Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 175 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, March 27, 2009 - 04:25 pm: | |
Cara liom a chuala mé ag caint Gaeilge d'fhiafraigh sé díom cé mar a thaitin an t-aisteoir Iompair Deontas liom. Thóg sé soicind orm an tagairt a thuiscint. Meabhraíodh dom laethanta fadó nuair a bhímis ag aistriú linn -- go seafóideach is go háiféiseach ach ag baint spraoi as an nGaeilge ar feadh an ama. Cé a d'aithneodh Máiréad Mhic an Tuíodóra agus í ag cur di sa Mhainistir Thiar? Chum duine againn ainm nua do shean-bhaile: Fear nó liamhás glic. [Uafásach!] Thriáil duine eile téarma cúntasaíochta nó tráchtála a aistriú: Tá an Liam amuigh ina sheasamh! [Níos measa! Páistiúil!] Agus mé á scríobh seans nach bhfuil greann ar bith fanta iontu ach n'fheadar ar chleacht aon duine eile an chleasaíocht teangacha seo nó an bhfuil samplaí eile ag aon duine. Sampla maith dar liom is ea Iompair Deontas. Tá's agam go gcuirfidh siad seo daoine áirithe le báiní ach b'fhéidir nach mbeidh a fhios acu go bhfuil a leithéidí ann má fhanaimid i bhfolach ar an dtaobh seo den chlaí. Ní le naimhdeas don teanga a bhíodh na haistriúcháin áiféiseacha seo á gcumadh ach le teann díocais an teanga a úsáid ar bhealach ar bith. Caithfidh gur chuala daoine eile a leithéidí? |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 10 Registered: 02-2009
| Posted on Monday, March 30, 2009 - 05:51 pm: | |
go minic, bíonn "an iomarca liathróidí san aer" agam!! eadaoin |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 929 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 09:42 am: | |
Ach ní dhéantar roinnt dá leithéid d'aon ghnó, faraor! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 199 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 11:04 am: | |
Sa phub istoíche is fearr iad seo a chumadh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 930 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 11:22 am: | |
Agus tá a leithéid de 'an bhfaca tú mo hay machine?' ann, freisin... |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 201 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 31, 2009 - 06:33 pm: | |
Hee! Hí! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 55 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, April 01, 2009 - 06:16 am: | |
Sceal fior e seo: bhi gasur i gceann de na scoileanna i mBeal Feirste a scriobh aiste inar luaigh se aisteoir darb ainm 'Sean Paiste'. Ghlac se tamall ar an mhuinteoir an chiall a fhuascailt: John Wayne (tugtar wee'uns no wains ar phaisti i mBearla Chuige Uladh). Ba ghnach le Flann O'Brien greann a bhaint as na hainmneacha ina cholun san Irish Times. Bhi 'Cleireach Bhinn an Ti' aige, mar shampla (Clarke Gable). |
|