Author |
Message |
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 24 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 02:46 pm: | |
Tá ceist agam daoibh faoi phíosa téacs ar heritageireland.ie: "Tharla Cath na Bóinne ar an gcéad lá de mhí Iúil 1690 (an t-aonú lá déag de mhí Iúil, de réir fhéilire an lae inniu). Cath a bhí ann idir Liam Concor III agus a athair céile, Rí Séamus II." An bhfuil a fhios agaibh cad é an scéal le 'Concor'? Is Liam Oráiste an t-ainm atá mé cleachta leis. http://www.heritageireland.ie/ga/MidlandsEastCoast/IonadCuairteoiriChathnaBoinne AnSeandroiche/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7439 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 04:00 pm: | |
Botún, sílim. Níl ach "William III" luaite sa leagan Béarla. Liam Concar atá ar an gcéad Liam - an fear Normannach.. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=Liam%20Concar&lang=2 (Message edited by aonghus on August 25, 2008) |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 28, 2008 - 03:25 pm: | |
Ba chóir 'Uilliam Oráiste' nó 'Uilliam III' a scríobh. Ní Gaeilge atá ar an leathanach sin ach aistriúcháinis: nuair a chím an focal 'rochtain', iompaím ar an leagan Béarla ar an toirt. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1031 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 29, 2008 - 11:00 am: | |
Cad a dúirt siad nuair a chuir tú an botún faoin a mbráid? |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 27 Registered: 06-2007
| Posted on Friday, August 29, 2008 - 01:09 pm: | |
Dúirt siad go n-athróidís é go Liam De Bhailís láithreach bonn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1032 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 01, 2008 - 08:02 am: | |
an mbeidh tú sásta leis sin? |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 28 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, September 01, 2008 - 10:55 am: | |
B'fhearr liom Liam Focail-luach |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1033 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 01, 2008 - 11:02 am: | |
Cad a dhéanfaidh tú faoi? |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 29 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, September 01, 2008 - 11:19 am: | |
Mé féin a cheangail le ríomhaire nó dul ar stailc ocrais nó arm a chur le chéile agus an OPW a chur faoi léigear. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1034 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 01, 2008 - 11:26 am: | |
Pá Há gáire ;-) Focail mhóra gan cur leo! ;-) |
|