mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Suíomh idirlíon nua do Ghaeilgeoirí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

GaelNet (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, December 29, 2008 - 02:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh a chairde,
chruthaigh mé suíomh úrnua do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus go háirithe do dhaoine ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim. Is teanga shaibhir í an Ghaeilge agus is í m'aidhm dhaingean ná an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá cuid mhór áiseanna ar fáil ar an suíomh agus is é an rud is fearr fá dtaobh de ná barra uirlis cosúil leis na cinn mar Google srl. Tá acmhainní den scoth air agus níl a leithéid dá chinéal ar fáil go bhfios dom ar an ghreasán.

Tabhair cuairt inniu agus tabhair bhur mbarúlacha.

Seoladh: http://www.gaelnet.info
Toolbar: http://GaelNet.Toolbar.fm

Beir bua

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 885
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 10:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go n-éirí leat. Is iomaí rud cliste is suimiúil atá ar bun agat ar an suíomh seo. Is léir nach bhfuil sé críochnaithe (leathanach nuachta folamh, srl.), ámh. Tá roinnt botún sa Ghaeilge agat ar an bpríomhleathanach. Ach tús maith!

Cá bhfuil naisc chuig mo leathanaigh lín?

http://www.caomhach.blogspot.com/

http://philo-celtic.blogspot.com/

http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

GaelNet (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 02:53 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Shéamais,
go raibh maith agat as an chomhairle. Má fheiceann tú botún ar bith nó dóigh ar bith a shíleann tú gur féidir liom feabhas a chur leis an suíomh bheinn buíoch más féidir é a chur in iúl agus oibreoidh mé orthu láithreach. Tá na naisc siúd ar fáil ar an Toolbar atá agam. Más féidir leat an scéal a chur thart faoin Toolbar bheinn buíoch. Beidh duine ar bith a fhaigheann an Toolbar anois in ann na naisc sin a fheiceáil am ar bith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 886
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 04:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beatha teanga [á labhairt] í a labhairt

...atá ar fáil an idirlíon...
ar an idirlíon

"Ní amháin go nglacann an suíomh seo seribhísí le chéile"
go mbailíonn? Ní ghlacann, déarfainn.

"Cuireadh an suíomh seo le chéile leis an bhéim ar dhaoine..." Ní thuigim. Bain 'le chéile leis an' de?

Beidh seribhísí agus eolas nua [á chur] á gcur leis an suíomh thar t[h?]réimshe ama.

(Message edited by Séamas_Ó_Neachtain on December 30, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

c o cuinn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 05:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ni thuigim "Cuireadh an suiomh seo beim ar dhaoine" Cuireann,b'fheidir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

c o cuinn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 05:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beatha theanga

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7827
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 05:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Feictear an leagan "Beatha teanga a labhairt" uaireanta, (gan fada).

Maidir leis an abairt eile, mholfainn rud éigin cosúil le:

"Is ar mhaithe le lucht foghlama atá an suíomh seo curtha ar fáil"

Bheadh sé deacair orm an méid atá ann anois a thuiscint murach Béarla a bheith agam!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 887
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, December 31, 2008 - 09:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cheapfaí go bhfuil 'beatha theanga' ceart, ach ní hé sin an leagan coitianta de. Níl a fhios agam cén fáth.

Agus tuigim anois an abairt sin! Rinneadh an suíomh seo (was put together), Cumadh, Tógadh
CHUN
béim a chur ar...
Ach nílim sásta leis sin ach oiread. Treaslaím le moladh Aonghusa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

c o cuinn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, December 31, 2008 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ni chualas riamh ach "Beatha theanga i 'labhairt"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 217
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, December 31, 2008 - 04:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní hionann brí don dá abairt, (1) 'beatha teanga í a labhairt' agus (2) 'beatha theanga í a labhairt' a chairde.

Sa chéad abairt, is é 'teanga' atá ceannasach san aonad 'beatha teanga'.

Sa dara abairt, is é 'beatha' atá ceannasach san aonad 'beatha theanga'. Is é seancheist 'gloine fíona' agus 'gloine fhíona' é.

1. The life of a language is to speak it.

2. A life of language is to speak it.


'Labhair í 's bláthóidh sí' a deirim anois.
Is fearr liom é sin ná 'labhair í agus mairfidh sí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2623
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, January 01, 2009 - 07:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Leagan eile (a chualaidh mé o/ mhu/inteoir mhaith da/ rabh agam):
"Muna labhrann sibh i/, gheobhaidh si/ ba/s"

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

ernie (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 06, 2009 - 01:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaim go h-uile agus go h-iomlan libh nuair a deirtear "labhair i agus mairfidh si" agus a mhalairt muna labhrann tu i geobhfaidh si bas. Sa suirbhe is deanai ata deanta ag na h-udarais ta se raite go mbeidh deireadh leis na Gaeltachtai i gceann 20 bliain mar aiseanna chun an Gaeilge labhartha a chaomhnu. Mar sin fagfar an Gaeilge i staid na Laidine - gan i a labhairt, ach gan an tAifreann chun i a coimead beo i rith na mblianta. Ta an bas i ndan di gan dabht muna bhfuil ais eile ann in ionad na Gaeltachtai. Ise ata ag teastail mar sin na ais chun daoine aonaracha scaipthe ar fuaid an domhain a cheangal le cheile agus ta an ais ann. Ta si ann ach ni usaidtear i ach go hannamh. Agus sin e an idirlion ag usaid SKYPE no MSN/YAHOO messenger. Sin e todhchai na Gaeilge dar liomsa ach an bhfuil aon iarracht a dheanamh ag na h-udarais - no ag einne eile - chun e a chur chun cinn??. Nil si ar eolas agamsa. Agus agaibhse??.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

GaelNet (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 06, 2009 - 03:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaim leat a Ernie is cinnte go bhfuil gearghá ann le rud éigin a dhéanamh leis an teanga a chothú. Sílim féin go bhfuil ról lárnach le himirt ag teicneolaíocht nua agus is mar gheall air sin a chruthaigh mé mo shuíomh idirlín (www.gaelnet.info). Is léir gur mór an thábhacht á imirt ag teicneolaíocht nua atá ag teacht amach ar an mhargadh anois. Tá daoine óga i gcroílár na díospóireachta seo i mo bharúil mar is iadsan na daoine is mó a ba chóir dúinn a spreagadh leis an teanga a fhoghlaim. Táim faoi láthair ag obair ar dhóigheanna chun teicneolaíocht agus an Ghaeilge a nascadh le chéile chun tairbhe is taitneamh a bhaint amach. Is smaoineamh maith é Skype agus táim cinnte go bhfuiltear in ann sin a dhéanamh fiú le Bebo agus más féidir liom cuirfidh mé an gné sin leis mo bharra uirlis. Déan cuairt inniu agus inis dom cad a shíleann tú fa dtaobh de (http://gaelnet.toolbar.fm)



©Daltaí na Gaeilge