mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Ceol ón bPacific Northwest « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4337
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 01, 2009 - 05:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Éistim le m' iPod ag an gclub sláinte i gcónaí. Murach é, bheadh an t-am a chaithim ansin thar a bheith leadránach. Bíonn ceol úr ag teastáil uaim i gcónaí freisin. Cheannaigh mé dhá amhrán nua aréir ó iTunes, le grúpaí ón taobh seo den tíre. Is féidir libh iad a chloisteáil ar YouTube. Níl siad hi-fi ansin, ach is deas an rud é na bannaí a fheiceáil ag seinm.

"Furr" le Blitzen Trapper, ó Phortland:

http://www.youtube.com/watch?v=GzCi6qr5qKw

"White Winter Hymnal" le Fleet Foxes, ó Seattle:

http://www.youtube.com/watch?v=lcuCdklkScM
http://www.youtube.com/watch?v=s6HvhZ6hHNs

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 231
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, January 04, 2009 - 07:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceol na seascaidí, Donovan srl, atá acu a Dennis!

Amhrán díbhfeirge agus athrú cló an chéad cheann.
Grma as an deis éisteacht leo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breandán
Member
Username: Breandán

Post Number: 15
Registered: 12-2008


Posted on Monday, January 05, 2009 - 06:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén chaoi a bhfuil tú, a Dhonncha? B'fhéidir nach gcuimhin leat mé, ach bhí muid ag caint le chéile ar Gaelic-L timpeall ar thrí bliana déag ó shin, agus thug tú cuidiú dhom le mo chuid Gaeilge. Bhí mé i mo chónaí sa tSeapáin ag an am sin ach tháinig mé ar ais go dtí an Astráil anuraidh.

Chonaic mé go bhfuil tú i do chónaí i Seattle anois agus chuir mé iontas ansin an bhfuil aithne agat ar na Suffering Gaels? Is banna ceol na hÉireann traidisiúnta atá bunaithe i Seattle é. Is leath-Seapánach é Hanz Araki agus bhuail mé leo, Hanz agus Dale Russ agus Finn McGinty, cupla uair nuair a bhí siad ar cuairt sa tSeapáin. Is sean-chara dhom é Rocky dheartháir Hanz freisin.

Mura bhfuil aithne agat orthu, ná bac leis, ach is maith liom a gcuid ceoil agus molaim dhuit é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4340
Registered: 02-2005


Posted on Monday, January 05, 2009 - 01:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní gearánta dom, a Bhreandáin, bail ó dhia ort! Is cuimhin liom na Suffering Gaels cé nach ann dóibh anois, exactly. Tá cuid acu le chéile fós faoi bhratach nua, áfach. Crumac a thugann siad orthu féin anois:

http://www.crumac.com/
http://www.youtube.com/watch?v=orAn0FaNQ3A

Ós duine illteangach thú, a Bhreandáin, ar mhiste leat súil a thabhairt ar an suíomh seo:

http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ilteangach/teangacha.ht ml

B'fhéidir go bhfuil cara agat a bhfuil teanga aige nach bhfuil againn fós? Bheadh an-áthas orm dá mbeadh aistriúchan go Warlpiri nó Pitjantjatjara againn!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4341
Registered: 02-2005


Posted on Monday, January 05, 2009 - 07:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ceol na seascaidí, Donovan srl, atá acu a Dennis!

Tuigim a bhfuil á rá agat... cé go smaoiním féin go bhfuil siad an-difriúil le Donovan... agus ... níos fearr?

Pé scéal, cruthaíonn Blitzen Trapper go bhfuil an genre sin, "folk", slán beo fós, bail ó dhia orthu.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breandán
Member
Username: Breandán

Post Number: 39
Registered: 12-2008


Posted on Wednesday, January 07, 2009 - 07:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh míle maith agat, a Dhonncha, os ucht na nasc sin. Is mór an trua nach bhfuil siad le chéile níos mó, ach sin mar a bhíonns le grúpaí ceoil, measaim, i gcónaí ag síor-athrú.

Maidir le scéal na triúr manach agus na haistriúcháin, bhain mé an-sult astu agus bhí aithne ag an ainm Steafan MacRisnigh a rinne an leagan Seapáinise, cé nár bhuail mé leis go díreach ariamh. Fuair mé litir uaidh nuair a tháinig sé go dtí an tSeapáin ar dtús, ach bhí mise ar tí bogadh ar ais go dtí an Astráil ag an am sin agus ní raibh muid in an bualadh le chéile, is mór an trua.

Ba mhatih liom cuidiú leat sa tionscadal aistrithe ach tá na teangacha a mbeinn in ann déanamh déanta fós.

Tá suim agam i nGabigabi (thugtar Kabikabi uirthi freisin), teanga bhunstoc na háite seo ina bhfuil mé i mo chónaí anois, ach níl mórán faisnéise ar fáil faoi in aon áit agus tá uafás orm go mbeadh na cainteoir dúchasach uilig marbh roimhe seo. Níl muid ach trí uair an chloig ó mBrisbane anseo agus bhí na bunstoic uilig caite nó locaithe agus bogtha i gcéin i dtosach stair an Stáit seo.

Sin ráite, tá ruainne beag níos mó ábhair agam faoin teanga Guguyalanji (thugtar Kugkuyalanji uirthi freisin), teanga bhunstoc Mossman an áit ina rugadh mé, agus cé nach bhfuil sé agam mar theanga fós, tá sé ar intinn agam tuilleadh staidéar a dhéanamh uirthi feasta.

Tá ruainne beag eolais faoi muintir Guguyalanji le fáil anseo:

http://www.yalanji.com.au/
http://www.daintreecoast.com/kuku-yalanji.html
http://www.daintree-ecolodge.com.au/Experiences/Daintree-Eco-Lodge-and-Spa-Abori ginal-Culture-Kuku-Yalanji.html
http://www.ethnologue.com/show_language.asp?code=gvn

Gabh mo leithscéal, chuaigh mé _i bhfad_ ón ábhar aríst! m(_ _)m

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4344
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 07, 2009 - 01:53 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Gabh mo leithscéal, chuaigh mé _i bhfad_ ón ábhar aríst!

Bíonn siúlach scéalach. :-) Bhí an méid sin uilig an-suimiúil. Níl aithne agam ar Steafan, ach bhí sé ag Sabhal Mòr Ostaig agus tá aithne ag Caoimhín Ó Donnaíle (mo chomhghleacaí sa togra seo) dá bharr sin. Léigh mé na suíomhanna faoi na Guguyalanji, agus fuair mé ceann eile anseo, cé nach bhfuil mórán nua ann:

http://en.wikipedia.org/wiki/Kuku_Yulanji

Ádh mór ort leis an teanga sin (agus le chuile theanga eile)!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 578
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, January 08, 2009 - 08:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dennis,

Go raibh maith agat as na bannaí seo a chur ar ár súile dhúinn!

An ceann arb as Seattle iad, tá an chosúlacht ar a gcuid éadaí, féasógaí agus, ar ndóigh, a gcuid "sound" gur díreach amach as na seascaidí a tháinig siad :) Sin spéisiúil go bhfuil na ceoltóirí ar fud na cruinne ag filleadh ar ais ar na "fréamhacha", mar déarfá - suaimhneas na hintinne agus an cheoil atá dhá gcuartú acu, an harmony atá ar iarraidh agus a bhfuil an-tóir uirthi ar na saolta beaga seo. Chuir siad seo "Kings of Convenience" i gcuimhne dhom. An-deas!

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4350
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 08, 2009 - 09:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

tá an chosúlacht ar a gcuid éadaí, féasógaí agus, ar ndóigh, a gcuid "sound" gur díreach amach as na seascaidí a tháinig siad

Sea, ach bhí na héadaí & na féasóga céanna ar Nirvana sna nóchaidí. Déan Kurt Cobain a chuardú! Tá an cháil amuigh orainn, lucht an Phacific Northwest, go bhfuil muid ar na daoine is worst-dressed sna Stáit. Is cuma linn. Tá muid compordach ar aon nós.

Maidir le Kings of Convenience, chaill mé iad ar chúis éigin, ach chuaigh mé go iTunes anois díreach agus d'éist mé leo. Go raibh maith agat as iad a chur ar mo chluasa dom!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 894
Registered: 11-2004


Posted on Sunday, January 11, 2009 - 10:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí na buíonta ceoil sin go deas (ach amháin crumac). Éistim le gach saghas ceoil, ach is dócha gur maith liom roint mhór atá an-difriúil uathu sin...

Is breá liom Static-X, mar shampla...

http://www.youtube.com/watch?v=SCsdGZIgoH0

http://www.youtube.com/watch?v=CS7kqpXBOdI

http://www.youtube.com/watch?v=PJBtg-9MGUU

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 583
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 04:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Dennis,

Nach cliúúil é an fear a ndearna tú trácht air! Mar ba cóir do mhalrach ar bith eile, bhí mé tóigthe suas ar feadh seal gearr le Nirvana, ceart go leor – agus is leis an gceol sin a bhí mé ag goil chun tosaigh mar cheoltóir i dtús báire tá bodráil’s naoi mbliana ó shin. Mí miste liom iad anois ach oiread, ach gur mó i bhfad an sásamh a bhainimse as an gceol a sprioganns positive vibrations agus dhá positive é sea is fhearr!!!

Maidir leis an bpeictiúr úd le Peter Brueghel, bhí sé sin sách spéisiúl agus ní raibh a fhois agam roimhe go bhfuil a leithide ann. Míorúilteach go leor, casadh isteach i museum mé agus muid i Halle na Gearmáine Thoir i dtaca na Nodlag - agus is insa museum sin a raibh muid in ann scrúdú cúramach a dhéanamh ar an Triumph of Death seo aigese. Bhí an peictiúr seo leagtha amach mar phríomhchúlra don tuspáinteas faoi Martin Luther. Leis an bhfírinne a dhéanamh, tá cuma an-áirid agus an-chumhachtach ar an bpeictiúr seo agus é os do chomhair amach chomh hard le balla!

(Message edited by peter on January 13, 2009)

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'



©Daltaí na Gaeilge