Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 99 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 04:32 pm: | |
Chuala mé an t-amhrán seo fada ó shin agus ba bhreá liom dá mbeadh na focail go léir agam. Tá cuid mhaith dearmadtha agam: Seo an méid atá agam de: Curfá / Loinneog: Óró a bhuachaillín, seol do bhó. Seol. Seol agus seol go beo. Óró a bhuachaillín, seol do bhó is cuir ar an iomaire bán í. Véarsa: Chaith mé mo mhaide le cúpla gabhar. Níor airigh an tseanbhean mé. Bhí sí bodhar. Sciorr mo chos uaim is chuaigh sí i bpoll is tá mo lorgaí feannta. Agus óró srl ... Sin a bhfuil agamsa de. Ba bhreá liom véarsaí eile a fháil. Tá fonn deas rithimiúil ag dul leis. Chuala mé thiar i gCarna é fadó nuair a bhí an saol ina thús. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8023 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 04:57 pm: | |
Níl an t-amhrán agam, ach fuair google an tagairt seo: Óró bhuachaillín, seol do bhó Sounding harps, book (Cáirde na Cruite) http://www.riam.ie/uploadedFiles/Local_Centre_and_Diploma_Examinations/Music_Syl labi/irish_harp_syll_2003_08.pdf |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 982 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 05:37 pm: | |
Ní hé go raibh siad ar eolas agam, ach seo iad mar atá agam sa leabhairín "Cas Amhrán": 1. Chaith mé mo mhaide le cúpla gabhar; Níor airigh an tseanbhean mé - bhí sí bodhar. Sciorr mo chos uaim is chuaigh sí i bpoll Is tá mo lorgaí feannta. Agus óró srl (mar atá agat thuas) 2. Dá bhfaighinnse cailín deas críonna glic I nganfhios dá mamaí 's an oíche bheith 'sioc, Gan buíochas don chailleach ó bheinnse istigh, 'Mo shuí cois na tine go sásta. 3. Is trua gan mise 'gus stór mo chroí 'Bheith idir dhá bhairille lán le dígh, Gan éinne i m'aic' ach mo pháistín fionn, Is dóigh ghéar go n-ólfainn a sláinte. 4. Thall san eanach gur chuala mé 'n gleo, Bhí cailín beag deas agus buachaillín óg. Bhí sé á bréagadh le briathra ceoil, 'S a mamaí ag gol 's í ag gáire! agus ansin don churfá deireanach: Óró 'bhuachaillín, seol do bhó, Seol agus seol agus seol go beo, Óró 'bhuachaillín, seol do bhó 'Gus cuir ar an aonach is fearr í. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 100 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 07:19 pm: | |
Táim fíor-bhuíoch díbh araon, a Aonghuis agus a Aibigail. Nár lága Dia bhur ndúthracht. Go raibh maith agaibh. Shíl mé go raibh gach uile amhrán dá bhfuil san leabhairín sin ar eolas agam agus féach nach raibh. Is iad na hamhráin a mheall mise chun na Gaeilge an chéad lá ariamh. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 983 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 12:37 pm: | |
An córas litrithe a rinne an gnó domsa, déarfainn - ach ní fheicfinn an litriú go deo mura mbeadh na hamhráin. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 101 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 06:25 pm: | |
Na hamhráin agus an smeadar beag Gaeilge a bhí ar eolas ag mo mháthair agus ar ndóigh an cló Gaelach a múineadh dom sna naíonáin shóisir. Is cuimhin liom an chéad leabhar léitheoireachta: an "t" álainn sin agus na huilinneacha a bhí ar an "a" agus an "fada"! Aon fhocal amháin "tá" agus bhíos meallta ag draíocht na Gaeilge. Táim faoi dhraíocht ag an teanga ó shin i leith. An Éireannach nó eachtrannach thú, a Aibigail? Seans dá gcuartóinn siar sna seanchomhaid go bhfaighinn mo fhreagra ach os clár plé agus comhrá é seo is dócha nach miste an cheist a chur. Bleá Cliathach mé féin. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 984 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 11:25 am: | |
Ní deacair liom sin a chreidiúint. Mar gheall orm féin, chuala mé amhrán Gaeilge a thaitin go mór liom agus chuir mé romham é a fhoghlaim má b'fhéidir. Níorbh fhéidir liom an litriú a chur in oiriúint don fhuaim - cén fhuaim a dhéananns an consan úd 'h' ar aon chor?! - agus dá mhéid mearbhaill a fuair mé san iarracht is ea is mó theastaigh uaim an teanga féin a fhoghlaim seachas amhrán áirithe inti. B'shin breith na dúile murarb é tosach na foghlama go fóill é. Maidir le mo dhúchas... eachtrannach atá ionam ceart go leor, in Éirinn is san Eilvéis araon. An fear mór tomhas thú? Ioḋa, nion is ailm ar fás: Dá dtoṁaisfeá mo ḋúċas A stoic dúbail, caol re caol, Fé scáil daraċ na dtréanċraoḃ. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 103 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 04:22 pm: | |
Cé nach fear mór -- ná fear mór tomhas -- mé féachfaidh mé le rún an bhéarsa sin a fhuascailt. Fág agam tamall é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8050 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 04:41 pm: | |
Tabhair nod dúinn, a Abigail. An bhfuil aibítir na gcrann in úsáid agat? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 990 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 06:27 pm: | |
Tá go deimhin! Seo plé ar chúpla sampla eile den chleas céanna: http://www.daltai.com/discus/messages/21/28801.html Tá an sampla seo thuas níos dírí ná iad (well, níos 'dírí' mar thomhas ar aon chaoi. Tá sé sách scaoilte mar dhán!) Ainm réigiúin atá ann seachas ainm tíre, dála an scéil. Tá's a'd féin mo thír faoin am seo, a Aonghuis, ach b'fhéidir go gceapfaidh mé rann beag eile amárach (tá tuirse orm anocht) a chuirfeas in iúl cé hí. Taitníonn an siollabadh seo liom. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8051 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 05, 2009 - 05:44 am: | |
I N A D B'é seo é: http://www.in.gov/core/about.htm (Indíreach, chun deis a thabhairt do dhaoine eile an tomhas a scaoileadh) |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 269 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, February 05, 2009 - 07:21 pm: | |
Silim a chairde gur annamh a fheictear duine a bhfuil an iomarca Gaeilge tiomsaithe acu sa saol, nó b'fhéidir go gcaithfidh tú cuid den Ghaeilg a chailleadh Abigail nó ní bheidh an saol in ann tú a leanacht, bail ó Dhia ort! Shíl mé gurbh shin é an áit a bhí i gceist, ach níor thuigeas cén comhartha a sheasfadh dó agus bhí broideadh oibre anseo do mo choinneáil ó ghabháil á chuardach. Maith an obair a Aonghuis. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 905 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 06, 2009 - 03:08 pm: | |
Indiana? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 270 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, February 06, 2009 - 04:33 pm: | |
Sea a Shéamais, Indiana. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 998 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 10:34 am: | |
Maith sibh. Táim báite san obair le deánaí is ní bhfuair deis ar thomhas ainm tíre a chumadh, ach más eol daoibh an stát is eol daoibh an tír. Le hIndiana mo dhúchas ach is le stát eile mo shinsear: Kyliefin a thabharfaí air dá mb'in Éirinn é, is dóigh. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8070 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 10:42 am: | |
Coill Fionn? Ag féachaint ar seo http://en.wikipedia.org/wiki/List_of_U.S._state_name_etymologies feictear dom nach bhfuil coill i gceist in aon ainm ach Pennsylvania sna Stáit. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 999 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 11:00 am: | |
Coill Uí Phinn, go deimhin. Ar ndóigh ní hamhlaidh gurb as 'Kyliefin' do mhuintir mo mháthar ó thús ama, ach gur tháinig siad thar sáile ó thír áirithe... ach ba chóir dom bheith ag obair anois seachas ag tomhaisíocht (agus thairis sin níor rith liom imeartas fiúntach air go fóill.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|