mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Gaeilge san iar-dheisceart « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 20
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 11:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,
Tá fúm go dtí an Éirinn a thaisteal an tseachtain tar éis Cásca. Tá mé ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Chontaetha an Chláir agus an Chiarraí. An bhfuil neart ar eolas agaibh faoi ghrúpaí Gaeilge ansiúd? Léigh mé faoi Àras Íde agus "an Chistin". Ach ní fuair mé amach cén ghníomhíocht atá ar siúl ansin. I gContae an Chláir tá "Coiste Forbartha Gaeltachta Contae an Chláir "ann. An bhfuil mórán Gaeilge faoi láthair in áit ar bith sa chontae seo? B'fhéidir i gCill Ruis? Mar is álainn an ceantar é an Clár. Ar ndóigh, is mian liom aithne a fháil ar Phobal na Gaeilge san áit. Ní bhíonn ceantar le beagán gníomhíochtaí as Gaeilge spéisiúil domsa faoi dheireadh. Cad faoin Ghaeilge i gCill Áirne agus in Inis?
Cén bhaile mór a mholfadh sibhse dom san iar-dheisceart? I dTrá Lí, tá Gaeltacht Chíarraí cóngarach. Ach is olc an rud é go bhfuil na nascanna iompar poiblí chomh droch sin chuig na Gaeltachtaí. Go raibh míle maith agaibh as bhur molaí. Slán, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 11
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 12:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

níl a lán gaeilge i dtrá lí - brón orm ag sin an fhirinne

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 184
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 12:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an ceart agat iarracht a dhéanamh aithne a chur ar dhaoine roimhré.

Ní féidir bheith ag súil le Gaeilge a chloisteáil amuigh chaithfeá aithne a chur ar ghaeilgeoir éigin agus dul ar lóistín i dteach ina bhfuil Gaeilge á labhairt. Gheofá an t-eolas sin ón nGaelscoil áitiúil. An áit is fearr ar fad ná Baile an Fhirtéaraigh agus Dún Chaoin. Tá cleachtadh acusan ar chuairteoirí le Gaeilge.

Ní bhfaighidh tú Gaeilge in Uíbh Ráthach ná i gContae an Chláir. Níl Gaeilge á labhairt i gCill Rois ná i gCill Chaoi cé go mbíodh Coláiste Gaeilge i gCarraig an Chobhaltaigh (? Carrigaholt)

Má tá labhairt na Gaeilge go han-mhaith agat féin agus €100 le feiceáil i do láimh agus má ligeann tú ort nach bhfuil Béarla dá laghad agat agus gan agat ach Gaeilge gheobhaidh tú daoine le Gaeilge a labhairt leat. Tá siad ann ina gcéadta ach ní bheidh a fhios acu gur mian leatsa Gaeilge a labhairt leo.

Faigh T-Léine agus bíodh "IS MIAN LIOMSA GAEILGE A LABHAIRT" air i litreacha móra spreagúla agus stopfaidh daoine sa sráid thú chun bleid a bhualadh ort. Sin smaoineamh duit! Beidh tú cráite acu!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 185
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 12:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

sa tsráid, Lughaidh, sa tsráid

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 13
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 01:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

sa sráid

níl sa sráid - sa caighdeán ar aon nós

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2778
Registered: 01-2005


Posted on Sunday, March 29, 2009 - 03:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuighe bhfuil tú 'labhairt liom a Thaidhgín? Char scríobh mé focal ar bith ins an topic seo...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 188
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, March 29, 2009 - 04:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ag déanamh grinn leat a bhíos agus ag tabhairt omóis duit. Nuair a thug mé an mheancóg faoi deara mheas mé gur tú an t-aon duine sa bhFóram a chuirfeadh suntas ann ó léirigh tú dom an difear idir "both" agus "between" tamall ó shin agus gabhaim mo bhuíochas leat as sin. Ní le gangaid ná le droch-mheas a rinne mé é. Bímis cáirdiúil lena chéile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 17
Registered: 03-2009
Posted on Wednesday, April 01, 2009 - 08:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

its sa sraid tho?

is it not?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 210
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, April 02, 2009 - 07:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Oh no. It is not.

Here's the rule from An Caighdeán Oifigiúil otherwise known as An Ghaeilge Mhór:

Cuirtear t- roimh s- más guta nó l, n, r, atá ar a lorg, i ndiaidh an Ailt
(a) i gcás ainmfhocail bhaininscnigh, san ainmneach uatha agus sa tabharthach uatha, e.g., an tsúil, ar an tsúil ...

There's more but that's enough to illustrate the point.

sa tsráid: in the street; "sa" is made up of "i" + "an" formerly "ins an tsráid" now abbreviated to "sa tsráid".

Phew! For a while there I thought you might be right, Conchubhar1. I am never sure of these things. I should have more confidence in myself. And you should trust me more :-))

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2784
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, April 02, 2009 - 12:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Oh no. It is not.



Aye, there are places where people say "sa sráid"... (in Munster, I think)

quote:

Here's the rule from An Caighdeán Oifigiúil otherwise known as An Ghaeilge Mhór:



:-D

quote:

sa tsráid: in the street; "sa" is made up of "i" + "an" formerly "ins an tsráid" now abbreviated to "sa tsráid".



not "formerly" because many people still say "ins an"...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 213
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, April 02, 2009 - 02:55 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Lughaidh, many people say "tá sé fear" under various guises. Does that make it correct or admirable, something to imitate? In Dublin we say "I wudda went" and "Hew dzun ih" (i.e. who done it) do you suggest they are correct? Would English learners benefit from being told that such things are said. I think telling learners there are many many "standards" will confuse them and make it impossible for them to learn Irish. There is one standard, regular, carefully constructed from the living and historical language that is known everywhere due to its widespread use in education for over 50 years, and easy to learn. I suggest the exceptions and the variae lexiones should be left as footnotes for scholars to peruse while the rest of us get on with life and try and say: "Well done, Ireland and Trapatoni." Now how would that be said ar Oileán Thoraigh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 308
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, April 02, 2009 - 06:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Taobh na Gaeilge anseo a chairde.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 26
Registered: 04-2007
Posted on Friday, April 03, 2009 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

AlexanderFranke

Bain triail as Fáinn Óir i gContae an Chláir is dóigh liom go bhfuil cainteoirí timpeall an áit sin agus bhí Gaeilge á labhairt ag páistí i nGleann Eidhneach go dtí an Dara Cogaidh Domhanda.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 214
Registered: 07-2006
Posted on Friday, April 03, 2009 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gabhaigí mo leithscéal faoin mBéarla, a Smac_muirí. Conchubhar1 a scríobh an chéad teachtaireacht i mBéarla agus níor thugas-sa faoi deara cén taobh de chlaí na teorann a bhíomar.

Ní tharlóidh sé arís liomsa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 26
Registered: 05-2008
Posted on Friday, April 03, 2009 - 04:53 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil an fáinne ar fáil dom? Dúirt bean éigin liom go gcaithfear scrúdú a dhéanamh i gcoláiste samhraidh chun an fáinne a fháil. Dúirt sí liom nach mbeadh sé le cheannach gan an scrúdù seo. An bhfuil sé fîor? Má nach bhfuil, ceannóidh mé é chomh luath is féidir liom.
An bhfuil eolas ag duine agaibh faoi Àras Íde agus an Chistin i Luimneach? Chuir mé glaoch ar fear na hoifige, ach bhí a chaint deacair le tuiscint agus ní raibh sé ró-cháirdiúil.
Oíche mhaith, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, April 03, 2009 - 06:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

no, im sorry here


just say ''sa sráid'' out loud - does it sound right

an tsráid - but sa sráid - in my opinion and in many others

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 215
Registered: 07-2006
Posted on Friday, April 03, 2009 - 06:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuir scéala chuig Comhdháil Náisiúnta na Gaeige, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Iarrfar ar "Urra" de chuid an Fháinne scrúdú a chur ort agus beidh deis agat íoc as agus seolfar chugat ansin é. Cé a bheadh ina urra? Daoine a bhfuil aithne orthu mar Ghaeilgeoirí fiú más thar lear atá cónaí orthu. Glacfar le focal Gaeilgeora aitheanta go bhfuil Gaeilge sách maith agat leis an bhFáinne oirearc Óir nó Airgid a chaitheamh.

Bhíos-sa i measc slua a thug cuairt ar Áras an Uachtaráin tamall ó shin. Iarradh orainn seasamh i líne thar timpeall an tseomra sular tháinig a Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, isteach. Chuaigh sí ó dhuine go duine ag beannú dúinn agus ag cur fáilte romhainn. Bhí focal aici do gach aon duine. Labhair sí liomsa as Gaeilge. Labhair sí go soiléir agus go cruinn agus go fonnmhar. Ba léir go raibh a croí sa teanga agus áthas uirthi í a labhairt.

Ina dhiaidh sin d'fhiafraigh duine eile den ghrúpa díom cén chaoi a raibh a fhios aici siúd go bhféadfadh sí Gaeilge a labhairt liomsa agus nár labhair sí mar sin le haon duine eile. Leag mise méar ar bhóna mo chasóige mar a raibh an Fáinne Óir ag glioscarnaigh go bródúil. Is maith liom an Fáinne Óir a chaitheamh ar ócáidí mar sin. (Tháinig an tUachtarán chugam níos déanaí le linn na cuairte sin agus labhair sí Gaeilge líofa liom: i dtaobh leabhra Phóil Uí Mhuirí agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Bean chumasach Ghaelach í agus ábhar bróid dúinn go léir í.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, April 03, 2009 - 06:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

would you say ''sa tsaol'' then also????

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 216
Registered: 07-2006
Posted on Friday, April 03, 2009 - 06:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní hionann cás: focal firinscneach é "saol" -- "cora crua an tsaoil". An t- roimh s- seo is séimhiú é.

Focal baininscneach é "sráid" -- "an tsráid is deise sa chathair" -- "barr na sráide" ach "ar an tsráid" "sa tsráid" -- "faoin tsráid". Séimhiú is ea an t- seo roimh s- baininscneach.

Ní déarfainn "sa tsaol". Yuck! Micheart! Botún!. Cén bhrí a bheadh le "sa saol"? Dá mba mhian leat déarfá "sa saol" -- "Níl sa saol seo ach seal beag gearr."

Glac leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, April 03, 2009 - 06:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ok

Is iomaí cor sa tsaol. - cén fáth?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 218
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, April 04, 2009 - 04:35 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

t- roimh s- = séimhiú ar s. Séimhiú eile is ea é de bhreis ar an ngnáthshéimhiú: mo shaol.

Níl a fhios agam an bhfuil lúb Gaeltachta éigin ann ina ndeirtear "sa tsaol". Seans go bhfuil. "Sa saol" a déarfainnse.

Tá sé seo ag éirí liodaránach agus táimse éirithe cortha de. Slán agat, a / Unregistered Guest.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2788
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, April 04, 2009 - 05:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Lughaidh, many people say "tá sé fear" under various guises. Does that make it correct or admirable, something to imitate?



Chan eadh, siocair nach n-abrann duine ar bith sin ach amháin foghlaimeoirí.

quote:

In Dublin we say "I wudda went" and "Hew dzun ih" (i.e. who done it) do you suggest they are correct?



Seadh, más cainteoirí dúchais a deireas é. Sin Béarla neamhchaighdeánach ach Béarla BhÁC, Béarla dúchasach ar aon nós.
Caithfidh tú staidéar a dhéanamh ar an teangeolaíocht agus beidh 's agad nach ionann cruinneas teangtha agus cinneadh foirne bige. Nó an síleann tú nach bhfuil Béarla ceart ach ag an bhanríon???
An síleann tú fosta nach bhfuil Gaeilg cheart ag cainteoir Gaeltachta ar bith, as siocair nach labhrann sé an caighdeán??
Tá mé 'gabháil a dh'inse rud ineacht duit, a fhir : bhí canúintí i nGaeilg sular cumadh an caighdeán. Rinneadh an caighdeán sna 50dí agus bhí na canúintí beo míle bliain roimhe sin agus tá go fóill.
Rinneadh an caighdeán as na canúintí agus as foirmeacha stairiúla na teangtha. Ní a mhalairt.


quote:

Would English learners benefit from being told that such things are said.



Bheadh, má tá suim acu i mBéarla na hÉireann.

quote:

I think telling learners there are many many "standards" will confuse them and make it impossible for them to learn Irish.



D'éirigh le cuid mhór foghlaimeoirí canúint a dh'fhoghlaim (mise féin san áireamh).

quote:

There is one standard, regular, carefully constructed



Seafóid, tá foirmeacha sa chaighdeán nach n-úsáidtear in áit ar bith don Ghaeltacht... Gan trácht ar na rialacha leitridh gan chéill...


quote:

from the living and historical language that is known everywhere



seafóid... nach bhfuil 's agad nach bhfuil Gaeilg líofa ag achan Éireannach? Gabh amach ar an tsráid agus labhair i nGaeilg leis a' chorrdhuine agus beidh iontas ort an dóigh a n-amhancóchadh sé ort.

quote:

due to its widespread use in education for over 50 years, and easy to learn. I suggest the exceptions and the variae lexiones should be left as footnotes for scholars to peruse while the rest of us get on with life and try and say:



Tusa ar na daoiní a shíleas gurbh fhearr go mbeadh achan nduine cosúil lena chéile, gurbh fhearr teangaidh amháin a bheith ann seachas cuid mhór srl.
Gurbh fhearr go bhfuigheadh teangaidh dhúchasach na hÉireann bás agus gur chóir canúint shaorga a chur ina háit...
Tá tú cosúil leis an pholaiteoir Mheiriceánach sin a d'úrt, cupla bliain ó shoin "6,000 living languages in the world? 5,999 too many."
Namhaid an chultúir agus na héagsúlachta.

(Message edited by Lughaidh on April 04, 2009)

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 19
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 09:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

the standar has little basis as a spoken language really - cop on

and for one last time - if the op really wants irish around him


go west from dingle and a lot further west than tralee

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 27
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 11:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I gcathair na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath, ní bhíonn aon fhadhb ort Gaeilge a fháil má théann tú chuig áiteanna éigin cé nach Gaeltachtaí atá sna cathracha. Tá clubanna nó tithe ósta ann an dóigh thú Gaeilge a chloisteáil iontu. Aimsíonn mo cheist ar áiteanna éigin laistigh na gcathracha mar a bheadh tithe ósta nó clubanna.
Ar aghaidh leis an nGaeilge, slán, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 22
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 02:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

gaeilge san iar dheisceart

west of tralee definitely - outside of the conradh or conversation groups anyway

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 313
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, April 05, 2009 - 07:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Má choinníonn an duine seo air ag scríobh anseo i mBéarla, is é mo mholadh daoibh gan scríobh ar ais chuige ar chor ar bith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 26
Registered: 03-2009
Posted on Monday, April 06, 2009 - 05:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

no ^



©Daltaí na Gaeilge