mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Gurb amhlaidh nó gurab amhlaidh...? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Suantrai
Member
Username: Suantrai

Post Number: 14
Registered: 11-2005
Posted on Sunday, January 25, 2009 - 07:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba mhinic mé a rá le daoine ar Lá Caille 'Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise srl srl...' agus an freagra a fuair mé ar ais ná 'Gurb amhlaidh duit féin.'

Ach tá cara liom a scríobh 'Gurab amhlaidh duit féin' agus níl mé róchinne cad chuige.

Ní shílim gur de mheancóg a scríobh sé é. An bhfuil aon tuairim ag duine ar bith ar cé acu is cirte a rá/a scríobh.

Míle buíochas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 976
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, January 25, 2009 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuirtear trína chéile iad go minic toisc a chosúla is atá siad, ach is le claoninsint a bhaineanns an "gurb" ó cheart: "dúirt sé liom gurb amhlaidh dóibhsean" m.sh. "Gurab" is cirte sa modh foshuiteach.

Feicfidh tú "go mba" freisin ó am go chéile; leagan canúnach atá ann a fhreagraíonns don "gurb" agus don "gurab" araon.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 122.104.92.34
Posted on Sunday, January 25, 2009 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cloiseann tú 'go mba h-é dhuit' chomh maith.

Seanfhear



©Daltaí na Gaeilge