mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Lá amárach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1498
Registered: 06-2005


Posted on Monday, November 03, 2008 - 05:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'Bhfuil a fhios ag aon duine céard go díreach é an scéal le Lá Nua agus le Comhar? 'bhfuil an dá rud le dúnadh, nó ceann ar bith acu nó céard?

Tá an oiread sin scéalta éagsúla cloiste agam faoin staid seo ná nach bhfuil barúil agamsa!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7624
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 05:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén fáth nach léann tú Lá?

Tá Lá Nua le dúnadh ag deireadh na bliana, nuair atá deireadh leis an gconradh reatha. Tá Meáin Bhéal Feirste ag cailleadh an iomarca airgid air, agus níl Folús na Gaeilge ag maoiniú nuachtán laethiúl níos mó.

Maidir le Comhar, tá an tEagarthóir thar éis éirí as - deir seisean go raibh an Bord ag iarraidh cinsireacht a dhéanamh ar a chuid oibre. De réir lá an lae, tá tuairim eile an an mBord. Beidh le feiscint a dtiocfaidh Comhar as an achrann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1499
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 08:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén fáth nach léann tú Lá?

Is é sin an mhórfhadhb Aonghus. Ní léann ach tuairim is 2,000 é, agus b'fhéidir an leathchuid acu ar líne.

Ní léann Gaeilgeoirí na tíre é. Ní cheannaíonn daltaí, mic léinn, múinteoirí nó muintir na Gaeltachta é. Níl ach thart fá 200 subscriptions faighte acu, aon cheathrú acu thar lear.
Mar sin, an bhfuil éileamh ann? Níl a dhothain éileamh le gnó ar son brábúis ann. An raibh mo dhuine ag fáil luach dár n-airgead cánach? Ní raibh, dar leis an bhForas.

An scéal céanna le SAOL.

Gan airgead an stáit ní bheadh mórán ann i saol na Gaeilge.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7627
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 10:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Céard fútsa?

Nó an é go bhfuil tú sásta brath ar dhaoine eile?

Táimse sásta (agus bhí riamh) mo lámh a chuir i mo phóca agus Lá a cheannach. Cinnte, bím ag clámhsán faoi nuair a fheictear dom go bhfuil sé tuilte acu. Ach rinne siad éacht ar an mbeagán suarach airgid a bhí acu.

Tá sintúis le Comhar agam freisin anois (agus le Feasta agus an Timire, ach sin scéal eile). Bhí mé éirithe as ar feadh seal idir lár na 1990í go dtí an géarchéim is deanaí.

Thaithin cuid mhaith den eagrán reatha liom.



Cén diabhail a bhíonn ar Gaeilgeoirí ag olagán faoi imeacht irisí nach bhfuil siad sásta a cheannach iad féin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4256
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 03:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An scéala is déanaí ó Aindrias Ó Cathasaigh, eagarthóir Comhar:

“Tá scéal faighte agam anois go bhfuil bord Chomhar Teo thar éis géilleadh go ligfear eagrán na Samhna den iris i gcló, cé nár thug mé aon réamhamharc ar an eagrán seo dóibh mar a d’éiligh siad. Níl a fhios agam céard atá le tarlú ina dhiaidh seo, ach cuirfear an t‑eagrán seo i gcló.”

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1500
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Léann mé é uair nó dhó sa tseachtain ar líne. Níl teacht agam air sna siopaí, agus níl teacht agam ar an líne ach amháin nuair atá mé sa mbaile.

Beagán airgid? Ní aontaím. Na céadta míle tugtha dóibh. An-chuid caite ar chóipeanna saor in aisce (2,500 in aghaidh na seachtaine) do dháileacháin sna scoileanna timpeall Átha Cliath agus timpeall na Gaillimhe. Mhéadaigh sin léitheoireacht cinnte. Ach, an bhfuil teastas ABC acu mar gheall ar sin le luach níos airde a chur ar spás fógraíochta? Níl.

Goite, níl mé ag caitheamh anuas ar lucht Lá Nua. Mo mholadh nach beag iad. Ach, ní féidir an locht AR FAD a chur ar an bhForas an uair seo.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 84
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 03:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ná cáintear ailtireacht chathrach nach bhfuil na foirgní tógtha fós inti. Níl ganntanas cáinte ann i measc lucht na Gaeilge maidir leis na foilsiúcháin i nGaeilge ach b'fhéidir go mbeidh ganntanas ábhar cáinte ann amach anseo - de réir dealraimh.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7635
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 03:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dhá céad míle punt sa bhliain más buan mo chuimhne. Seachtar fosaithe lán aimsirthe acu, saor iriseoirí ag scríobh dóibh, gan trácht ar chostas cló agus dáileadh.

Sin beagán airgid.

Ar iarr tú ar siopa riamh é ordú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 851
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 10:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Comhar ar ais agus Aindrias ina eagarthóir air. Fuair mé an chéad eagrán nua tamall ó shin, agus bhí sé go maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7638
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, November 06, 2008 - 05:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ach tá Aindrias éirithe as cheana féin de bharr raic leis an mBord!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 343
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 05:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is trua sin faoi Comhar ach muna dtagann réiteach ar an chás ba cheart don Fhoras an t-airgead a chur amach ar chonradh arís.

Níl aon mhaoiniú faighte ag lucht nós* agus tá siad breá ábalta iris iontach a chur ar fáil dúinn!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 853
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, November 13, 2008 - 02:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Eagrán amháin agus sin uile! Muise. Tá súil agam go mbeidh réiteach eatarthu. Bhí sé chun scéal de mo chuid a fhoilsiú ann!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7682
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, November 13, 2008 - 04:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuala mé go raibh eagrán na Samhna le foilsiú, ach ní fhaca mé fós é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 100
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, November 15, 2008 - 12:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl ach scata beag soithí gaelacha ar mhuir na meán cumarsáide - agus cuirtear dhá cheann díóbh go tóin poill faoi láthair. Dochreidte ar fad!

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7701
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, November 15, 2008 - 12:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scéal ag Conchubhar go bhfuil scéal i bhFoinse go bhfuil Pól Ó Muirí roghnaithe mar eagarthóir "eatramhach" ar Chomhar.

http://igaeilge.wordpress.com/2008/11/15/domhan-dhruisiuil-na-meain-ghaeilge/

Nílim ar aon tuairim leis maidir le fiúntas Phól - ach is fíor dó maidir leis an lárnú míshláinte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 110
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, November 22, 2008 - 07:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mana do bhádóirí an bháid Comhrac:

Dá olc an bealach (eatramhach?), is measa tóin na farraige.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2565
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, November 22, 2008 - 08:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nuair a chonaic mé seoladh 'n tsuímh a luaigh tú, a Aonghuis, thuig mé "domhan drúisiúil na Meán-Ghaeilge" agus thánaic iontas orm :-D D'fhiabhraigh mé domh féin "cad é 'n drúis atá sa Mheán-Ghaeilg???" :-D :-D

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7742
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, November 23, 2008 - 06:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, bhí flúirse Tochmharc scríofa inti...



©Daltaí na Gaeilge