mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Ceist ar lucht raithní anseo, más ann « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1005
Registered: 06-2006


Posted on Thursday, February 12, 2009 - 03:47 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist a haon: cén Ghaeilge a chuirfeá ar contact buzz?
Ceist a dó: meas tú ab ann dá leithéid i ndáiríre?

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 232
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, February 12, 2009 - 04:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

1. Meisce theagmhála, déarfainn.
2. Meisce mheitifisiciúil? Is ceist an chreidimh í.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1007
Registered: 06-2006


Posted on Thursday, February 12, 2009 - 04:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Ceist an chreidimh"... is é sin a rá, mura gcreidim ann beidh mé slán air? ;-) Well, tá dealramh leis sin ar aon chaoi: sin a deireadh m'athair liom freisin (mar gheall ar amhailtí faoin leapa) agus bhí an ceart aige.

Sé an chaoi go mbíonn cóisirí de shaghas eicínt ar siúl san árasán béal dorais, agus boladh deataigh nach deatach tobac chugam uathu go minic. D'fhéadfadh sé gur incense a bhíonns ann, ar ndóigh, nó ní aithneoinn thar a chéile iad... táim sách soineanta ar na cúrsaí seo.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8093
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, February 12, 2009 - 04:55 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhal, rath na raithní ort thall pé scéal é, agus dea chríoch ort!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 235
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, February 12, 2009 - 05:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

...táim sách soineanta ar na cúrsaí seo.



Tar éis duit an "túis" a ion-analú - nó roimh ré?

Túis naofa atá ann, gan amhras, agus seachas tógáil anama cinnte nach bhfuil faic eile i gceist dá bharr.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1008
Registered: 06-2006


Posted on Thursday, February 12, 2009 - 06:51 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin ré a bhfuil mé roimpi le mo ré!

quote:

... seachas tógáil anama cinnte nach bhfuil faic eile i gceist dá bharr.


Creidfidh mé uait é. Dreas ceoil nó sciúird faoin gcoill a dhéanann gnó domsa go hiondúil má bhíonn m'anam i ngá a thógtha.

Tá an boladh ait scaipthe anois agus ní airím pioc níos "airde" i ndáiríre... tuirse beag orm ach ní haon ionadh sin an am seo istoíche. Caithfidh go raibh m'ainchreidiúint láidir go leor le mé a shábháil arís. :)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 75
Registered: 08-2007
Posted on Monday, February 16, 2009 - 01:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ná bíodh eagla ar bith ort, a bhean uasail. Tá 'Cosaint Chlinton' le fáil agat toisc go bhfuair tu an boladh ach nár tharraing tú d'anáil. :-)

Seanfhear



©Daltaí na Gaeilge