Author |
Message |
charlie o brien (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 10:18 am: | |
Seo dán a scríobh Finian MacCarthaigh Mór, táimse tar éis píosa cheoil a chur leis, agus é a scaoil amach mar amhrán. Bhí an dán scríobtha i leabhar staire as Béarla faoi Cill Áirne, neadar go bhfuil chúile rud i gceart ó thaobh cursaí gramadach de, chuireas mé fhéin na sínte fada isteach ní raibh ceann ar bith ann. Ó Thaobh na litriúcháin de tá sé ar fad ón 7ú haois déag agus chomh maith le sin neadar go raibh sé scríobtha amach go cruinn mar leabhar Béarla a bhí ann. Ar féidir le éinne cabhrú liom é a chur i gceart? níl tuairim da ladghad agam béidir go bhfuil sé i gceart fós! Sríobh mé síos an aistriúchán Béarla chomh maith. Go raibh maith agaibh! Tugas Grádh m’anma do mhnaoi, Ach! A dhé, ‘s ni rainig liom a innsin dí gur milleadh mé Grádh da gealghnuis chriostail mar rós Nar chiontaigh re haon, ‘S da dhá gealghlaic leabhra luith ler mealladh mé Rug a haolchorp sleamhain slán Mo mheabhair uaim; Milseacht a gaotha ‘s a gloir Mé im othar uaidh. I gave my souls love to a woman, But oh God I failed to tell her That I’d been destroyed. Love for her face, shining like a rose, Which never sinned with anyone, And love for her soft supple hands With which I was wooed. Her fair, slender body Took my sanity away The sweetness of her voice Has reduced me to a cripple |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1015 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 10:46 am: | |
Maidir le téacs an dáin, tá sé léite agam cheana agus is dóigh liom go bhfuil sé i leabhar eicínt sa mbaile agam (sna Dánta Grádha, is dócha.) Cuirfidh mé chugat anocht é más ea. Brí eile a shamhlaím féin leis an dara leathrann: 'S ní ráinig liom a innsin dí gur milleadh mé I failed to tell her so (.i. "a" mar aidiacht shealbhach) Till I was ruined An mbíodh an bhrí sin le "go" sa nGaeilge Chlasaiceach? Níl mé lánchinnte anois... ba chóir dom S. na G. a cheadú anocht chomh maith. (Message edited by Abigail on February 17, 2009) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 05:31 pm: | |
A Abigail Má tá an dáin agat sa bhaile i foirm níos cruinne bheadh sé sin iontach go deo, ó thaobh "gur milleadh mé" de, níl fhios agam cad a bhí i gceist go díreach ag Finian ach amháin go raibh a chroí cráite! Is docha go bhfuil níos mo ciall ag baint le do léagan fhéin air "til I was ruined", ciall níos tubaisteach fós. Cad is brí le S na G? foraor, níl Gaeilge Líofa agam ar chor ar bith ach táimse ag obair air ;) Go raibh maith agat arís! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1017 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 07:22 pm: | |
Le "Domhnall Mac Carthaigh (an chéad Iarla)" a luaitear é in "Dánta Grádha" le Tomás Ó Rathile. Seo téacs an dáin uilig: ----------------------------------------- Och! och! a Mhuire bhúidh, a Bhuime Dé, tugas grádh m'anma do mhnaoi ler marbhadh mé. Atá an toil, a Mhuire mhór, 'na tuile thréin; do mharbh sin do láthair mé, a Mháthair Dé. Tugas grádh m'anma do mhnaoi, ach! a Dhé, 's ní ráinig liom a innsin dí gur milleadh mé. Grádh dá geilchígh is gile gné, mar lile ar lí, 's dá folt dualach druimneach dlúth is ualach dí. Grádh dá gealghnúis chriostail mar rós, nár chiontaigh re haon, 's dá dhá gealghlaic leabhra lúith ler mealladh mé. Rug a haolchorp sleamhain slán mo mheabhair uaim; milseacht a gotha 's a glóir, mé im othar uaidh. Atáim 'na diaidh, ochán, och! im bhochtán bhocht; truagh gan an sluagh-sa ar mo leacht ag cruachadh cloch. Truagh gan bráithre ag mianán orm re siansán salm, ó tharla mé, a Mhuire mheirbh, im dhuine mharbh. Amhrán a béil, bile mar rós, milis mar thúis, do chuir mé ar buile báis, -- cá cruinne cúis? A ógh ler cheanglas mo chruth, do cheanglais mo chorp; féach do réir chéille agus chirt ar n-éiric ort. Fóir mé, ós féidir leat, a ghéag gan locht; fóir mé le comhrádh do chuirp, ochán, och! ----------------------------------------- Baineann an mheadaracht anseo lena dtugtar uirthi "deachnadh", is dóigh, bíodh is nach bhfaca mé deachnadh eile den chineál áirithe seo fós (.i. focal aon siolla amháin ag deireadh gach líne. Déshiolla is gnáiche.) Rud amháin eile de, tá siolla sa mbreis cúpla áit (línte a chuir mé dath dearg orthu) agus siolla amháin ar lár (dath glas.) Ní hé go bhfuilim ag iarraidh an fhilíocht a lochtú, ar ndóigh! Nílim ach ag tabhairt leideanna beaga, ó luaigh tú go raibh fút é a chanadh. Ar fhaitíos freisin go mbeadh fút aithris a dhéanamh ar an gcóras foghraíochta a bheadh i réim nuair a chéadchumadh an dán seo... is amhlaidh gur bhátaí na guta a bhfuil dath gorm orthu, agus gur fhoghraítí gach déshiolla ina dhéshiolla ceart, m.sh. "sleamhain" mar shlaa-win seachas shlowwn. Ba chóir go mbeadh seacht siolla i ngach líne fhada mar sin (fág na cinn dearga is glasa as an aireamh) agus ceithre shiolla i ngach líne ghearr. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1018 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 07:42 pm: | |
"S na G", sin "Stair na Gaeilge" atá in eagar ag Kim McCone. Cnuasach aistí atá ann ar thréimhsí, canúintí agus gaoltheangacha éagsúla leis an nGaeilge. Sárleabhar tagartha é. Maidir le do chuid Gaeilge féin ná bí chomh crua sin ort féin! Tá tú ag déanamh go rí-mhaith... agus tiocfaidh an líofacht le haimsir, nó sin a deireann siad liomsa ar aon nós. Nóta beag amháin eile agus ansin téimse a luí. Ar thug tú faoi deara "comhrádh do chuirp" sa rann dheireanach? Tá an focal sin "comhrá" coitianta go leor sna seanamhráin freisin, agus an bhrí chéanna ag baint leis beagnach i gcónaí. Ba, caoirigh ná gamhna ní shantóinn féin leat iad mar spré / Ach mo láimh faoi do cheannsa is cead comhrá go huair a dó dhéag 'S go dté mé i dtalamh, beidh cuimhne agam ar do chomhrá liom agus mar sin de... Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 19, 2009 - 02:05 pm: | |
Maith thú! Beidh an t-amhrán i bhfad Éireann níos substaintiúil anois, agus níos cruinne chomh maith;). Cheapas féin gur scríobh Finian MacCarthaigh an dán. Tar éis do theachtaireacht a leamh is léir gurb é Domhnall an fear a scíobh é. Ansin cheapeas gur Domnall MacCarthaigh eile a bhí i gceist (fear a bunaigh Manistir Muc Ros anseo i gCill Áirne san 5ú haois déag). Bhíos ina choir thuathail ceart!. Faoi ndeara, ag an deireadh thugas amach gurb é Domnall MacCarthaigh “an chéad Iarla” (mar a luaigh tú fhéin) a scíobh an dán. Tá na beirt acu cuireadh faoin fód san manistir ceanna i Muc Ros! Ó thaobh do chuid moltaí de, dhéanfaidh mé mo seacht n-dhícheall leis an mheadreacht, cífimid ar aon nós, nuair a bheidh taiféada éigin agam seolfaidh mé é leat más maith leat. Chuirfidh mé mo leagan féin air ar aon nós. Maidir leis an rann dheireanach de, cheapas go raibh brí níos doimhne nó níos fhisiciúil sin ag baint leis! ach ní raibh fhios agam go raibh an brí sin chomh coitíonta fadó, shíl mé go raibh Domhnaill á usáid "poetic licence" mar a déarfá! Go raibh maith agat arís |
|
|