Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 228 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, January 04, 2009 - 04:39 pm: | |
Canúint na dtréadaithe caorach fan Ghaeltacht Láir i dTír Chonaill. Thuigeas an méid sin ocht mbliain ó shoin nuair a mhothaigh mé beirt ag caint eatarthu féin i dteach leanna ar an Bhrocaigh. Bhí siad ag caint fan chomhluadar a raibh mé féin ina measc. Thosaigh an dá dhream, cúigear againn, ag caint lena chéile ar ball. Is mór is fiú casadh leis na daoine sin. |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 233 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, January 05, 2009 - 09:49 am: | |
Am lóin a bhí ann a Sheáin, agus b'aisteach nár thug an bheirt a bhí liom neart na cainte faoi deara in aice láimhe. Bhí mé féin ag cúléisteacht leo i dtosach - i dtoiseach - mar a déarfaidís féin. Ag amharc amach romham ar mo chomhluadar féin ach ag éisteacht de leataobh a bhí mé. Measaim gur ag iascairí agus ag feirmeoirí a bhíos an chaint is fearr. Tá mé in ann cuimhneamh ar dhaoine nár fhan, ar nós a muintir rompu, leis an dá cheird sin, agus ba an-chainteoirí iad, ach bhí spéis ar leith acu sa teanga. |