Author |
Message |
cuairteoir na feile padraig (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 17, 2009 - 05:58 pm: | |
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir. Tá ceist agam. Is focal firinscneach é “lá”. An fáth ansan go gcuirtear siemhiú ar “Fhéile” sa nath “Lá Fhéile Pádraig” agus an fáth ná cuirtear seimhiú ar an bhfocal “Pádraig”. Ná fuil sé sa T.G. cosúil le “teach/tigh Shéamuis”, mar shampla? Míle maith agaibh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 143 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 17, 2009 - 08:48 pm: | |
Tá an ceart agat, a chara, Níl a fhios agam cén fáth muna bhfuil rud éigin mar seo ann: Giorraítear an focal "Fhéile" go "le" agus dá mba é an réamhfhocal "le" a bhí i gceist ní chuirfeá séimhiú isteach. "Cé hí sin?" "Deirfiúr le Pádraig is ea í." B'fhéidir gur cheap daoine nár chóir séimhiú a chur isteach tar éis "le" anseo ach oiread: Lá 'le Pádraig. Ar chaoi ar bith tá "Lá 'le Pádraig" i bhfad níos deise ná an "Paddy's Day" a chloisim ag an aos óg. Ní léirítear ómós ná cion ina leithéid sin. |
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 55 Registered: 01-2004
| Posted on Tuesday, March 17, 2009 - 11:28 pm: | |
Léigh mé (agus sílim go raibh sé ar na Forums seo) nach gcuireann tú séimhiú ar ainm nuair atá naomh i gceist. An fíor é sin? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 18, 2009 - 07:24 pm: | |
Niil a fhios agam cee'n faath go bhfuil an f seeimh tar éis Laa. Anois i nGaeilge an lae inniu nii sheeimhiitear fiuu tar eeis ainmfhocail bhaininscinigh ar ainmfhocal eile, eg Oifig faailte. Ach traath den tsaol i bhfad oo shoin ba chooir. Deirtear i gcoonaii Laa 'le Paadraig agus b'fheeidir nach bhfuil ann ach toisc nach deirtear f ann scriiobhtear fh chun an fhiiric nach ndeirtear an f a chur in iuul. Niior chooir Ph i bPaadraig toisc gur ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach is ea feeile. Is fiior go ndeirtear teach Sheeamais anois ach is rud nua ataa ann agus nii chreidim gur cheart ee. Dar liom ba chooir Teach Seeamais ach Oos comhair tighe Sheeamais. Agus ba chooir Feeile Phaadraig ach Laa feeile Paadraig a raa. Ach sa laa ataa inniu ann seeimhiitear ainm dhiilis de ghnaath i gcaasanna naar chooir ach amhaain i sean abairt cosuuil le Laa 'le Paadraig ! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 18, 2009 - 07:27 pm: | |
Niil a fhios agam cee'n faath go bhfuil an f seeimh tar éis Laa. Anois i nGaeilge an lae inniu nii sheeimhiitear fiuu tar eeis ainmfhocail bhaininscinigh ar ainmfhocal eile, eg Oifig faailte. Ach traath den tsaol i bhfad oo shoin ba chooir. Deirtear i gcoonaii Laa 'le Paadraig agus b'fheeidir nach bhfuil ann ach toisc nach deirtear f ann scriiobhtear fh chun an fhiiric nach ndeirtear an f a chur in iuul. Niior chooir Ph i bPaadraig toisc gur ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach is ea feeile. Is fiior go ndeirtear teach Sheeamais anois ach is rud nua ataa ann agus nii chreidim gur cheart ee. Dar liom ba chooir Teach Seeamais ach Oos comhair tighe Sheeamais. Agus ba chooir Feeile Phaadraig ach Laa feeile Paadraig a raa. Ach sa laa ataa inniu ann seeimhiitear ainm dhiilis de ghnaath i gcaasanna naar chooir ach amhaain i sean abairt cosuuil le Laa 'le Paadraig ! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 917 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 19, 2009 - 04:44 pm: | |
Féachaigí an chaighdeán, ar a chúl, faoin ainmneach in ionad an ghinidigh. Dualgas fhear an tí, sin an saghas ruda atá ann. |
|
cuairteoir na feile paidraig (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 07:00 pm: | |
Go raibh maith agaibh go léir. A Shéamuis, déanann tú trácht ar an gcaighdéan. A’ bhfuil leabhair faoi leith id’ aigne agat nó cén leabhair gramadaí a mholfá? Bhíodh “réchúrsaí gramadaí” agam fadó ach níl teach agam air anois. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 159 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 12:16 am: | |
Tá "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí" le fáil anseo ar an Idirlíon: http://ec.europa.eu/translation/language_aids/freelance/documents/irish/christia n_brothers_irish_grammar.pdf agus is é sin an foinse is fearr gramadaí dá bhfuil againn muna bhfuil tú sa tóir ar cheann éigin de na canúintí. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 918 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 10:32 am: | |
http://ga.wikipedia.org/wiki/An_Caighde%C3%A1n_Oifigi%C3%BAil Tá leabhar dar teidil "Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge (an caighdeán oifigiúl)," ach mar is iondúil le na leabhair is tábhachtaí don teanga, sílim go bhfuil sé as cló! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 167 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 04:29 pm: | |
Tá leabhar breá eile anois ann: "Leabhar Gramadaí Gaeilge" le Nollaig Mac Congáil arna fhoilsiú ag Cló Iarchonnachta 2002, 2003, & 2005 Is dóigh liom go bhfuil leagan Béarla de ar fáil chomh maith. Tá na leabhair seo "bunaithe go hiomlán ar Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill" a deir an t-údar. 222 leathanach. |
|
cuairteoir na feile padraig (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 07:37 pm: | |
Go raibh maith agaibh aríst. Agus má’s rud é go bhfuil spéis fé leith ag duine sna canúintí éagsúla, cad a mholfadh sibh? Tá níos mó taithí agam ar Ghaeilge na Mumham agus Gaeilge Iarthair Chiaraí ach go háirithe. D’aineoinn sin, ba mhaith liom dul i dtaithí leis na canúintí eile chomh maith. Cad a cheapann sibh a dhaoine? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 920 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 25, 2009 - 10:44 am: | |
|
|