mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí : Amach go dtí an Deireadh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1016
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, August 20, 2008 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí aeráid na Róimhe dian ar na hÉireannaigh is shocraigh ar chuid acu an fharraige a thabhairt orthu fhéin, mar athrú spéire.

Chuaigh siad go Ostia, ag bun na Tibéire, a bhí ina phort ag an Róimh fiú in am a hImpireachta.

Thrúig said an fhiabhras ansin, áfach is fuair ar a laghad triúr acu bás.


Ba tuirseach nemgnáthach la hierla Tíre Conaill re mac Uí Néill, re mac Uí Domnaill in comhfhat ru-s-bátar i n-a ngnáth-chomhnaidhe isin Róimh. Smúainit agus comairligit torra badhdéin an Róimh d'fágbáil sealat, dol do spaisteóracht agus do glacadh aitherraigh aéir. Gluaisit a ttriar, buachail agus coisighi i n-a gcoimhitecht. Monuar nír soirb sóinmhech a tturus deóraidhechta. Eirgit go baile áirigthi ar comhghar na fairrgi for brú srotha Tipir dar comhainm Ostia cóic míle dég ón Róimh. Dognít gné chomnaidhe ar gach taep don ruibér fri ré dá ló go n-oidqibh. Téit in doctúir onórach Domnall Ua Cerbhaill i n-a ndeghaidh. Térnoidit na maithe si tar ais gusin Róimh. Ní mór gur uo cúis ilghairdis dia gcairdip a ttoisc gusin dau sin óir mesait cách gur do hinadhoip is messa anffalláine aér mór-thimchell na h-Etáille uile an t-inadh sin d'áirigthi. Fóss nír dermait sé sin do thaispénadh dóip-sen óir ro gap fiaprass tessaighi teinntighi neimhneach an t-iarla an t-ochtmadh lá dég don mí chétna dia haoine do shonnradh ar aoi laithi sechtmaine 1608. Ar n-a mhárach dia sathairn gabuis in fiapras cétna mac I Domnaill .i. Cathbarr. Ro leagadh an barún isin ffiaprus an luan ro buí for a gcinn, fós Domnall O Cerbaill go gar n-a dheghaidh. An buachaill agus in coisighi ru-s-bátar maille friú gabait araon fiapras go lán-gairit i n-a dheghaidh. Ro buí an t-ierla go tteinnes ndíchra agus go ndocomal n-adpal fri ré én-lá dég. Dorat a uile choipsena. Gabuis chuice an sacrament naomhtha. Ro scar a anmain fria chorp. Fuair bás do moladh Dé agus na heguilsi ier mbuaidh ó doman agus ó deman timchell medhóin oidque dia luain. Ar n-a mhárach immorro dia máirt lá Sancta Márta an t-ochtmadh lá fichet do mi Iulíí ro hadhlaicedh in t-ierla a mainistir S. Petro Montorio. Sochraiti línmar agus torramh ro-onórach ar n-a n-ordugadh ó naomhthacht in pápa a prosesion onórach go n-imat-línmairecht do lóchrannoibh lasamhain ciera go gcanntaireacht gcaoin-bhinn ttaidiúir ttuirsigh ar gach taeba de. E a n-aibít Sanct Pronséis mar do theguisg féin a cor i n-a urthimchell. Muiriss, buachaill in iarla, d'fagáil báiss in tress lá Augustíí. An t-ochtmhadh lá don mí chétna ro-s-fuair in doctúir diadhachta Domnall O Cerboill mac Uaithne Uí Cherboill ó Moigh Dreithne a n-Urmumain báss et cetera.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1019
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, August 21, 2008 - 09:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea, bhí corrbhuais ar na Gaeil sa Róimh. I ndiaidh samhradh Iodálach, nach raibh cleachtadh ag duine acu air, bhí fonn siúil ar chuid acu.

Maguidhir is a mhac Séamas, chaith siad sacht seachtainí faoin Naplas is ansin shocraigh siad dul go dtí na Spáinne. Fuair siad bád go Genua, ach ansin dóibh, fuair said bás ar an aon lá:

Scéla Meguidir. Ier mbeith dó fri ré secht sechtmain imlán issin Napless smuainis agus comairlighis dol don Spáinn. Gluaississ for fairrgi óthá in Napless do dénamh ar in prímh-chathraig n-oirrdirc n-adhamra darab comhainm Genua. Táinic féin agus a chuidechta a ttír go fedh én-oidque amháin isin áit a gcomraic sruth Tibir frissin ffairgi a n-imfochroib agus a n-imfhoixi an inaidh chétna i n-ar glacatar na maithe adupramar romhainn in droch-aér mímessardha anffalláin. Glacuis tuile agus dássacht fiaprassa neimhnigh náimhdemail Maguidir agus Sémus mac Eimir meic Cúuladh Meg Mathgamna. Treóraigther ier sin gusin prím-chathraigh Genua iat. Fuarator araon báss ier ttabairt a n-uile choipsen agus ier gcomhchaithemh na sacramenti naemtha in dara lá dég Augustíí 1608. Sé huaire an chluig amháin isseadh ro buí etorra gur uo lúaithi fuair Sémus Mag Mathgamna báss nó Maguidhir. Ge tharla tra nár uo línmar a gcuideachta nó a lucht lenamhna issin gcathraigh sin, ar aoi sin tra mar doclos a scéla agus a n-uaissle comchruinnighit suim áirigthi do chléir agus do daoinibh maithi na cathrach i n-a n-urthimchell a prosesion onórach go ro hadhnacht iet agus aibídidhi S. Pronséis umpa a mainistir oirrdirc bhráthor minúr issin chathraigh chétna sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1024
Registered: 06-2006
Posted on Friday, August 22, 2008 - 08:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"An cethramadh lá fichet don mí chétna .i. lá fhéile Parthaláin "

Ar 24 Lúnasa 1608, Lá 'le Parthaláin, thug Aodh Mór cuairt ar an Isola Tiberna, oileán sa Tibéir



©Daltaí na Gaeilge