mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through July 28, 2009 » Haigh a chairde, Is mise Teifeach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 1
Registered: 03-2009
Posted on Saturday, March 14, 2009 - 05:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a chairde
Is mise Teifeach agus tá mé nua ar an fhóram seo agus tá mé ag súil go mór bheith páirteach leis na díospóireachtaí agus an chraic atá ar fáil anseo. Ba mhaith liom fáil amach faoi na daoine a bhíonn anseo go minic agus go rialta, i.e cárb as sibh agus srl, agus na scéaltaí atá agaibh ó thaobh na Gaeilge más maith libh iad a roinnt liom.
Tá mise 46 agus as Tuisceart na hÉireann mé agus thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge thart fá ocht mbliaina ó shin i nDoire. Roimhe sin ní raibh focal Gaeilge ar bith agamsa.
Anois tá na scrúdaithe GCSE, A,s agus A2 agus Dioplóma trí mheán na Gaeilge déanta agamsa. Anois tá mé ag obair mar chúntóir ranga Gaeilge sna Meánscoileanna ag tabhairt cuidiú do na múinteoirí agus na mic léinn leis na scrúdaithe atá le teacht. Sin go leor anois is dócha go dtí an chéad uair eile ádh mór oraibh agus go raibh míle maith agaibh don seans seo mo chuid Ghaeilge a roinnt agus a chleachtadh libh.

Mise le meas

Teifeach

P.S níl mo chuid Ghaeilge foirfe ach déanaim mo sheacht ndícheal an t-am ar fad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 271
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, March 14, 2009 - 06:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sé do bheatha, a Theifigh. Múintear agus foghlaimítear an Ghaeilge go maith i nDoire, de réir dealraimh! An bhfuil líon na nGaeilgeoirí ag dul i méid ann faoi láthair?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 2
Registered: 03-2009
Posted on Saturday, March 14, 2009 - 07:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh Ormondo
Go raibh maith agat a chara. Tá gan dabht, tá trí bhunscoileanna agus a lán rang Gaeilge ar fáil chomh maith. Agus an rud is tábhachtaí le tamall fada anuas ná an Cúlturlann nua a bheas ar fáil i gceann cúpla míosa.Tá mé ag súil go mór leis agus na himeachtaí a bheas ar fáil ansin trí mheán na Gaeilge go minic is go rialta cosúil leis an cheann atá i mBeál Feirste. Cárb as tú féin ?

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breandán
Member
Username: Breandán

Post Number: 184
Registered: 12-2008


Posted on Sunday, March 15, 2009 - 12:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Céad míle fáilte romhat anseo, a Theifigh. Níl mise mé féin ag glacadh páirt san fhóram seo ach cupla mí fós, ach bíonn sé an-spéisiúil. Go mbaine tú an-sult as!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 3
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, March 15, 2009 - 08:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Bhreandáin
Tá sé deas bualadh leat chomh maith agus aontaím leat go bhfuil sé an-spéisiúl ar fad , ach caithfidh mé a admháil go bhfuil mé cineáll neirbhíseach ó thaobh na graiméir!!
Mar níl mo chuid lithrú ró-mhaith ach oiread , ach sin ráite tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar mo chuid Ghaeilge as a bheith anseo agus is rud maith agus ní rud olc sin. Mar sin de má tá rud ar bith mícheart níl fadhb ar bith agam más maith leat é a mhínigh dom am ar bith sin ceann de fáthanna go bhfuil mé anseo.

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tommyoflaherty
Member
Username: Tommyoflaherty

Post Number: 9
Registered: 12-2006
Posted on Monday, March 16, 2009 - 11:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Céad míla fáilte romhat a Theifeach os Co na Gaillimhe.Nach sin an dea scéal atá agat.

Fla

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 4
Registered: 03-2009
Posted on Monday, March 16, 2009 - 12:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Thómáis
Go raibh míle maith agat as an fháilte a Thomáis , tá sé deas bualadh leat. Is dócha go mbeidh muid ag scríobh le chéile ó ham go chéile anseo. b'fhéidir go mbeidh mé i nGaillimhe i rith an tsamhraidh , agus seans maith fá choinne cúpla deoch agus comhrá deas bheith eadrainn.

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 916
Registered: 11-2004


Posted on Monday, March 16, 2009 - 02:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Molaim do chuid Gaeilge go hard, a Theifigh. Mise Séamas, agus is as Nua-Eabhrac mé. Thosaigh mé ar fhoghlaim na Gaeilge timpeall 13 bliain ó shin. Is iomaí rud a dhéanaim léi anois, go sábhála Dia sinn.

(Deir an foclóir beag go bhfuil 't' ann - go tsábhála - ach ní fhaca mé sin riamh.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailínpig (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 16, 2009 - 03:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Hi, a Theifigh,
Tá sé deas a bheith ag léamh do scéal, ní raibh focal Gaeilge ar bith agat?? Wow, bhí iontas orm nuair a bhí mé á léamh sin!
Tá mise fós ag foghlaim na Gaeilge freisin, ceapaim go mbeidh mé á fhoghlaim go deo!!
Táim bunaithe i nGaillimh anois ach is as Cill Dara mé. Cén chaoi ar fhoghlaim tú do chuid Gaeilge? Ar chúrsa nó céard?

Cailín

PS: Tá mise mar an gcéanna, más maith le héinne mo chuid gramadaí a cheartú, is féidir! Is freak gramadaí mé, is aoibhinn liom é!!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 323
Registered: 10-2007


Posted on Monday, March 16, 2009 - 08:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is as Cill Dara tusa? Cá háit?

Is as Cill Dara domh féin. :)

Gaeilge go deo!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 5
Registered: 03-2009
Posted on Monday, March 16, 2009 - 08:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Shéamais
Tá Gaeilge den chéad scoth agat faoi láthair gan dabht. Nua-Eabhrac, Sin go hiontach, beidh craic iontach agat ansin amárach, Lá Fhéile Pádraig shona duit a chara , bain sult as an lá agus leis an chúpla deoch a ólfaidh tú lol

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 6
Registered: 03-2009
Posted on Monday, March 16, 2009 - 09:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Chailínpig
Chuir mé tús le mo chuid Ghaeilge thart fá ocht mbliana ó shin nuair a thosaigh mé ag freastail ar ranganna Gaeilge anseo i nDoire. D'fhreastail mé ar na ranganna Gaeilge achan lá. Tá mise ag foghlaim chomh maith agus tá mé céad faoin gcéad cinnte go mbeidh mé ag foghlaim le tamall fada eile sula mbeidh saibhreas ar bith ar mo chuid Ghaeilge.

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 18
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, March 19, 2009 - 12:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

In ainneoin toradh an cluiche idir Áth Cliath agus Doire ag an deireadh seachtaine, croithim do lámh, a Theifigh! Níor tháinig mé fein trí doras an suíomh seo ach cúpla mí ó shin. Bhí mo chuid Gaeilge ón scoil beagnach imithe nuair a thosaigh mo phaiste is aosta ag freastáil naíonra inar gceantar. Spreag é sin spéis nua ionam sa teanga agus thosaigh mé ranganna gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath. Anois tá sí sa Naíonán Mhóra i mBúnscoil agus tá mise ag iarraidh dul in iomaíocht leí!

Tá mo fhéinmhuinín ag ardú anois ach tá mo chumas bhéalach (??) lag fós. Ag an ám chéana, is an bóthar an rud is tabhachtach!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 145
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, March 19, 2009 - 03:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

mo chumas labhartha
mo chumas an teanga a labhairt

Mo ghreidhin thú, a Chill-Easraigh. Tá an Ghaeilge ar fheabhas agat. Coinnigh ort. Bainfidh tú an-sásamh as labhairt le d'iníon i dteanga ár sinsear.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 19
Registered: 01-2009
Posted on Friday, March 20, 2009 - 05:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Buíochas leat, a Thaidhgín. Tá beirt eile againn agus tá an ceann deireanach (!) ag súil linn lá ar bith feasta. Soláthróimid an Gaelscóil áitiúil go dtí na fichidí ar aon nós!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

fiona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 26, 2009 - 06:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh,

Is mise Fiona agus tá mé nua ar an fhóram comh maith, cas mé ar aréir. Is mac léinn mé as Báile Átha Cliath. Táim ag tnúth go mór le a bheith ag caint libh. Táim ag iarraidh mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a feabhsú i stíl sóisialta.

slan go fóill

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 922
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, March 26, 2009 - 10:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fáilte! An mbíonn deiseanna agat caint le daoine ar scoil nó sa chathair?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 172
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, March 26, 2009 - 12:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá fáilte romhat, Fíona. Seo é an fóram is fearr le Gaeilge a scríobh agus a léamh. Gheobhaidh tú neart cleachta má scríobhann tú beagán gach lá. Tá daoine anseo as gach cearn den domhan agus Gaeilge den scoth acu. Beidh áthas orainn teachtaireachtaí a fháil uait agus scéalta a léamh ón "Ard-Chathair".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 17
Registered: 03-2009
Posted on Thursday, March 26, 2009 - 01:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh agus Fáilte a Fhiona , tá me ag súil le níos mo teachtaireachtaí mar sin a fheiceáil amach anseo a chara.

Ádh mór ort

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cú_chulainn
Member
Username: Cú_chulainn

Post Number: 3
Registered: 02-2009
Posted on Thursday, March 26, 2009 - 06:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Theifigh, a chara,

Go máire tú agus bulaí fir! Caithfidh mé a rá go deachaigh do chuid chaighdeán Gaeilge i bhfeidhm orm. Is léir go bhfuil ard-leibhéal faighte agat anois agus go dtuigeann tú achan rud a bhfuil scríofa ag na daoine eile ar an suíomh seo. Dearfainn go mbeadh neart deise agat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm go rialta leis na páistí sna Meánscoileanna.
.

Cé go bhfuil mé i mo chonai i nDún Pádraig, Contae an Dúin, anois, d’fhoghlaim mise mo chuid Gaeilge uilig i gCumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Ba gnách liom freastal ranganna oíche do dhaoine fasta uair sa tseachtain ar feadh tamaill fhada. Is dócha go raibh mé ansiúd ar feadh chuig bliana ó thús go deireadh. Roimhe sin, cha raibh mé ach cúpla focail agam ó mo laethanta scoile. Ar na saolta seo, cosúil leat féin, tá mé ag déanamh mo dhícheall lenár dteanga dhúchais.

Slán go fóill

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 924
Registered: 11-2004


Posted on Friday, March 27, 2009 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Chú - féachaint go bhfuil tú díograiseach ag foghlaim go fóill, seo cúpla ceartúchán:
[go deachaigh do chuid chaighdeán Gaeilge]
...go ndeachaigh caighdeán do choda Gaeilge...
[Ba gnách liom freastal ranganna ]
Ba ghnách liom feastal ar ranganna...
[cha raibh mé ach cúpla focail agam]
...cha raibh ach cúpla...

Go maire tú do chuid Gaeilge féin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 23
Registered: 03-2009
Posted on Friday, March 27, 2009 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Chú
Go raibh maith agat a chara , tá mé ag foghlaim go fóill lol , ach sin ráite tá mé ag baint suilt as an t-am a chaithim a labhairt agus ag scríobh anseo agus ansúid. Tá do chuid Ghaeilge ar fheabhas a chara , lean ort. Níl rud ar bith níos tabhachtaí ná go bhfuil tú ag baint suilt as do chuid Ghaeilge agus ná déan dearmad faoi na daoine atá ag foghlaim agus tabhair cuidiú daoibh achan seans a fhaigeann tú. Faighaim seans achan lá le mo chuid Ghaeilge a chleachtadh sna scoileanna nó le mo chairde. Leis an fíorinne a rá ní thuigim achan rud atá scríobhta anseo , agus cleachtadh maith atá ann ar aon nós gan dabht is gan amhras. Tá jab den chéad scoth déanta agat a chara , gan dabht , lean ort.

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2776
Registered: 01-2005


Posted on Friday, March 27, 2009 - 06:54 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Deir an foclóir beag go bhfuil 't' ann - go tsábhála - ach ní fhaca mé sin riamh.



Níl a leithéid ann, meancóg ins an "réimnitheoir briathar" atá ann. Nuair a chuirtear urú ar s, chan athrann sé (ach amháin in Oileán Chléire, áit a n-éireann sé ina z... :-) ).

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Hugo
Member
Username: Hugo

Post Number: 4
Registered: 09-2008
Posted on Saturday, March 28, 2009 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Shéamais,
quote:

...caighdeán do choda Gaeilge...


Má thuigim an riail igceart (níl ionam ach foghlaimeoir), ní úsáidtear an ginideach sa chás seo. "Caighdean do chuid Gaeilge" ba cheart a bheith ann(?)

(Message edited by Hugo on March 28, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 102
Registered: 08-2007
Posted on Saturday, March 28, 2009 - 07:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach iontach an rud é an méid sin daoine ó thaobh amuigh de Phoblacht na hÉireann atá sáite isteach sa Ghaeilge, Túischeart na hÉireann ach go h-áirithe. Cuireann sé gliondar ar mo chroí, go fada buan sibh. Rud beag amháin ámh, muna miste libh: an cheart é 'tá mé nua' a rá? Déarfainn go mbeadh 'is duine nua mé' nó 'is dalta nua mé anseo' níos fearr?

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teifeach
Member
Username: Teifeach

Post Number: 27
Registered: 03-2009
Posted on Saturday, March 28, 2009 - 07:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haigh a Sheanfhir!!!!( an bhfuil sin ceart)

Ar aon nós , níl a fhios agam go díreach a chara , is dócha go bhfuil an bheirt acu ceart , braitheann sé ar an rud ba mhaith leat a rá. Tá sé deas bualadh leat a chara , agus ó mhuintir Thuiscirt na hÉireann , bá mhaith liom buíochas a thabhairt do na bhfocail deasa a dúirt tú.

Mar a dúirt mé cheanna féin , tá cúpla rudaí ann nach bhfuil mé céad faoin gcéad cinnte faoi!!!!
a Sheanfhir ?
Ó mhuintir Thuiscirt na hÉireann?
do na bhfocail?

Teifeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 291
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, March 28, 2009 - 05:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

GRAIMÉAR GAEILGE na mBRÁITHRE CRÍOSTAÍ


AN tAINMNEACH THAR CEANN AN GHINIDIGH


9.25 Ní úsáidtear an ginideach sna cásanna seo

- ainmfhocal a bhfuil ginideach rannaíoch nó tabharthach rannaíoch faoi réir aige: ag déanamh mo chuid oibre; bás cuid mhór acu; ar son ceann de na náisiúin bheaga; os cionn an chuid eile den tír



ginideach rannaíoch = ginideach a roinneann, a dhéanann roinnt

quote:

"Caighdean do chuid Gaeilge" ba cheart a bheith ann.

Cinnte!

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge