Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 21 Registered: 05-2008
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 06:03 am: | |
A chara, an bhfuil Gearmáinis ag duine agaibh anseo? Má tá, le do thoil, léigi é seo agus scríobhaigí bhur mbarúil: http://irlandinside.siteboard.eu/f8t525-unsere-gaelische-sprache.html Agus ansin, cuardaígí sa bhlag seo faoi "Gälisch" nó "irische Sprache". Is féidir liom a chuidiú libh na haistí as Gearmáinis a thuiscint más mian libh! Scríobh mé litir chuig úadar de leabhar gearmánach faoin Éirinn. Bhí mé ag lochtú aiste faoin Ghaeilge sa leabhar seo. Mar deirtear inti gur teanga beagnach marbh í an Ghaeilge agus déantar magadh faoi na hiarrachtaí í a choinneáil beo. Dar liom, déantar suí na Gaeilge níos diúltaí ná a bhíonn sé. Sin é an mhalairt de go leor tuairiscí offigiúla in Éirinn. Agus tar éis dom scríobh mo litir, d´oscail úadar "thread" i bhfóram ina deirtear nach bhfuil ionam ach amadán de dhuine de bhrí gur bhain mé triail as labhairt na Gaeilge i mBÁC agus i gcathair na Gaillimhe chomh minic is féidir. Agus taspáineann (mar nascanna) baill eile den fhóram fógraí uaim a bhfuil mé ag scríobh ar son miontheangacha eile agus ar son an tírghrá áitiúil iontu. Bíonn an saol deacair do dhaoine i nGearmáin ar mhaith leo an tradisiún! I leabhair ghearmánaigh bítear go minic ag magadh as daoine atá ag déanamh iarrachtaí miontheangacha a choinneáil beo. Ar ndóigh, is miontheanga atá i nGaeilge. Ach níl sí marbh chomh maith! Tar éis dom léamh na fógraí san fhóram luaite agam, tá faitíos orm gur ag gáirí fúm a bhí nó atá na hÉireannaí taobh thiar mo dhroma. Go cinnte, níor leanfainn orm labhairt as Gaeilge nuair a thugaim faoi déara nach bhfuil Gaeilge ag an duine nó nach bhfuil an duine sásta Gaeilge a labhairt mar a bheadh Mancháin i "No Béarla". Bheadh sé mímhúinte! Gabh mo leithscéal as botúin go leor, is dóigh liom. Ach bhí orm é seo a scríobh ar nós éigin! Beir bua, Alex |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 191 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 10:30 am: | |
Níl Gearmáinis agam, AlexdeFranke, ach tá Gaeilge an-mhaith agatsa. Léigh mé an píosa sin thuas uait agus thuig mé é go léir. Tá a lán daoine in Éirinn cosúil leis na Gearmáinigh sin a bheadh ag gáire faoi mhionteangacha. Níos measa fós bheadh duine as gach triúr in aghaidh na Gaeilge: in aghaidh í a mhúineadh, í a fhoghlaim, í a úsáid. Ní mian leo baint ná páirt a bheith acu léi. Más mian leat Gaeilge a labhairt in Éirinn faigh amach cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí duit. Fiafraigh díobh an mbeadh cead agat freastal ar ócáid shóisialta éigin dá gcuid. B'fhéidir go ligfidis duit suí os comhair ranga agus ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge ó na páistí. Tá an ceart agat faoi Manchan Magan: ní raibh ansin ach cláracha diúltacha le taispeáint nach bhfuil Gaeilge ar eolas ag daoine. Cinnte ní raibh an cineal Gaeilge a bhí ag MM ar eolas acu, Gaeilge gan cruinneas gan slacht agus bunaithe níos mó ar an bhfoclóir ná ar chaint nádúrtha na ndaoine. Dá labhródh sé go mall, soiléir, i nGaeilge shimplí gheobhadh sé i bhfad níos mó daoine a labhródh leis. Ag maslú na ndaoine a bhí sé agus ag magadh faoi lucht na Gaeilge. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2779 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 10:45 am: | |
Tá Gearmáinis líofa ag Aonghus. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 925 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 11:09 am: | |
Agus roinnt daoine eile againn: http://www.scoilgaeilge.org/liosta/viewtopic.php?t=213 Deirtear sa teidil féin ar an suíomh sin cad atá i gceist - ex-pats agus iad chomh diúltach le héinne iad. Ní dóigh liom go mbeadh dearcadh chomh holc ag na Gearmánaigh féin. Ní bhíonn i mo thaithí féin. http://www.braesicke.de/gram.htm |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 926 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 11:44 am: | |
ex-pats = imircigh Éireannacha |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 297 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 03:51 pm: | |
Níl ann ach an sórt ráiméise a chloistear ó chuid mhaith de na hÉireannaigh féin agus níl an dream seo ach ag déanamh aithrise orthu, is dócha, mar is "saineolaithe" iad go léir. B'fhéidir go bhféadfaidis "Comhaontas na nAneolach i gCúrsaí Gaeilge" a bhunú le chéile! Os rud é nach bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas ag na daoine úd atá i gcoinne na Gaeilge ba mhaith leo cur in iúl dúinn go léir nárbh fhiú an saothar é an teanga a chothú agus a chaomhnú. Ná caill do mhisneach dá bharr. (Das ist der übliche Mist, den man auch von vielen Iren hört. Manchmal äfft man nach, um vielleicht den Insider zu geben; da kann man imponieren und ein bissle einschüchtern. Diejenigen, die keinen Zugang zur Sprache haben, tendieren dazu, sie abgewertet zu wissen. Das ist natürlich viel schmerzloser als zuzugeben, dass einem möglicherweise etwas Wertvolles entgeht.) (Message edited by ormondo on March 30, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 927 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 04:54 pm: | |
Is Éireannaigh iad, Ormondo, sie sind nicht deutsch. Sie sprechen Deutsch und wohnen in Deutschland, aber das ist alles. Sie sind Expatriates. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 298 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 05:18 pm: | |
quote:Das Forum für in Irland lebende (deutschsprachige) Expatriates A Shéamais, is é a mhalairt atá sé: tá cónaí orthu in Éirinn ach is ón nGearmán, ón Ostair agus mar sin de iad ó thús. De bharr sin bheadh roinnt eolais acu ar chúrsaí na tíre, ceart go leor. Ach de réir dealraimh, ní raibh ach teanghmháil acu le dreamanna le meon diúltach acu maidir leis an teanga. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 22 Registered: 05-2008
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 07:41 pm: | |
Comhghairdeas, a Ormondo agus a Shéamais! Cén fáth an bhfuil Gearmáinis ar fheabhas agaibh? An bhfuil a fhios agaibh, bíonn barúil fhormhór na nGearmánach in éadan an tírghrá agus bíonn mímheas acu ar dhaoine le tírghrá láidir. Is an-olc an timpeallacht í an Ghearmáin do lucht tradisiúnta taobh amuigh den dheisceart na tíre. Bhí baill an fhóraim ag magadh asamsa dé réir mo fhógraí i bhfóraim eile ar son ár dteangacha áitiúla ("canúintí"). Tá sé ar iarr agam ár dteangacha áitiúla a mhúineadh sna scoileanna uilig mar a bheadh Gaeilge in Éirinn agus comharthaí dátheangacha a chur ar bun sa Ghearmáin. Ach ní bhíonn sé cuí go polaitiúil. Bíonn an cuibheas polaitiúil rud beag faoi láthair ar fud na hEorpa, ach i nGearmáin is galar phobail é sin, dar liom. Síleann go leor daoine gur chóir go bhfuil cúrsaí thar mar a bhíonn sé i nGearmáin. Mar sin, bítear ag magadh as daoine traidisiúnta thar lear agus i mBavaria. Go minic, táim bréan de mo phobal féin. Mothaím mar a bheadh strainséir i mo thír féin. Seo é an rud an-dearfach in Éirinn: Tá grúpaí agus áiteanna Gaeilge ar fáil in i lán áiteanna mar bhaile do lucht traidisiúnta. Dúirt Manchán gur "ghetto" atá i gceist. Ach bheadh áthas orm dá mbeadh "ghetto" ar fáil dom sa bhaile! Bheinn sásta dá mbeadh ár dteanga áitiúil chomh spreagtha leis an nGaeilge! Agus níl cead ag na hÉireannaí é seo a cháilleadh freisin tar éis dóibh cáilleadh an Ghaeilge mar theanga amháin na tíre. Gan an mhionlacht na nGaeilgeoirí agus na clubanna Gaeilge ar fud na tíre, bheadh an Éirinn i bhfad níos lú spèisiúil dom! Ar ndóigh, bíonn Béarla na hÉireann cuid na staire freisin. Ach ba mhaith liom é a bheith faoi láthair mar daratheanga amháin. Le bhur dtoil, cuir bhur mbarúil ar an ráiméis san fhóram "irlandinside". Beir bua, go raibh maith agaibh as cur misneach dom. Alex |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 194 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 08:49 pm: | |
Go maire do dhíograis, a Alexderfranke. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 928 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 09:32 am: | |
Bhí dearcadh mar sin ag na Pruisigh riamh, is dócha. Agus an Ghearmáin mar phríomhthír san Aontas Eorpach (ag iarraidh Stáit Aontaithe na hÉorpa a chumadh), síleann mórán nach bhfuil aon ghá le tíortha éagsúla agus cultúir éagsúla ansin. Treise leat! Agus ní dóigh liom go bhfuil tú i d'aonar - tá roinnt daoine ann atá díograiseach maidir le traidisiúnta na Gearmáine, agus fíu ag a bhfuil tírghrá. Lasmuigh den Ghearmáin, fiú! Is breá liom raic-cheol Gearmánach. Tá amhrán ag Eisbrecher a mholaim duit: This is Deutsch. Tá sé greannmhar, freisin. Tá sé ar fáil ar www.youtube.com. Dá mbeadh Gearmáinis mhaith agam! Ach bím ag léamh is ag foghlaim. Tá sinsir agam ón deisceart (Baden-Baden, ar a laghad), fadó. Ní mór dom é a léamh níos cúramaí, a Ormando. GMRA. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 466 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 11:09 am: | |
Maidir le raic-cheol greannmhar Gearmánach, tá aithne agat ar an amhrán dalba "Deutschland" leis Die Prinzen (leis ar fáil ar YouTube, ar ndóigh), a Shéamais, nach bhfuil? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 934 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 13, 2009 - 09:40 pm: | |
Faoi dheireadh bhí deis agam éisteacht leo. http://www.youtube.com/watch?v=uI7ncxV9Q9c Tá siad go han-mhaith. D'éist mé le cúpla amhrán dá gcuid. GRMA. |
|
mise mé féin (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 22, 2009 - 04:40 am: | |
an tabharfaidh sibh cabhair dom chun suíomh maith gaeilge a fháil ar an t-idirlín? labhraím gaeilge ach níl go leor seirbhisí ann |
|