Beidh Ceardlann na Múinteoirí 2009 ar 15 - 16 Feabhra in Esopus,
Nua-Eabhrac. Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach Feabhra ar son
Múinteoirí na Gaeilge. Tá an-áthas orainn go mbeidh Ray Mac Mánais linn i
mbliana. Tá Ray ina mhúinteoir le fada an lá, agus ina phríomhoide ar
Ghaelscoil Míde i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath ó 1983. Tá taithí na
mblianta aige i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ar fud na hÉireann agus
i Meiriceá. San am i láthair tá sé ag múineadh ardchúrsa cruinnis le
Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath. Tá sé mar mhúinteoir pearsanta Gaeilge
d'Uachtarán na hÉireann ón am ar toghadh í.
Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis
Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc seo:
http://www.daltai.com/events/ceard09.htm