mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Tá an dearcadh ag athrú « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 150
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, November 16, 2008 - 08:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an dearcadh ag athrú agus an saol dá réir.

Idir na blianta 1972 agus 1979, tháinig borradh 1,225% faoin nGaelscolaíocht.

Má sheasann an fás so go dtí 2010, beidh oiread céanna Gaelscoileanna curtha ar bun sa tréimhse 2000 - 2010 agus a bunaíodh sa tréimhse 1970-1999.

Táid ag súil le 8-10 ngaelscoil a bhunú an bhliain seo chugainn, 2009.

Is iad na tuismitheoirí a bhunaíonn gaelscoil.

http://www.gaelscoileanna.ie/index.php?page=aims&lang=ga


Bítear ag caint ar 'líofa lofa' ach is tús maith an líofacht lofa le hais chúpla foclachas an tseanchórais Bhéarla. Cuimhnímis chomh maith go dtéann a lán de mhuintir na Gaelscolaíochta thar an tairseach líofa lofa sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 103
Registered: 04-2008
Posted on Sunday, November 16, 2008 - 01:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

ach is tús maith an líofacht lofa le hais chúpla foclachas an tseanchórais Bhéarla.



Sin é go díreach.


Tá an líofacht lofa an-choitianta sa chineál Béarla(gair) a úsáidtear go forleathan ach ní deirtear riamh nach fiú leanúint ar aghaidh leis na "Béarlscoileanna" dá bharr!

Is é an rud is tabhachtaí ná go bhfuil (nó go gcuirtear) deiseanna forbartha praiticiúla ar fáil chun an teanga (cibé teanga a bheadh i gceist) a fheabhsú.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 157
Registered: 06-2008
Posted on Monday, November 17, 2008 - 03:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceartú le déanamh ar an téad thuas:

Idir na blianta 1972 agus 1979, tháinig borradh 1,225% faoin nGaelscolaíocht.

>> Idir na blianta 1972 agus 1999, tháinig borradh 1,225% faoin nGaelscolaíocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 854
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 09:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cheap mé gurb amhlaidh ba chóir!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 162
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 07:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Agus bhíos mícheart arís eile a Shéamais. Thugas faoi deara ar leabhrán ag cruinniú Gaelscoile anocht gur 1972 go dtí 2007 an t-achar ama a bhí i gceist.

Níl an chuimhne chomh cruinn is a bhíodh!

Braithim gurb é an ghné is suntasaí ar fad faoin a bhfuil ag titim amach, go bhfuil borradh faoin mborradh féin. Is é sin le rá, nach ag an ráta fáis amháin céanna atá sé i rith an ama, ach go bhfuil an ráta fáis féin ag géarú chomh maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 919
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 07:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Suas leis an dara díorthach!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 164
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 09:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin focal nach raibh agam, cé go reicfinn a leathbhreac briathair, go fíorfíorannamh. 'Tátal' a rithfeadh liom, ach is maith an rud an rogha a bheith againn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7722
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is mar mhatamaiceoir a bhí Abigail ag scríbh, rud a d'fhág gur thuig mise í.

Is dóigh liom gur m'fhéidir gur bhain tú an tátal mí cheart as a raibh le scríobh aici.

An chéad díorthach - an tathrú ar athróg i réimse ama.

An dara díorthach - an tathrú ar an athrú sa réimse ama.

An deacracht a fheicimse ná go bhfuil ráta fáis na scoileanna i bhfadh chun cinn ar ráta fais na muinteoirí oilte, líofa.

Tabhartar thar nais na coláistí ullmhúcháin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 167
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 06:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí amhras orm ceart go leor ach thuigeas as gurbh é an borradh faoin athrú féin a bhí i gceist ceart go leor.

Seo an chéad greim den áireamh nó mata, a d'fhoghlaimíos le blianta, grma.

Is fíor duit a Aonghuis, na coláistí ullmhúcháin, a luaithe is fearr iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 920
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aithníonn an mhata a chéile!

Cuireann sé sin scéilín i gcuimhne dom - faoi pholaitíocht Mheiriceá, má mhaitear dom a leithéid d'ábhar a tharraingt anseo 'chor ar bith tar éis ar cháin mé é an lá cheana.

Fómhar 1972 a bhí ann. Nixon a bhí sa Teach Geal agus é ar intinn aige fanacht ceithre bliana eile ann má b'fhéidir. Mhaígh sé nach raibh cúrsaí eacnamaíochta chomh dona sin dáiríre - go raibh feabhas eicínt curtha aige féin ar an scéal le míonna beaga. Luaigh sé go háirithe go raibh maolú tar éis teacht ar ráta géaraithe an ráta boilscithe.
B'shin an chéad uair is an uair deiridh go bhfios domsa gur fhéach uachtarán Mheiriceá le vótaí a fháil ar bhonn an tríú dhíorthaigh.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2563
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, November 20, 2008 - 05:47 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Is é an rud is tabhachtaí ná go bhfuil (nó go gcuirtear) deiseanna forbartha praiticiúla ar fáil chun an teanga (cibé teanga a bheadh i gceist) a fheabhsú.



Bhail, bheith ag súil gur mian leis na foghlaimeoirí sin iarracht a thabhairt le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is iomaí duine, ar an drochuair, a bíos sásta lena chuid droch-Ghaeilge (agus a mhúineas í). Tá súileas agam go mbeidh na daoiní sin níos umhla agus níos misniúla agus gurb amhlaidh a chuirfeas siad snas ar a gcuid Gaeilge.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge