Author |
Message |
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 19 Registered: 03-2008
| Posted on Thursday, December 18, 2008 - 03:41 pm: | |
Tá sé píoosa fada aimsire anois ó bhíos ag plé leis an suiomh seo.Ach táim ar ais arís agus "laptop" breá nua agam! Ceann a ligeas dom síneadh fada a chur ar na voweleanna! 'Sé an nuaiocht is mó a tá agam ná go bhuil stumpa do ghaidhir agam. Ceann den míonach "Boxer". A thiarna, nach é a tá ag briseadh mo chroí! Bhí sé in mhadabhín deas lách nuair a fuair mé é ina choileán, ach anois agus é timpeall's blian d'aois ceapann sé go bhuil lán fios an t-saoighil aige agus go féidir leis déanamh mar is rogh leis. Tá fhois aige go maith,mar shompla, an míniú leis an t-ordú "suí síos", ach an suíofaidh sé? Deabhal suíoma, ach breathnóith sé orm mar a d'féarfadh sé "cé leis a bhuil tusa ag caint?"; ansin,suíodh sé ar feadh tamaill más mian leis fhéin, agus mar is míon fanfaidh sé ina sheasadh nó ag siúl thart ar an orlár agus a shmut mór sáite aige in n-gach áit. Ach sé an lucht is measa a tá air,ná go d-tiúrfaidh sé bothar dó fhéin má fhaighionn sé seans éalú uaim; agus ansinn isteach ag na comharsanna leis ag tóriacht bia agus é ag cur cuma an ocrais ar fhéin, do mo náriú ós comhair an phobaill. Tá sé sínte ós comhóir na tine anois agus mé ag scríobh an méid seo. A dhá shúil dúinte aige agus é ag tógál a shuimneas.Ardíonn sé cluas amháin nuair a chuirim cor asam fhéin, ag ceapadh go bhuil mé ag fáil tuilleadh bia dó. Sin an méid anois.Beidh mé ag cur síos tuilleadh air amach sa m-blian nua, lé cúnamh Dé. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 197 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, December 18, 2008 - 03:53 pm: | |
Go maire tú an ríomhaire a Sheáin. Mholfainn duit leabhar ar thraenáil ghadhair a fháil as an leabharlann. (Ní fiú a cheannach, tharla gur i mBéarla a bheas sé ar aon chuma.) Is féidir an madadh a thraenáil ar neamhchead a aoise agus níl bliain amháin róshean ar aon bhealach. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 877 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 18, 2008 - 04:39 pm: | |
Nó an bhfuil tú féin traenáilte aigesean cheana? ;-) Deirtear i gcónaí go labhraítear le madraí as Béarla amháin sa Ghaeltacht, fíor nó bréag sin. Meas madra? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 198 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, December 18, 2008 - 07:25 pm: | |
Ba eisceachtúil an chéad teach a raibh mé ag stopadh sa Ghaeltacht nuair a bhí mé i mo ghasúr. "Comhairigh!" (an dara réimniú den bhriathar) a d'abraíodh fear an tí leis an madadh agus thugadh an madadh ruaig síos is aníos tríd na cuibhrinn agus bhagraíodh sé na caoirigh ina líne dhíreach trasna na páirce leath bealaigh aníos. Níor ghá do dhuine cos a fhliuchadh ansan, ach seasamh ar an mbóthar leis an tréad a chomhaireamh. Dúirt sé gurbh é féin amháin a bhí ag ordú an mhadaidh i nGaeilg. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 878 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 19, 2008 - 10:11 am: | |
Madra cliste as an ngnáth a bhí aige, cinnte. :-) |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 20 Registered: 03-2008
| Posted on Friday, December 19, 2008 - 01:25 pm: | |
Ach ní raibh sé chomh cliste lé madadh a bhí ag comharsa liomsa uair amháin. D'fág an fear seo a mhadadh ag faireadh caorach ag crisbhóthar lá amháin nuair a tháinig cruaóg éigin air agus chath sé filleadh abhaile. Nuair a tháinig an fear bocht air ais bhí na caoire beagnach ar fad marbh;lorry a d'imigh thart agus chuaigh sí i molach na g-caorach, an lorry agus an tomanaithe bailithe leis. Ansin thug sé faoi deara cineál scriobadh ar an m-bóthar. Nach air a bhí an íonadh - agus an t-áthas - nuair a thig sé gurb é uimhir an lorry a bhí scríofa ag an madadh ar an m-bóthar! Níl focal bréige sa scéal! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 199 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, December 19, 2008 - 04:18 pm: | |
Caithfidh sé nach raibh Gaeilg ag an madadh sin a Sheáin, nuair a bhí air gabháíl i mbun scríobadh na huimhríochta ar an mbóthar! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 879 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 19, 2008 - 10:13 pm: | |
Féachaint go bhfuil suim sa ghreann agaibh...(fís agus fuaim) http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/2008/12/rock-me-pheig-sayers.html (gan mhadra) |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 21 Registered: 03-2008
| Posted on Sunday, December 21, 2008 - 08:41 am: | |
A Seosamh, sin comhairle mhaith faoi an leabhar. Tógfaí mé í san m-blian nua lé cúnamh Dé. Maidir leatsa a Shéamuis an Oileáin Fada, tá mise traenálta go maith ag an madadh: níl air ach a shmut a á árdú agus gothadh brónach a chur air fhéin agus ritheann mé(bhuel,siúlann me, tá mé as cionn trí scór)go d-tí an cubaird lé bia a thabhairt dó. Beannachtaí na Nollaig orraibh go léir! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 203 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 05:26 am: | |
Go mba hé daoibh a chairde agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir. |
|