do sgáth creidimh
(creidthe gníomh roimh chaint is chairt
ón Chomhairle Aird, ar éirim)
ro^-dhoilghe a mhairg d'[Éirinn] [Airt].

{L 43}
Ar son chonailbhe nó chombá
ná ceanglann subháilce sluagh
acht le gaol fola nó feóla,
dona an chaor nach beódha buan.

Ar son chreidimh go dian díreach,
gan dol seacha anonn ná a^-nall,
a dteadhma tar tháin do thionnlaic,
dáil na feadhna is ionnraic ann.

Ag so an chlann is clann dá_ríribh;
riú-so is sínte súgh do chíogh;
bíodh i gcéim gurbh iad dob ísle,
is iad féin is dísle dhíobh.

Ní hiad iarras áit ná onóir
ná an fear thuas do threasgradh síos;
t'fhonn is cóir chugtha gan oiréad;
dóibh is tugtha i gcoimhéad cíos.

Míle go leith sé is seacht bhfichid
annáil [Öosa], iar n-uair gan ghó,
aimsear bhuadha na bhfial bhfeardha;
ní chuala riamh meanma is mó.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 310
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, April 09, 2009 - 04:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tobar dofholmhaithe an chultúir gaelach!

Níl ach trí véarsaí den amhrán "Iníon an Fhaoit ón nGleann" agam. An bhfuil an leagan iomlán ag éinne?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge