mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ceist: "Bhain mé sult as an (t-)aistriúchán a réiteach" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 215
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde,

Ceist agam oraibh mar gheall ar chúinne dorcha na gramadaí atá díreach aimsithe agam. Bhí mé i mbun an abairt i dteideal na teachtaireachta seo a scríobh nuair a rith liom nach bhfuil a fhios agam cé acu leagan atá ceart:

(a) bhain mé sult as an aistriúchán a réiteach
(b) bhain mé sult as an t-aistriúchán a réiteach

Mura mbeadh "a réiteach" ag an deireadh, bheadh an scéal soiléir: (a) atá ceart óir tá an t-ainmfhocal faoi réir an réamhfhocail agus é sa tuiseal tabharthach.

Ach sa chás seo agus "a réiteach" ag an deireadh, an bhfuil an t-ainmfhocal fós faoi réir an réamhfhocail? Tá tuairim agam gur faoi réir an bhriathair "réiteach" atá sé, gan éifeacht dhíreach ag an réamhfhocal air. Más ea, ba chóir é a bheith sa tuiseal ainmneach, an claochlú tosaigh dá réir, mar atá in (b).

An bhfuil an ceart agam?

Seans maith go bhfuil treoir le fáil áit éigin i ngraiméar éigin nach eol dom...?

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 158
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 10:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I ngramadach na staire atá an treoir a Mhíchíl.

Is cuid den alt an t sin, int > an t-.
Níor chuid den ainmfhocal é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 216
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 11:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé sin suimiúil, ach caithfidh go bhfuil mé bománta mar ní thuigim cén freagra a thugann sé sin ar mo cheist?

(Message edited by mbm on November 18, 2008)

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 914
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí orm féin an cheist chéanna a chíoradh tamall ó shin!
Rogha (a) a mholanns na Bráithre Críostaí ("leis an mbó a bhleán" an sampla a thugtar), agus ní chuimhin liom go ndeir an Caighdeán huth ná hath leis.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 159
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 12:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ag fanacht taobh leis an mboin, a chairde, gabh mo leithscéal a Mhíchíl, tá a fhios agam nach bhfuil tú bómánta, ná gamhanta fiú amháin! Bhíos gann sa scríobh.

Is leis an alt an t-. Ní hé an 't-' tús an ainmfhocail mar san, ach is é a thús an guta 'a'. Tagaim leat go bhfuil an focal 'aistriúchán' faoi réir an 'a réiteach', gur aonad é 'aistriúchán a réiteach', ach níl an 'an t-' atá roimhe faoina réir.

Aithrítear an t-alt roimhe (an t- san áireamh) mar gheall ar an réamhfhocal 'leis' ar neamhchead do riaradh an ainmbhriathair 'réiteach' ar an ainmfhocal. Ní fhéadfadh 'réiteach' smacht a imirt ar an 't-' mar nach cuid den ainmfhocal é.

D'fhéadfaí iad a scaradh lena chéile go feiceálach d'fhonn an teora idir alt is ainmfhocal a léiriú níos fearr mar so: Sin é an t----- aistriúchán ar bhain mé sult as a réiteach.

Ceart:

Bhain mé sult as an

aistriúchán a réiteach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 855
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 03:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

as réiteach an aistriúcháin. Gan fadhb ar bith!

"Tá an scoil le moladh as an gceist a athbhreithniú agus a phlé go hoscailte." Tuiseal tabharthach, nach ea?
http://www.education.ie/insreports/report2_91496V.htm

"...glacfaidh an Tairgeoir thar cheann Fiontar freagracht as an ábhar a réiteach le foilsiú."
www.dcu.ie/fiontar/jobs/seirbhisi_teic220508.doc

Ní thuigim do mhíniú, a Smac, agus sílim go bhfuil an ceart ag Abigail.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 915
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 05:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an ceart céanna ag Seosamh más ea - táimid ar aon tuairim mura bhfuilimid ar aon mhíniúchán.

Tá ciall lena ndeir sé dar liom, cé go gcaithfidh mé admháil nár mhachnaigh mé air chomh domhain sin riamh. Sprachgefühl a bhí do mo threoir ar dtús, agus nuair a ceistíodh é sin sciuird mé liom isteach faoi dhídéan na ngráiméar ar nós coiligh lá báistí.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 916
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 05:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le "réiteach an aistriúcháin", ní léir go mbeadh an bhrí cheanann céanna leis. D'fhéadfadh go mbeadh, ar ndóigh, ach d'fhéadfadh sé freisin gur duine eile ar fad a rinne an t-áistriúchán a réiteach agus mé ag breathnú ón gclaí air, agus bheinn sásta mar an gcéanna le "réiteach an áistriúcháin."

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 106
Registered: 04-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 05:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is é mo thuairim go bhfuil an clásal "an t-aistriúchán a réiteach" go léir faoi réir an réamhfhocail "as".

Níor bhain tú sult as an t - aistriúchán.

Bhain tú sult as | an t-aistriúchán a réiteach |.

Cíorann Maolmhaodhóg Ó Ruairc an cheist seo i gceann dá leabhair.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 217
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 06:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá dhá phrionsabal i gceist anseo:

1. an bhfuil nó nach bhfuil an réamhfhocal, an t-alt agus an t-ainmfhocal díreach i ndiaidh a chéile

2. an bhfuil nó nach bhfuil an t-ainmfhocal faoi réir an réamhfhocail

Má thuigim argóint Sheosaimh agus Abigaile go dtí seo, is é bhur dtuairim ná gur láidre #1 ná #2. Más ea, "bhain mé sult as an aistriúchán a réiteach" atá ceart. Ceart?

Ar an taobh eile de, deir Ordmondo gur a mhalairt tuairime atá ag Mr. Ó Ruairc. Cén ceann dá labhar ina bhfuil sé sin á chíoradh aige? Is beag scríofa aige nach bhfuil léite agam ach ní cuimhin liom é seo!

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 917
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 06:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Má thuigim argóint Sheosaimh agus Abigaile go dtí seo, is é bhur dtuairim ná gur láidre #1 ná #2. Más ea, "bhain mé sult as an aistriúchán a réiteach" atá ceart. Ceart?

Díreach é, agus is mar sin is dóichí go gcuirfinn féin síos air. Nílim cinnte nach bhfuil "an" is uile faoi réir ag an réamhfhocal - luíonn sé le réasún go mbeadh, ar bhealach amháin - ach má tá féin, tugtar tús áite don riail a deireann "le + an = leis an" nó "i + an = sa" nó cibé acu atá i gceist.

Is fusa é seo a bhrath ar na réamhfhocail áirithe seo a luaigh mé mar go n-athraíonn foirm ar an réamhfhocal féin (e.g. "leis an mbó a bhleán", "chuir sé spéis sa cheird a fhoghlaim") agus is í an riail cheanann céanna atá i bhfeidhm maidir le hurú, séimhiú nó réamhlitir a chur ar an ainmfhocal. Mar a deir Seosamh baineann na hathruithe tosaigh sin uilig leis an alt seachas leis an ainmfhocal féin, agus má bhíonn an t-alt ina alt tabharthach - agus is léir ó na foirmeacha taite seo na réamhfhocail+ailt go mbíonn - beidh athruithe dá réir le brath ar an ainmfhocal.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 918
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 06:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar ais arís ní chuirfeadh sé lá iontais orm an dá nós a bheith beo sa gcaint. Bhí idir "lucht móin a bhaint" agus "lucht móna a bhaint" i mbéal Pheig Sayers.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 161
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 07:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní féidir imeacht as an teach ach bíonn fonn oraibh scríobh.

Ní fhacas oiread daoine ag scríobh ar thaobh na Gaeilge d'aon alp amháin cheana a chairde. Is deas a fheiceáil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 218
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 05:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An-cheart ar fad agat, a Abigail, maidir leis na foirmeacha táite. Chloisfeadh sé sin go han-mhínádúrtha leithéid *bhí deacrachtaí agam le an (t-)aistriúchán a réiteach a rá. Feicim anois an loighic atá taobh thiar den rud ar fad seo.

Míle maith agaibh go léir as bhur gcuid mínithe. Níl an cúinne gramadaí seo chomh dorcha sin níos mó.

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 856
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 12:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Camóg a bheadh de dhíth, b'fhéidir, chun an t- a chur ann:
Bhain mé sult as, an t-aistriúchán a réiteach (mar mhíniú ar cad is 'as' ann).

Ach gan é, aontóinn leis na Bráithre srl. agus na samplaí a fuair mé, gan an t- a úsáid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 109
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, November 22, 2008 - 06:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Céard faoin gcás seo a leanas? Nach é an rud céanna atá i gceist sa chás seo?

Chuaigh me abhaile chun an cat a bheathú.
Chuaigh mé abhaile chun an chait a bheathú.


De réir FGB is féidir an dá leagan a úsáid.

(Sampla FGB: chun an fhírinne a rá / chun na fírinne a rá)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 188
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, November 22, 2008 - 07:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Leis an gcat a chartadh sa bhainne anois a Bhuitléirigh, a chara, ní rachainn abhaile chun an méid sin a dhéanamh, má thigeann tú leat mé.
(Déarfainn amach in áit ar bith é.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2564
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, November 22, 2008 - 08:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liom go ndeirfinn "d'oibir sé leis an fhoclóir a chríochnú".
Bheadh sé mícheart (nó aisteach) ag mo chluais dá n-abróchaí "leis an foclóir a chríochnú".

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 111
Registered: 04-2008
Posted on Sunday, November 23, 2008 - 05:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'ólfadh cat an bainne dá thoil féin agus tá ceart agat faoi sin. Ach cad mar gheall ar na cait nach dtiteann a ndúchas a thuilleadh amach trína súile ná an bainne dúchasach isteach trína mbéil acu - ach amháin an síorKhitekat á chogaint acu?

Is dóibhsean a chaitear an stán a oscailt - chun na fírinne a rá.

(Message edited by ormondo on November 23, 2008)

(Message edited by ormondo on November 23, 2008)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 190
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, November 23, 2008 - 06:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Roinnt abairtí le cartadh isteach chomh maith ach ...

Chuaigh mé abhaile, chun an fhírinne a rá.

Chun an fhírinne a rá, chuaigh mé abhaile.

Déanta na fírinne, chuaigh mé abhaile.

Chun na fhírinne a rá a chuaigh mé abhaile.

Chuaigh mé abhaile leis an gcat a bheathú.

... ach is cuma na miondifríochtaí céille ann nó as an chuid is mó den am. Sílim go dtéann daoine thar fóir le mioncheisteanna sanais in amanna.

Ar eagla go mbeadh daoine ag gabháil thar fóir a scríobhas faoin gcat thuas, an créatúr. Seanfhocal a spreag mé: "Ní maith an rud barraíocht" arsa an cat, nuair a bádh í sa bhainne.

Is deas an rud an cíoradh agus is iontach ar bhealach an cíoradh go léir a dhéanann daoine ar an suíomh so.

B'fhéidir gur chóir do chuid againn blaisíní saibhris a chaitheamh isteach ó am go chéile, seanfhocal thall is abhus, in ionad a bheith ag fanacht le ceisteanna a fhreagairt. Saibhreas a thabhairt isteach as foinsí in ionad daoine a fhágáil ar maos sna ceisteanna sách caolchúiseacha a thig isteach scaití.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 194
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, December 06, 2008 - 05:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sách dona: Chun na fhírinne a rá a chuaigh mé abhaile. (mícheart thuas)

Chun na fírinne a rá, chuaigh mé abhaile. (ceart anois)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 133
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, December 06, 2008 - 06:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ach is féidir dul abhaile leis an bhfírinne a rá (sa bhaile)? Nó faoi mar a déarfaí i gConamara: "na home-truths".

(Message edited by ormondo on December 06, 2008)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge