Author |
Message |
Mickeybags
Member Username: Mickeybags
Post Number: 1 Registered: 04-2006
| Posted on Friday, March 13, 2009 - 12:04 pm: | |
A cháirde, "Go naofar t'ainm" .... Hallowed be thy name. Ní thuigim an fhoirm seo den mhódh foshuíteach, an bhfuil foirm fé leith ag baint leis? Shíleas gurbh é -tar nó -tear críochanna an mhodha foshuítigh? Míle bhuíochas |
|
Breandán
Member Username: Breandán
Post Number: 181 Registered: 12-2008
| Posted on Friday, March 13, 2009 - 02:19 pm: | |
Cás speisialta é naofar. I bhFoclóir Gaeilge-Béarla: naofar var. pres. indic. & subj. aut. form of NAOMHAIGH An mbeadh gaol aige leis an díghlórú (devoicing?) naomhtha go naofa, b'fhéidir? Níl mé cinnte ach is dócha go raibh briathar naomh ann fadó agus scríobhadh an soarbhriathar mar naomhthar nó mar sin de. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 912 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, March 13, 2009 - 04:36 pm: | |
D'fhoghlaim mé féin an leagan caighdeánach de, go naomhaítear. Is dócha, cosúil le 'slán mar a n-instear é' atá coitianta in ionad 'insítear', thit an í de seo freisin, agus chualathas an mht mar f. |
|
|