Author |
Message |
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 35 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 02:33 pm: | |
Ceist agam orthu siúd atá ina gcónaí in Éirinn: an féidir libh teacht ar BBC Alba ar Sky? Léigh mé áit éigin go mbeadh sé ar fáil ach damnú má thig liomsa é a fháil. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 109 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, September 30, 2008 - 06:54 am: | |
Níl mé le Sky a Antain ach ar a laghad ar bith, tharraing an seoladh isteach mé chuig Radio nan Gaidheal http://www.bbc.co.uk/radionangaidheal/, istoíche, nuair nach mbíonn aon seirbhís Gaeilge ar fáil againn féin in Éirinn, ar teilifís ná ar an raidió. |
|
Diarmo
Member Username: Diarmo
Post Number: 270 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 03, 2008 - 11:29 am: | |
Tá sé ann go deimhin! |
|
An Croí Ait (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, October 04, 2008 - 01:53 am: | |
Maith agat. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 178 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, October 09, 2008 - 11:46 pm: | |
Brúigh ar 'Services', roghnuigh 'System Setup' agus ansin 'Add Channels' agus cuir isteach a leanas: Frequency: 11.954 Polarisation: H Symbol Rate: 27.5 FEC: 2/3 Beidh sé i n-'Other Channels' i 'Services'. Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 36 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, October 10, 2008 - 03:19 pm: | |
Go raibh céad maith agat, a Shéamuis. Bainfidh mé triail as sin go cinnte. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 209 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, October 13, 2008 - 12:51 pm: | |
James, an dtig liom sin a dhéanamh ar Sky don TG4? GRMA. gaeilgeoir.blogspot.com |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 180 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, October 14, 2008 - 09:47 pm: | |
Féach é seo: Frequency: 10.744 Polarisation: H Symbol Rate: 22.0 FEC: 5/6 Nílim cinnte go n-oibreochaidh sé lasmuigh den Phoblacht. Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 37 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, October 15, 2008 - 07:08 am: | |
Díreach le hinsint duit, a Shéamais, gur éirigh liom teacht ar BBC Alba. Go raibh maith agat as do chomhairle. Is iontach chomh cosúil le chéile is atá an tseirbhís úr agus TG4 - cláracha comhrá, neart ceoil srl. Lena rá go gonta: cláracha raidió ar an teilifís. Ach tá siad ar a ndícheall, bail ó Dhia orthu, agus tá corr-chlár fíormhaith ann. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 69 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 06:27 pm: | |
Bhíos ag breathnú ar Alba tráthnóna inniu agus cluiche sacair ar siúl air. Níorbh fhéidir liom ach cuid de a thuiscint ach tá cuma aithnidiúil ghaelach (ceart go leor!) ag baint leis na fuaimeanna agus le rithim na cainte agus ó am go céile tagann nathanna gearra sothuigthe. Tá foclóir Gàidhlig-Béarla ar shuíomh Googlebooks de chuid MacFarlane ó 1815. An féidir a rá nach raibh an éagsúlacht idir an dá theanga chomh mór san am sin is atá sí sa lá inniu? Nach mbeadh saghas comheagair de dhíth ionas nach ngluaisfidh an dá theanga níos mó as a gcéile amach anseo? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|