mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Daonáireamh 2006 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 12
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, February 25, 2009 - 05:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,

chonaic mé go cúramach ag an daonáireamh 2006 de réir nGaeilgeoirí rialta sna cathracha in Éirinn. Agus bíonn na torthaí fíorspéisiúil. Tá difríochtaí feiceálaigh ann chomh maith idir na cathracha agus bailte lasmuigh den Ghaeltacht. Agus tá roint bailte ann in Éirinn a bhfuil níos lú cainteoirí rialta ag 100 iontu ná i gcathair BhÁC! Bíonn idir 2 agus 7 ag 100 chainteoirí rialta ann sna cathracha agus bailte lasmuigh den Ghaeltacht.
Agus cé aici a bhfuil an 7 ag 100? Cathair na Gaillimhe, ar ndóigh!
De réir chathair na Gaillimhe: Chonaic mé ar an daonáireamh bheagcheantair i lár na caithreach (in aice aice leis an stáisiúin traénach). Agus is fíor go bhfuil níos mó cainteoirí rialta ag 100 ná i gcathair eile in Éirinn ansiúd freisin.
Déanaim iontas go bhfuil chomh beágán Gaeilge sna cathracha an tSligeach, Chaisleán an Bharraigh, na Mart (Westport) agus Dhún na nGall de réir an dhaonáirimh de bhrí go bhfuil roinnt Gaeltachtaí láidre gar do na cathracha sin.
Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 46
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, February 25, 2009 - 06:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I gcead duit, a Alex, nil Gaeltacht laidir ar bith i Maigh Eo na i ndeisceart Dhun na nGall. Ni hiontas ar bith e go bhfuil Sligeach, Cathair na Mart & Caislean an Bharraigh chomh lag agus ata. Is deas an rud ceantar Gaeltachta a bheith in aice le baile mor ach, le firinne, nil a fhios agam an mbionn tionchar aige sin ar usaid na Gaeilge sna bailte mora fein.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 13
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, February 25, 2009 - 06:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cinnte go bhfuil tionchar as an nGaeltacht i láthair i gcathair na Gaillimhe! Mar tá go leor muintir ina cónaí sna Gaeltachtaí timpeall agus iad a theacht sa chathair ó am go ham. Féin i gclub Árus na nGael casann tú ar dhaoine as Gaeltacht na Gaillimhe! Agus is cuid de na fáthanna a bhfuil Gaillimh le Gaeilge ag forbairt úsáid na Gaeilge sa chathair le muintir na Gaeltachta a fhreastal.
Beir bua.
Ah...
is cainteoirí laethúla agus seachtainiúla atá i gceist agam mar cainteoirí rialta. Go cinnte nach bhfuil an deis ann go minic Gaeilge a labhairt gach uile lá, go háirithe amuigh faoin tír lasmuigh den Ghaeltacht. Is féidir liom a shamhlú go mbaineann go leor acu úsaid as an nGaeilge ag an deireadh seachtaine nó amanna i dteach ósta, cuir i gcás.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 118
Registered: 07-2006
Posted on Wednesday, February 25, 2009 - 02:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir lena ndeir Antain thuas "nil Gaeltacht laidir ar bith i Maigh Eo ná i ndeisceart Dhun na nGall" tá Gaeltachtaí sna contaetha sin. Cé go luaitear ceantracha móra sa Ghaeltacht Oifigiúil ansin atá bánaithe ag an imirce agus an bochtanas agus áiteanna eile nár labhraíodh Gaeilge iontu le fada an lá tá pócaí Gaeilge fós i Maigh Eo: An Fál Mór, Tamhain na hUltaí, Eachléim, An Fód Dubh, Turán, An Cartúr, An Mullach Rua, Oili ar leithinis an Mhuirtheada; Ceathrú Thaidhg, Ceathrú na gCloch, Port a' Chlóidh, Cill Ghallagáin, An Corrán Buí, Ros Dubhach; Sraith taobh thoir de Bhéal an Mhuirthead; Corrán, Aisléim, Sáile, agus An Chloch Mhór in Acaill. Níl eolas agam i dtaobh Cor na Móna i ndeisceart an Chontae. I ndeisceart Dhún na nGall tá Gleann Cholm Cille agus Teileann agus tá Oideas Gael i mbun oibre sa dúiche sin.

Is é an trua é gur i Springfield Mass atá an chuid is mó den phobal labhartha Gaeilge a d'fhás suas sna ceantracha sin anois. Is beag obair páighe atá ar fáil i nGaeltacht Mhaigh Eo ná i ndeisceart Dhún na nGall.

Maidir le labhairt na Gaeilge sna bailte móra tá aithne mhaith ag na cainteoirí Gaeilge go léir ar a chéile agus muna mbeifeá i láthair ag ócáid Ghaelach éigin ní chloisfeá an teanga á labhairt. Ar an dtaobh eile dhe dá mbeifeá i láthair ag a leithéid d'ócáid cheapfá gur teanga fíor-láidir í an Ghaeilge agus nár baol di.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 14
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, February 25, 2009 - 07:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aon rud spéisiúil eile: Ag an Vicipéid Gearmánach luaitear faoin Ghaeilge inniu:"Nil an Ghaeilge labhartha gach uile lá inniu ach i gceantair bheaga a dtugtar an Ghaeltacht orthu agus cuid bheag SNA CATHRACHA". Mar sin féin, is eo é toradh le bheith buailte ná an fíoras go bhfuil níos mò cainteoirí laethúla ann lasmuigh den Ghaeltacht ná istigh. Sílim go raibh an chuid is mó acu ina gcónaí sa Ghaeltacht 50 bliain ó shin. Ar a laghad caithfear eolas ar an nGaeilge de chuid mhaith an dhaonra sa Ghaeltacht a choimeád trí scoileanna lán-Ghaeilge a bheith ar fáil amháin ansiúd. Mar sin ní ísleóidh cuid Ghaeilgeoirí rialta riamh chuig mheán na tíre. Agus ba chóir Gaeilge amháin a bheith ina teanga oifigiúil sa Ghaeltacht. Tar éis dom léamh tráchtaí ar alt faoin fhearg de chuid na ndaoine sa Dhaingean faoin oideachas lán-Ghaeilge tháinig súil orm. Chonaic mé abairtí mar sin:"Mura dtaitníonn sé daoibh, bogaigí! Tá muid sa Ghaeltacht!" Tá an ceart acu! Caithfidh fíor-mhuintir na Gaeltachta a éirí rud beag mícháirdiúil do na Sasanaigh iarthair.
Agus tháinig rud beag súil orm tar éis dom fáil amach go bhfuil neart Gaeilge ag 13 ag 100 leanaí 3 - 4 bliain d'aois ar fud na tíre. Dar le teacsanna éagsúla agus an daonáireamh tá traidisiún éigin fágtha i measc roinnt áirithe an dhaonra ar fud na tíre úsáid a bhaint as an nGaeilge, pé sórt é. Tá beagán bailte ann ina bhfuil an Ghaeilge gar do a bheith marbh go hiomlán.
Pé scéal é, thaitneodh Éirinn aontheangach Gaelach dom. Ach ba cheart Gaeltacht aontheangach a chur ar bun arís mar atá d'aidhm ag rialtas áitiúil an Chatalóine. Is breá liom an rialtas seo!
An Ghaeltacht agus an Catalóin aontheangach agus an Ghearmáin liatheangach ar aghaidh!
Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 47
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, February 26, 2009 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir lena ndeir Antain thuas "nil Gaeltacht laidir ar bith i Maigh Eo ná i ndeisceart Dhun na nGall" tá Gaeltachtaí sna contaetha sin.

Agus an Gaeltacht laidir ceann ar bith acu sin, dar leat?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 119
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, February 26, 2009 - 03:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl siad "láidir" mar is pócaí beaga iad ach is féidir le líon an-mhór daoine i Maigh Eo Gaeilge a labhairt go héasca agus go líofa dá mba mhian leo agus dá mbeadh an ócáid feiliúnach.

Líon beag daoine atá i gceist in gach áit díobh ach ní mian liom go múchfaí an lasair Gaeilge atá á cothú go dícheallach in a lán teaghlach sa Ghaeltacht ansin.

Dá mbeadh Gaeilge mhaith ag strainséir agus dá labhródh sé í in aon cheann de na bailte a luaigh mé chloisfeadh sé/sí an Ghaeilge is deise dár chuala sé ariamh ach is trua nach aisteoirí iad muintir Mhuigh Eo a chuirfeadh seó ar siúl don strainséir. Nósanna dé-bhéascna nó "diglossia" atá acu. Má tá strainséirí ina bhfochair labhróidh siad Béarla. Sa phub nó sa siopa mar shampla. Má tá sár-Ghaeilge ag an strainséir féin áfach agus fonn a labhartha air labhrófar Gaeilge leis. Más scoláire mór le rá an strainséir bainfidh siad an-sult as feacadh nó tuisle a bhaint as le crua-cheisteanna. Cá bhfaighidis eolas mar sin ach ón mhuintir a chuaigh rompu. Níl ach rud amháin de dhíth go géar orthu: slí bheatha agus fostaíocht, saothrú. Gan iad níl ach an bád bán agus an Béarla rompu.

Tá an-seans go mbeidh na Gaeltachtaí go léir ar an dóigh céanna go luath ach beidh an teanga beo i gcónaí. Ní dóigh liom gur teanga mharbh í seo agamsa agus labhraím gach uile lá í. Tá neart daoine eile mar mé ar fud na tíre. Beidh sí ag ár bpáistí inár ndiaidh. Teanga faoi cheilt í an Ghaeilge ach is beo di. [Faoi cheilt? TG4, Raidió na Gaeltachta? Gaelscoileanna? ]



©Daltaí na Gaeilge