Author |
Message |
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 30 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, August 27, 2008 - 09:29 am: | |
Tá bhur gcomhairle de dhíth orm, a shaoithe an fhóraim. Nuair a chailleann foireann spóirt a n-áit i sraith nó i roinn amháin, agus nuair a chuirtear síos iad go dtí sraith níos íochtaraí, deir lucht an Bhéarla 'they were relegated'. Cad é mar a déarfaí 'relegation' nó 'relegation play-off' i nGaeilge. Tá 'dícháiliú' in úsáid ar RnaG ach measaim go bhfuil ciall bheag eile leis sin i.e. disqualification. Bheinn buíoch as bhur gcomhairle. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7453 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 27, 2008 - 10:48 am: | |
http://dictionary.reference.com/browse/relegate Tugadh céim síos dóibh? Deacair gaeilge aon fhoclach a chuir air. Isliú céime, agus an cluiche um céim a chinntiú sílim. Ardú céime atá ag focal ar a mhalairt (promotion) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 836 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 27, 2008 - 12:26 pm: | |
"Uiríslíodh iad", meas tú? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7454 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 27, 2008 - 02:51 pm: | |
N'fheadar. Tá san ana láidir - braithim go mbeadh náire ar dhuine a uiríslíodh. |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 25 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, August 28, 2008 - 06:13 am: | |
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 28, 2008 - 03:32 pm: | |
'The team was promoted from the second division' = 'Ardaíodh an fhoireann ón dara roinn.' 'The team was relegated from the first division' = 'Íslíodh an fhoireann ón gcéad roinn.' |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 31 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, August 29, 2008 - 07:39 am: | |
Is maith liom go mór leagan an Grumpy Old Fogey (agus ní chreidim go bhfuil sé chomh cantalach sin ar fad má bhíonn sé chomh fial lena chomhairle). Is deacair, mar a deir Aonghus, na leaganacha timchainteacha seo a fhí isteach in aon téarma amháin mar 'relegation playoff'. Dheamhan dochar é sin ach go mbíonn téarma gonta ag teastáil in amanna, le priontáil ar thicéad don chluiche, cuir i gcás. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7459 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 29, 2008 - 08:42 am: | |
Cad a bheadh cearr le "Cluiche [isliú] céime" sa chás úd? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 2 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, September 13, 2008 - 07:31 pm: | |
I gceisteanna aistriúcháin mar seo ceapaim gur fiú sracfhéachaint a thabhairt ar theangacha eile seachas bheith ag aisbhreathnú go deo ar an síorBhéarla - dá fheabhas é mar mhodh chumarsáide domhanda! - chun dearcadh níos ginearálta a fháil ar fhairsingeacht na múnlaí cainte a bhféadfaí dul i gcomhairle leo maidir le leagan oiriúnach Gaeilge a shainmhíniú nó a shocrú. I nGearmáinis, mar shampla, úsáidtear na leaganacha - agus tabhair faoi deara gur leaganacha neamhaistreacha iad - seo a leanas: Die Mannschaft ist in die zweite Liga abgestiegen. = "Do thuirling an fhoireann go dtí an dara roinnt / sraith." Die Mannschaft ist in die erste Liga aufgestiegen. = "D‘éirigh an fhoireann go dtí an chéad roinnt / sraith." In ionad aistriúcháin focal ar fhocal b‘fhéidir go bhféadfaí cúpla "ad hoc" a dhéanamh de na focail "treascairt" agus "eascairt" agus brí na bhfocal siúd a leathnú le haghaidh an ghnó seo. Mar shampla: D‘éirigh an eascairt sa chéad roinnt leis an bhfoireann úd. Imreoidh mo fhoireann sa chéad roinnt den sraith an bhliain seo chugainn má bhaineann siad an bua amach sa chluiche eascairthe. Treascraíodh an fhoireann ón gcéad roinnt nuair a theip orthu sa chluiche treascartha. Agus, dar ndóigh, is treascairt dá bhfuair siad sna turtóga i Pháirc an Chrócaigh i gcoinne mo chontae! Agus mar sin de. |
|