mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Sceal grinn agus ceist « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 48
Registered: 06-2008
Posted on Monday, March 02, 2009 - 07:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beirt ollamh ollscoile a théann ar saoire i gcampa nudist, áit ar féidir leo siúl thart dearg-lomnocht agus a machnamh a dhéanamh faoi thromcheisteanna na beatha. Bhí an bheirt acu ina suí go suaimhneach tráthnóna amháin – gach duine acu ag smaoineamh go domhain faoi chúrsaí an tsaoil.

Bhain fear amháin acu an píopa as a bhéal agus dúirt: ‘Of course, you’ve read Marx?’

‘I’m afraid so’ a deir an fear eile. ‘It’s these damned whicker chairs.’

Ceist ag éirí as sin: cén Ghaeilge atá ar nudist/naturist?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 294
Registered: 06-2008
Posted on Monday, March 02, 2009 - 07:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dócha go ndéarfainn 'fear an chraicinn deirg' leis agus 'bean an chraicinn deirg' más ea, ar iompú na boise mar seo.

Chonaic mé 'nochtaí' in aiste am amháin, ag tagairt do thrá in iarthar an Chláir, agus ní ag cur craicinn ar an scéal atá mé!

Feicim anois go bhfuil 'nochtachas' ag an Dálach ar 'nudism'. Cuirfidh sé sin mé le 'nochtaí'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 49
Registered: 06-2008
Posted on Monday, March 02, 2009 - 07:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thu, a Sheosaimh. Nar nochta Dia do dhroim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 4
Registered: 02-2009
Posted on Monday, March 02, 2009 - 06:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

deireann foclóir De Bhaldraithe

nude .. nocht, lomnocht
nudist ... nochtaí

le dea-ghuí, eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 121
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, March 03, 2009 - 07:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scéal grinn eile:

Rinneadh suirbhé -- i mBéarla -- i lár Bhaile Átha Cliath ar an gceist seo:

"An bhfuil an iomarca inimirceach allúrach in Éirinn?"

Torthaí an tsuirbhé:

Tá. 10%
Níl. 20%
Ní thuigim an cheist. 70%
__________________________________

Freagra na ceiste thuas:

"Lomnochtán" nó "duine lomtharnocht" Ceist eile fós is ea cleachtadh na lomnochtánaíochta. :-) Cheapfainn go mbeadh an aimsir in Éirinn ró-fhuar dá leithéid. Theastódh ionar tiubh olna agus dráir bhréidín le gaoth rua Mhárta a choinneáil amach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 122
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, March 03, 2009 - 07:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá náire orm an ceann seo a fhoilsiú ar chor ar bith ach seo ceist:

Cad é an difear idir broim agus tufóg?

Freagra:

Chloisfeá broim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4398
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, March 03, 2009 - 10:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá náire orm, a Thaidhgín, ach ní thuigim an freagra!

Bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil boladh ó bhromanna?
.
.
.
.
Le go mbeidh na bodhair in ann taitneamh a bhaint astu!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 51
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 05:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí banríon Shasana ag ól tae ar fhaiche Bamoral agus scata d’uaisle na tíre ina cuideachta. Caithfidh sé gur ith sé an iomarca ceapairí cúcamar mar, go tobann, lig sí broim mhór ghlórach a bhain croitheadh as na cupáin ar an mbord. Bhí náire uirthi, ar ndóigh, agus cad é a rinne sí ach an locht a chur ar an searbhónta: ‘In ainm Dé, a Shéamais, stop sin.’

Bhí an searbhónta seal ag machnamh sula ndúirt sé ‘Cinnte, a Soilse. Meas tú cén treo a ndeachaigh sé?’

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 295
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 05:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An dealú a chuala Breandán Ó hÉithir dá dhéanamh ag seanfhear barrúil in Árainn idir broim agus tuthóg:

"Tá a fhios agat go scaoilfear an tufóg amach go ciúin slítheánta ag caitheamh pampútaí, ach tiocfaidh an bram amach go mór rábach ag caitheamh buataisí tairne!"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 52
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 07:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuntas an teangeolaí ar ‘broim’: fuaim leathan dhéliopach ghlórach.

Cuntas an teangeolaí ar ‘tuthóg’: fuaim chaol dhéliopach chuimilteach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4401
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 01:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhroim a bhí:

Atá ben is tír
ní abar a hainm;
maidid esi a deilm
amal chloich a tailm!


http://www.sengoidelc.com/node/281

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 249
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 02:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Le linn do Theodor Heuss a bheith ina uachtarán ar an nGearmáin thug sé cuairt ar Bhanríon na Sasana i Londain. Agus iad ag dul tríd an chathair sa chóiste do chuir ceann de na capaill, a bhí ag tarraingt an chóiste, a eireaball in airde agus scaoil broim breá bríomhar uaidh.
Níor mhór nár phlúchadh an tUasal Heuss agus é gan a bheith ina fhear capaill.
Bhain a tharla a náire dhearg as an mBanríon. D'iompaigh sí ar an Uachtarán, lasadh náire ina haghaidh, agus dúirt, "Bhuel, a hUachtaráin, tá aiféala an domhain orm..."
D'fhéach an tUachtarán Heuss - agus é fós ag dul i ngleic leis a anáil a fháil leis arís - ar an mBanríon agus iontas na n-iontas air.
"O," ar seisean, "agus bhí mise cinnte de gurbh é an capall ba chúis leis."

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 251
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 03:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Atá ben is tír
ní abar a hainm;
maidid esi a deilm
amal chloich a tailm!



quote:

A bhean úd thall a lig an broim,
is nach mór do shuim sa cheol;
Ní hionadh liom mar a chanas do bhéal,
is a fheabhas is a chanas do thóin.




Arbh ionann na canúintí, ar a laghad?

(Message edited by ormondo on March 04, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge