Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 227 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:46 am: | |
Thosaigh Máirtín Tom Sheáinín feachtas leis clárú na tíre ar charrannaí a aistriú ó IRL go ÉIR. Is féidir greamáin a fháil uaidh. Tá suíomh idirlíon ag an bhfeachtas ag: http://anghaeltacht.net/feachtas Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 33 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:56 am: | |
Tá mé chun ceann a iarraidh láithreach, grma. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 11:24 am: | |
Fair play do Mháirtín. Rud praiticiúil simplí atá anseo. Tá mé féin chun ceann a iarraidh air. Go néirí leis! |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 07:31 am: | |
Ní léir dom go bhfuil aon bhunús leis an éileamh seo. Is le haghaidh taistil i dtíortha thar lear a ceapadh na cóid atá i gceist agus is é an rud atá riachtanach go dtuigfí iad go héasca ar fud na cruinne. Ní nach ionadh, úsáideann mórán tíortha cóid a thuigfí gan stró lasmuigh den tír de rogha ar chóid a bheadh bunaithe ar an teanga náisiúnta ach a chuirfeadh mearbhall ar eachtrannaigh. San Eoraip féin tá a leithéidí seo in úsáid: AL (Shqipëria), ARM (Hayastan), A (Österreich), CY (Kypros, Kibris), FIN (Suomi), GE (Sakartvelo), GR (Ellada), H (Magyarország), MNE (Crna Gora) agus RUS (Rossiya). Maidir le cás na hÉireann, is léir ó ainm na tíre sna mórtheangacha gurb é IRL an cód is fearr. Tabhair faoi deara freisin gur fearr a réitíonn IRL le leithéidí 'Irlande', 'Irlanda' agus 'Irland' ná le 'IrEland'. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7935 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 08:40 am: | |
Tá a mhalairt ann freisin D ag Deutschland HR ag an Cróit CH ag an Eilvéis agus bhí EIR ag Éirinn go dtí na 1960í, de réir alt ar Wikipedia. http://en.wikipedia.org/wiki/List_of_international_license_plate_codes Go bunúsach, is cuma liom ann nó as é. Ach má bhíonn tacaíocht ag an bhfeachtas, is leor sin mar bhunús. (Message edited by aonghus on January 17, 2009) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 169 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 09:15 am: | |
Sholathródh ÉIR ceist ionchasach do quiz. Tá an leagan reatha ró-éasca chuige. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 11:30 am: | |
quote:Tá a mhalairt ann freisin D ag Deutschland HR ag an Cróit CH ag an Eilvéis Maidir leis an nGearmáin, níl na mórtheangacha ar aon fhocal i dtaobh ainm na tíre. Cé go mbeadh 'GER' go breá do lucht an Bhéarla agus na Rúisise, bheadh 'ALM' ag teastáil ó lucht na Fraincise agus na Spáinnise. Agus is mórtheanga í an Ghearmáinis freisin. Maidir leis an gCróit, is fíor go mbeadh 'CR' níos oiriúnaí ach bhí an cód sin in úsáid ag tír eile (Costa Rica) cheana féin. Maidir leis an Eilvéis, cé go bhfuil ceithre theanga náisiúnta ag an tír sin níl an Laidin ar cheann acu. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 174 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 12:43 pm: | |
quote:Maidir leis an Eilvéis, cé go bhfuil ceithre theanga náisiúnta ag an tír sin níl an Laidin ar cheann acu. I ndáiríre tá an forlámhas i gcúrsaí teanga ag an nGearmáinis ach dá ainneoin sin roghnaíodh an leagan neodrach. De bharr sin ní raibh CH (Confederatio Hiberniae) ar fáil a thuilleadh dúinnse. Cé mhéid clárú tíre atá ann go dtí seo i nGaeilge? (Message edited by ormondo on January 17, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7937 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 17, 2009 - 04:03 pm: | |
Tá HR bunaithe ar ainm na Cróite ina dteanga siúd. Agus is le S a thosnaíonn an Eilvéis i ngach mór theanga - Schweiz, Suisse, Svizerra(?) - ní fios dom cad é an Romanansch. Is fíor duit faoi Ghearmáin - rud éigin le N a bheadh de dhíth ag a gcomharsan san Oirthear. Agus Tyskland ag na Sualannaigh. Is mó dream a raibh teangmháil ag treibh seachas a chéile de Gearmáinigh leo. Rud a fhágann saibhreas ainmneacha don Almáin i teangacha na hEorpa. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 18, 2009 - 06:46 am: | |
Tá a fhios agam go bhfuil 'HR' bunaithe ar 'Hrvatska'. Is é an pointe a bhí agam nach raibh an cód a bheadh bunaithe ar ainm na tíre sna mórtheangacha (CR) ar fáil toisc go raibh sé sciobtha ag tír eile rompu. Ní hamhlaidh an cás dúinne é. Is í an argóint atá ag lucht an fheachtais seo gurb é an gnáthnós é cód a bhunú ar ainm tíre i dteanga náisiúnta na tíre. Ach ní hé 'Confederatio Helvetica' ainm na hEilvéise i gceann ar bith de theangacha náisiúnta na hEilvéise agus ní thacaionn 'CH' le hargóint an fheachtais. Dála an scéil, tá 'S' in úsáid ag an tSualainn. 'Niemcy' a thugann na Polannaigh ar an nGearmáin agus tá focail ghaolmhara sa Rúisis ('немец' ar dhuine ón nGearmáin agus 'немецкий' mar aidiacht) ach is é 'Германия' (Germanija) atá ar an tír. Tá an chastacht chéanna le feiceáil san Iodáilis: 'Germania' atá ar an tír ach is é 'tedesco' an aidiacht. Is léir nach bhféadfaí cód amháin a roghnú a thuigfí go héasca ar fud na hEorpa. Ní hamhlaidh an cás dúinne é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7938 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 18, 2009 - 12:45 pm: | |
An pointe a bhí i gceist agam le CH ná a) gur roghnaigh Rialtas na hEilvéise é do spriocanna níos leithne, agus b) nach mór theanga níos mó í an Laidin. Ach mar a deirim, níl ann ach coinbhinsiún. Má ghlactar le ÉIR, tá go maith. ÉIRE atá ar na stampaí Poist agus na boinn, tar éis an tsaoil. Agus EIR a bhí in úsáid idir 1938 agus 1962. Mura glactar, tá go maith freisin. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 18, 2009 - 06:29 pm: | |
Ní thitfeadh an spéir ar ár gcloigne dá n-athrófaí an cód. Ní dhéanfadh sé difear ar bith i ndáirire. Is é an fáth nach dtaitníonn an feachtas áirithe seo liom go gcuirfidh sé le smaoineamh atá forleathan go leor i measc an phobail cheana féin - an smaoineamh nach bhfuil i lucht na Gaeilge ach paca cancrán. Ba chóir an t-am agus an fuinneamh a chaitheamh ar cheist eile a bhfuil tábhacht éigin ag baint léi. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7943 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 19, 2009 - 06:05 am: | |
N'fheadar. Is dóigh liom go bhfuil seans ag an feachtas seo cuir le feiceáileacht na Gaeilge - toisc na gcuirfidh sé isteach ró mhór ar aoinne. Murab ionann agus comhartha STAD i gCill Chartha, abair! Tuige gur muide na cancrán agus ní a leithéidí siúd, nó Tuismitheoirí Buartha [sic] an Daingin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 898 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 19, 2009 - 11:48 am: | |
Nach paca cancrán sinn? An bhfuilim sa seomra mícheart? ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7947 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 19, 2009 - 02:38 pm: | |
Tá! |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 19, 2009 - 08:00 pm: | |
quote:Nach paca cancrán sinn? An bhfuilim sa seomra mícheart? Téann sé sin go croí na faidhbe: toisc go bhfuil bunús maith le tuairim an phobail caithfimid ár ndícheall a dhéanamh an fhírinne a cheilt agus gothaí na normáltachta agus na stuamachta a chur orainn féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7951 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 04:47 am: | |
Cad is normáltacht ann? Más coinceap na matamatice atá i gceist, bheadh orainn éirí as Gaeilge a labhairt - níl sé "normálta" Beidh muid i gconaí ag eireball cuar Ghauss. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 899 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 09:42 am: | |
Is ait an mac an Gaeilgeoir (a roghnaigh an teanga). Ach is stór gan phraghas sinn! Nó col ceathracha aite, ar aon nós. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 186 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, January 25, 2009 - 04:21 pm: | |
quote:Beidh muid i gconaí ag eireball cuar Ghauss. Ach b'fhéidir go bhfuil cobhsaíocht de shórt éigin bainte amach againn: cobhsaíocht asamtóiteach? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|