mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » De réir a chéile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 196
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, December 18, 2008 - 01:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonaic mé rud inniu nach bhfaca mé cheana, más buan mo chuimhne. Seoladh cárta chugam as Corca Dhuibhne. Ba dhoiléir a scríobhadh cuid den seoladh. Nuair ba mháthair amhrais aon bhlas den seoladh Gaeilge ar chlúdach litreach a thriall orm anseo roimhe seo - agus tá mé ag bailiú samplaí le dhá bhliain go leith anseo - scríobhtaí leagan truaillithe 'Béarla' in aice leis.

Inniu, scríobhadh 'Fearna' in aice leis an mball doiléire 'Fea...', rud a chuir ionadh agus áthas orm. Bhí an leagan ceart ag cibé duine a scríobh é. Bhíodar in ann an seoladh a chríochnú agus is áit an-an-chúilriascúil atá i gceist.

B'fhéidir gur sheol Gaeilgeoir éigin a chnap de chlúdaigh litreacha isteach in éineacht lena ghearán chuig an gCoimisinéir sula bhfuaireas féin an deis fáil réidh le mo chuid féin. Cibé is údar leis, is inmholta.

Bhí eolas chugam as oifig na cánach istigh le post an lae inniu, go hiomlán i nGaeilge. Tá na caisleáin dá dtógáil de réir a chéile.



©Daltaí na Gaeilge