Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 6 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 04:15 am: | |
A chara, bhí mé i gcathair na Gaillimhe an bhliain seo caite. Thug mé faoi déara go bhfuil i bhfad níos mó na Gaeilge ann i gcathair na Gaillimhe ná i gcathair Chorcaí, cuir i gcás. Cuirim an cheist orm an bhfuil cathaireacha eile ann in Éirinn a bhfuil mórán Gaeilge iontu. B´fhéidir go bhfuil mórán Gaeilge ann i gcathair Dhún na nGall mar gheall ar go bhfuil Gaeltacht Dhún na nGall i dTuisceart. Nó Trá Lí. An bhfuil eolas ag aon dhuine anseo ar an rud seo? Go raibh maith agaibh. Alex |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 442 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 04:50 am: | |
Bím i dTrá Lí go minic ach níl an Ghaeilge le cloisteáil ann de ghnath taobh le Gaillimh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7952 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 05:23 am: | |
Tá Gaillimh is bhfad níos gaire d'aon Ghaeltacht. Eisceacht atá inti, agus tá "Gaillimh le Gaeilge" ann chomh maith, ag obair ar son "cloisteáileacht" na Gaeilge. http://www.gleg.ie/ |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 7 Registered: 05-2008
| Posted on Thursday, January 22, 2009 - 03:56 am: | |
Agus, tá Gaeilge le cloisteáil níos minici i mBÁC ná i gcathair Chorcaí. Le beagán an áidh, is féidir daoine a chloisteáil atá ag caint as Gaeilge i mBÁC. Agus chonaic mé fógraí do vóta ar son nó in agaidh Lissabon i mBÁC ó ham go ham as Gaeilge, ach i gcathair Chorcaí, ní chonaic mé aon fhógra as Gaeilge ar chor ar bith! |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 27 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 07, 2009 - 05:11 pm: | |
Níl tada i dTrá Lí i mo thuarimse Orddan ocus tocad duit! |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 304 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, February 07, 2009 - 05:26 pm: | |
Bhí mé i mo chónaí i dTrá Lí ar feadh cúpla bliain aontaím libh go hiomlán ach chuala mé Gaeilge uair amháin i mo theach tábhairne áitiúil ach is dócha gurbh as Corca Dhuibhne iad agus cha raibh focal Gaeilge ar bith agam ag an am sin. Gaeilge go deo! |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 28 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 07, 2009 - 06:03 pm: | |
Is fíor duit. Chualas an Ghaoluinn dhá uair i dTrá Lí. Sa bhus stop a chualas íad. Tuistí ón Ghaelthacht, a raibh ag filleadh abhaile tar éis lá fhada ag siopadeoireacht. (Message edited by Ardri on February 07, 2009) (Message edited by Ardri on February 07, 2009) Orddan ocus tocad duit! |
|
Dahtet
Member Username: Dahtet
Post Number: 4 Registered: 11-2008
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 07:01 am: | |
Aontaím libh, níl mórán Gaelainne le cloisteáíl i dTrá Lí. Dar libh, cén fáth go bhfuil níos mó Gaeilge ann i mBÁC ná i gCorcaigh? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 277 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 08:12 am: | |
An uair cheana a raibh mé féin i dTrá Lí, casadh isteach i seomra óstáin mé mar gur aithníos Gaeilgeoir ann. Bhí tuairim is dáréag - ceithre dhuine dhéag ann ag freastal ar chomhrá Gaeilge. Níl aon bhaile in Éirinn dá dtéim ann nach féidir liom theacht ar mhuintir na Gaeilge ann. Sr. Ghrafton, Sr. Phádraig Chorcaí, is cuma cá dtéim. Caithfidh sé gur dream an-chúlánta an chuid eile agaibh! |
|
Cú_chulainn
Member Username: Cú_chulainn
Post Number: 1 Registered: 02-2009
| Posted on Wednesday, February 18, 2009 - 08:20 pm: | |
Is Gaeltacht Bhóthar Seoighe atá suite in iarthair Bhéal Feirste le blianta fada. Is estát tithíochta é seo áit a bhfuil teaghlaigh ag fás anuas fríd mheán na Gaeilge. Ansin, ma théann tú cúpla mile síos an bóthar agus tiocfaidh tú ar Chultúrlann Mac Ádhaimh Ó Fiach. Is iontach an áit í seo agus í ag feidhmiú mar ionaid an Ghaeilge. Is í anseo a gheobhaidh tú imeachtaí eagsúla atá eagraithe don phobal Gaelach. Sa lá inniu tá bialann 130 suíochán sa lárionad 3 urlár cultúir agus ealaíon, amharclann/fairsing chomdhála 110 suíochán, dánlann Gerard Dillon áit a mbíonn taispeántais ar bhonn rialta, siopa leabhar/bronntanas a riarann ar lucht spéise Gaeilge agus Gaelachais. Is ann fosta atá ionad oifigiúil eolais turasóireachta a chuideoidh leat, i measc rudaí eile, cóiríocht a shocrú i mBéal Feirste. |
|