Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 08:44 pm:
Dála an scéil, an bhfuil sé ar intinn agaibh greamaitheoirí "general purpose" a chumadh? Is é sin le rá, greamaitheoirí a bheadh úsáideach in áiteanna eile seachas Nua-Eabhrac le haird a dhíriú ar an teanga? Rud éigin greannmhar nó aisteach -- an dearadh go háirithe -- a chuirfeadh fiosracht ar dhaoine?
"An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
An Piarsach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
Posted on Sunday, September 28, 2008 - 03:42 pm:
-------------Dála an scéil, an bhfuil sé ar intinn agaibh greamaitheoirí "general purpose" a chumadh? Is é sin le rá, greamaitheoirí a bheadh úsáideach in áiteanna eile seachas Nua-Eabhrac le haird a dhíriú ar an teanga? Rud éigin greannmhar nó aisteach -- an dearadh go háirithe -- a chuirfeadh fiosracht ar dhaoine?------------------
Tá na greamaitheoirí "As Gaeilge Anois!" le feiceáil achan áit ar fud na hÉireann, go háirid ins an tuaisceart - Ach ní hé sin le ráit nár chóir do na Gaeil níos mó a scaipeadh! :)
Ar dtús, in Iúil, d’aontaigh an MTA abairt amhain (“Téigh ar an MTA go dtí an t-Aonach Mór Éireannach”) a chur ar a bpóstaeir treocha…
“The posters to which you refer are ‘way-finding’ posters that are used to help people get to special events using public transportation. We are not planning to do a poster of this sort in the Irish language. However, we would be happy to include the Irish language as a design element on the posters we do prepare. If you were to send us the text in Irish for "Take the MTA to the Great Irish Fair" we could include it in our posters. ”
…. Ach d’athraigh siad a meon…agus chuir na Ceitheana Coille greamaitheoirí ar fud na Cathrach mar saorsheirbhís don phobal Nua Eabhrac.
Ar ndóigh, beidh deis eile ag an MTA (nó…againn) i Márta 2009.