Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 10 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, January 27, 2009 - 06:48 pm: | |
A chara, Seo mise arís. Go hiondúil táthar i gcónaí ag rá faoi uimhreacha míchearta de réir eolais na Gaeilge sa dhaonra. Creidim féin nach bhfuil níos mó na Gaeilge ag formhór na 1,6 milliúin ach na cúpla focal atá mar shampla slán, Dia dhuit, a chara. Ach ar an taobh eile mheas neart daoine a raibh mé ag caint leo as Gaeilge ar feadh mo shaoire in Éirinn faoina luach bhur n-eolas. Dúirt siad go bhfuil beágán Ghaeilge acu. Ach bhí mé ag caint gan fhadhbanna leo mar a dhéanaim go laethúil i mo theanga dúchais sa bhaile, cuir i gcás sa siopa, sa teach ósta nó sa chaife idirlín. Dúirt mé cad tá uaim agus bhí mé ag caint beágáinín. D'inis mé gur Gearmáinis mise agus gur fearr liom Gaeilge ná Béarla in Éirinn. I gcaife idirlín chuir mé ceist ar an bhfear óg conas is féidir liom fada a scríobh. Thuig sé mé agus d'iarr sé na fada a chur i bhfeidhm ar an ríomhaire ach níor éirigh leis(in Éirinn!).Is dóigh go bhfuil an Ghaeilge as láthair do neart conhlachtaí ríomhaireachta! Dúirt mé le na daoine sin go bhfuil bhur gcuid Gaeilge maith go leor le misneach a thabhairt dóibh. Dar liom, ba seo é i bhfad níos mó ná beágán Gaeilge! An meas sibh go bhfuil fós náire fágtha ón sean-am? An dtabhaireann sibh faoi déara an rud céanna ó ham go ham? Beir bua, Alex |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 280 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, February 12, 2009 - 09:51 am: | |
Tá meall mór náire ar gach éinne acu agus déarfaidh siad leat gur mór an náire iad nach bhfuil ach roinnt bheag den teanga acu i ndiaidh na mblianta fada scolaíochta. Is iontach gur féidir leo an cúpla focail féin a chur i ndiaidh a chéile ar chor ar bith, ach bíonn roinnt acu in ann lámh éigin a fháil ar an teanga d'ainneoin laige an chórais. Ní oibríonn an córas sain in áit ar bith, an teanga ardghradaim a bheith sa scoil agus lasmuigh agus iompú ar fhoghlaim na teanga 'caillte' ar feadh 50 nóiméad gach lá ar scoil. Is é an dála céanna ag an Tatairis le hais na Rúisise é. Córas oideachais sa sprioctheanga amháin a sholáthróidh cainteoirí dátheangacha ina leithéid de thír (mar a bhfuil teanga ardghradaim chun tosaigh lasmuigh). |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 11 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, February 13, 2009 - 02:43 pm: | |
Is fíor! Is é foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais in Éirinn an chúis gáire is mó na haoise! I ndiaidh na mblianta sa scoil bheinn ag meas go bhfuil Gaeilge ag uile dhuine. Is dóigh liom go bhfuil na cainteoirí liofa ag úsáid na Gaeilge go rialta agus gurb eo í an phríomhchúis do bhur nGaeilge liofa. Ach bíonn sé níos fearr ag Gaelscoileanna. Chas mé féin ar dhéagóirí a bhí ag caint as Gaeilge le a chéile lasmuigh den scoil. Slán, Alex |
|
Deasmhumhain (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 18, 2009 - 07:43 pm: | |
Wel, anois, ba mhaith liom comhghairdeas a rá le Alexfranke toisc go bhfuil an Ghaeilge chomh maith aige agus atá. Botún beag is ea nuair a deir tú gur Gearmáinis thú. Gearmáinis, is teanga í Gearmáinis. Is Gearmáineach thú. Ach botún beag atá ann. Faraor go bhfuil na mílte in Éirinn nach féidir aon Ghaeilge a labhairt tar éis na mblianta fada a chaitheamh ar scoil agus Gaeilge mar ábhar scoile acu. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 97 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, March 25, 2009 - 01:44 am: | |
Alexderfranke, aontaím leat go bhfuil teagasc oifigiúil na Gaeilge go dona, ach ceist agam ort a chara, más féidir. An fíor é gur bhruaigh an rialtas Gearmáinis miontheangacha na tire faoi chois, no cad é an córas oideachais atá ar siúl anois chun iad a chosaint? Seanfhear |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 919 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 25, 2009 - 10:42 am: | |
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 286 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, March 26, 2009 - 07:03 pm: | |
Dála an scéil, a Sheanfhear, is Sorbach darb ainm Stanislaw Tillich a bhfuil Soirbis Uachtarach ar a chumas aige é príomh-aire Shaorstát na Sacsaine. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 5 Registered: 03-2009
| Posted on Friday, March 27, 2009 - 08:35 pm: | |
tá níos mó daoine ná 1.6 daoine mar bhí 1.6 nios mó ná sin sa scoil, agus rinne siad gaeilge |
|