Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4305 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 01:22 pm: | |
An bhfuil éinne anseo a bhfuil Esperanto ar a thoil aige? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 01:59 pm: | |
Bhí mé ar tí tabhairt faoin teanga sin a fhoghlaim nuair a bhí mé i mo mhac léinn ollscoile fadó, ach dúirt duine de na díograiseoirí i gcumann Esperanto an choláiste liom go bhfuil an ghramadach thar a bheith rialta. Chuir sé sin deireadh le cibé suim a bhí agam san ábhar. Tar éis an tsaoil, cad is fiú teanga a fhoghlaim mura bhfuil sí ag cur thar maoil le briathra neamhrialta, le heisceachtaí gramadaí nach féidir a thabhairt faoi riail, le leaganacha canúnacha nach dtuigeann sciar mór de na cainteoirí, agus le pointí doiléire comhréire ar féidir bheith ag argóint fúthu? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4306 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 02:13 pm: | |
Faraor, is fíor duit, a GOF. Níor fhoghlaim mé féin é (í?) ar an ábhar céanna. Ach tá Esperantaiseoir ag teastáil uaim anois. Dála an scéil, an raibh a fhios agat go bhfuil Esperanto ag George Soros ó dhúchas? Tógadh leis an teanga sin é! Ar an drochuair domsa, níl aithne pearsanta agam air. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 248 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 03:08 pm: | |
Tá cúpla focal agam in Esperanto agus thig liom giota beag a scríobh, ach níl mo chuid Esperanto rómhaith rud ar bith a aistriú. gaeilgeoir.blogspot.com |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 11:38 pm: | |
Dá mbeifeá taobh amuigh den 'Mangaire Súgach' i lár baile 's againne timpeall am scuir cloisfeá do dhóthain 'Esperanto' agus teangacha eile nárbh eol don gcléir. :-D |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 219 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, November 30, 2008 - 03:39 pm: | |
Duine mór i saol na Gaeilge a bhfuil Esperanto ar a thoil aige ná Seán Ó Riain: http://www.seanoriain.eu/ Níl aon aithne agamsa air, ach deirtear gur duine deas é, agus go ndéanfadh sé rud ar bith ar son na teanga -- aon teanga! Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4308 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 30, 2008 - 09:02 pm: | |
Go raibh maith agat, Michal. Rachaidh mé i dteagmháil leis. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 867 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 10:00 am: | |
Tá sé ag Daithí s'againne, freisin, dar ndóigh. http://keltalingvoj.blogspot.com/ |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 253 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 01:48 pm: | |
Seo blag i cúpla teanga, rinn sé cuid mhór físeán i nGaeilge agus in Esperanto tá siad iontach suimiúil ar fad: http://www.irishpolyglot.com/ga gaeilgeoir.blogspot.com |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4309 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 07:44 pm: | |
Fuair mé é sin freisin, Trigger. Is suimiúil an duine é! Agus thug mé iarracht ar theachtaireacht a chur chuige. Ach theip ar an gceangal, faoi dhó. O bhuel. Scríobh mé chuig Seán Ó Riain inné. Tá súil agam go gcloisfidh mé uaidh, luath nó mall. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|