mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Is buan é duine ina dhúiche féin. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 130
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, December 06, 2008 - 12:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin é seanfhocal a d'aimsigh mé i "Peig" agus an leabhar á léamh arís agam.

An fíor é sin dar libh?

Tá sé tugtha daoi deara agam go bhfuil taithí ar an deoraíocht agus an taistealaíocht ag roinnt mhaith agaibh. B'fhéidir go bhfuil tuairim agaibh faoi fhírinne nó a mhalairt an seanfhocail thuasluaite.

An fearrde do dhuine agus é ag dul in aois an seanfhráma tagartha agus an cúlra aithnidiúil a bheith thart timpeall air?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4317
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, December 06, 2008 - 01:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An rud is tábhachtaí, dar liomsa, ná a lán cairde a bheith thart timpeall ort.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7782
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, December 06, 2008 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil sin ag tagairt d'í a bheith fillte ar an mórthír?

Tá an saol athraithe go mór ó aimsir Pheig, agus níl an oiread difear idir na críocha agus a bhíodh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 132
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, December 06, 2008 - 06:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An rud is tábhachtaí, dar liomsa, ná a lán cairde a bheith thart timpeall ort.



Is fíor é sin go deimhin.

quote:

An bhfuil sin ag tagairt d'í a bheith fillte ar an mórthír?



Bhí sí fós ar an mórthír in aimsir - don dara uair. Nuair a thagann an nath chuici bhí sí ina suí ar chnoc ag breathnú ar áilleacht na tuaithe mórthimpeall uirthi agus ag an am céanna bhí sí ag smaoineamh ar Cháit Jim ina saol nua thall i Meiriceá. ("Ise i dtír iasachta, í ina bean uasal, fáinne ar a méir agus uaireadóir ina póca.")

Dar le Peig, dar ndóigh, agus í ag lua an seanfhocail go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcúlra dúchasach - an tuath aithnidiúil agus an pobal aithnidiúil - nuair atá duine ag dul in aois.

B'fhéidir go bhfuil taighde síceolaíochta déanta faoin gceist seo!

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7784
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, December 07, 2008 - 06:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is ró chinnte go bhfuil.

Ach is mór idir inimirce ré Phéig agus an sall is anall éasca atá ann anois

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 870
Registered: 11-2004


Posted on Monday, December 08, 2008 - 11:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar liom, is ionann an seanfhocal sin agus 'There's no place like home,' nó 'you can take the boy out of the country, but you can't take the country out of the boy.' Is buan baile do dhúchais ionat, agus níl tú sa bhaile i bhfírinne aon áit eile.

Go mion minic, aon uair go mbíonn taibhreamh agam nó ag mo bhean, bímid sna tithe ar fhásamar aníos iontu, pé rud eile a bhíonn ar siúl sa taibhreamh. Agus tagraím fós ar 'home' mar theach mo thuistí, cé nach bhfuilim i mo chónaí ansin le breis is fiche bliain. Tagraíonn an inimirceach ar thír a dhúchais mar bhaile, cé go mbíonn siad sa tír nua den chuid is mó dá shaol. Sílim gur sin atá ar intinn ag Peig.



©Daltaí na Gaeilge